Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 15:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Muna mbéaḋ go ndearnas ’n‐a measc na h‐oibreaċa naċ ndearna aoinneaċ eile, do ḃéidís gan ṗeacaḋ: aċt anois do ċonnacadar mise agus m’Aṫair, agus ṫugadar fuaṫ ḋúinn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Munab é go ndearna mise ina measc na h-oibreaċa naċ ndearna neaċ ar biṫ eile, ní ḃéaḋ peacaḋ orṫa: aċt anois ċonnaic siad mise agus m’Aṫair, agus ṫug siad fuaṫ dúinn araon.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Dá mba na déanfainn na h-oibreaċa ’n-a measg, oibreaċa nár ḋein aoinne eile, ní ḃeaḋ an peaca orṫa; aċ anois do ċonacadar agus ṫugadar fuaṫ i n-aonḟeaċt, dóṁ-sa agus do m’Aṫair i n-aonḟeaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Muna ḋéarnuinn oibreaċa na measg naċ dearna neaċ ar biṫe eile, ní ḃíaḋ peacaḋ orra: aċd a nois do ċunncadar agus fós do ḟúaṫuiġeadar misi, agus Maṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 15:24
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

atá raḋarc ag dallaiḃ, agus siuḃlann bacaiġ, glantar na loḃair, agus atá éisteaċt ag boḋránaiḃ, aiṫḃeoḋtar na mairḃ, agus atá an soiscéal d’á innsint do na boċtaiḃ.


Óir ṫáinig Eoin ċugaiḃ i mbealaċ na fíréantaċta, agus níor ċreideaḃar é: aċt do ċreid na poibleacáin agus na striapaċa é: agus nuair do ċonnaic siḃ‐se é, ní ḋearna siḃ aiṫriġe ’n‐a ḋiaiḋ sin ċum go gcreidfeaḋ siḃ é.


Agus nuair do cuireaḋ amaċ an deaṁan, do laḃair an balḃán: agus do‐rinne na sluaiġte iongnaḋ ḋe, agus deiridís, Ní facṫas a leiṫéid sin riaṁ i nIsrael.


Agus d’éiriġ seisean ar an láṫair, agus do ṫóg sé a leaba, agus d’imṫiġ sé amaċ i ḃfiaḋnaise a raiḃ ann; i dtreo go raiḃ uaṫḃás orṫa uile, go dtugadar glóir do Ḋia, agus iad ’g‐a ráḋ, Ní ḟacamar a leiṫéid seo riaṁ.


Agus aduḃairt seisean leo, Créad iad na neiṫe? Agus aduḃradar‐san leis, Na neiṫe i dtaoḃ Íosa Nasarḋa do ḃí ’n‐a ḟáiḋ cuṁaċtaċ i ngníoṁ agus i mbriaṫar i láṫair Dé agus daoine:


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Is iomḋa deaġ‐obair ó’n Aṫair do ṫaisbeánas daoiḃ; cia aca obair ḋíoḃ go ḃfuil siḃ ag gaḃáil de ċloċaiḃ orm mar ġeall air?


Muna ndéanaim oibreaċa m’Aṫar, ná creidiḋ mé.


Aċt do ċeap uaċtaráin na sagart de ċóṁairle Lasarus do ċur ċum báis, ċóṁ maiṫ;


Agus an té do‐ċí mise, do‐ċí sé an té do ċuir uaiḋ mé.


Aduḃairt Íosa leis, An ḃfuilim an ḟaid sin ’n‐ḃúr measc, agus gan aiṫne agat orm, a Ṗilib? an té do ċonnaic mise, do ċonnaic sé an t‐Aṫair; cionnas adeir tusa, Taisbeán an t‐Aṫair ḋúinn?


Aċt do‐ġéanaid na neiṫe seo go léir ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se, de ḃriġ naċ ḃfuil aiṫne aca ar an té do ċuir uaiḋ mé.


Muna mbéaḋ go dtáinig mé agus gur laḃair mé leo, ní ḃéaḋ peacaḋ orṫa: aċt anois atáid gan leiṫscéal i dtaoḃ a bpeacaiḋ.


An té go ḃfuil fuaṫ aige ḋaṁ‐sa, atá fuaṫ aige dom’ Aṫair, leis.


i dtaoḃ an ṗeacaiḋ, de ċionn naċ gcreidid ionnam‐sa;


ṫáinig seisean ċum Íosa san oiḋċe, agus aduḃairt sé leis, A Rabbí, atá a ḟios againn gur múinteoir ṫáinig ó Ḋia ṫú: óir ní féidir go ndéanfaḋ aon duine na míorḃailtí ġníos tusa, gan Dia ḃeiṫ leis.


Aċt atá fiaḋnaise agam‐sa is mó ’ná fiaḋnaise Eoin: óir na gnóṫa ṫug m’Aṫair ḋom le cur ċum ċríċe, na gnóṫa féin do‐ġníṁ, do‐ḃeir siad ḟiaḋnaise im’ ṫaoḃ, gur ab é an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé.


Aċt aduḃairt mé liḃ go ḃfaca siḃ mé agus naċ gcreideann siḃ.


Aċt do ḃí a lán de’n tsluaġ do ċreid ann; agus aduḃradar, Nuair ṫiocfas an Críost, an ndéanfaiḋ sé níos mó míorḃailtí ’ná do‐rinne an duine seo?


Ní ċualaṫas ó ṫosaċ an doṁain gur ḟoscail aoinneaċ súile duine rugaḋ ’n‐a ḋall.


Aduḃairt Íosa leo, Dá mbéaḋ siḃ dall, ní ḃéaḋ peacaḋ oraiḃ: aċt anois adeir siḃ, Do‐ċímíd: fanann ḃúr bpeacaḋ.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


A ṗobail Israel, éistiḋ leis na briaṫraiḃ seo: Íosa Nasarḋa, duine do ṁol Dia ḋaoiḃ leis na cuṁaċtaiḃ, agus leis na míorḃailtiḃ, agus leis na cóṁarṫaiḃ, do‐rinne Dia tríd ’n‐ḃúr measc, mar is eol daoiḃ féin;


luċt bíodáin, luċt cúl‐ċainnte, luċt gránna le Dia, tarcuisneaċ, uaiḃreaċ, blaḋmannaċ, luċt ceapṫa olcais, easuṁal d’aiṫreaċaiḃ agus do ṁáiṫreaċaiḃ,


béiḋ siad ’n‐a ḃfealltóiriḃ, béiḋ siad ceanndána, lán d’uaḃar, gur mó a ndúil i bpléisiúr ’ná i nDia;


A ṁná aḋaltrannaċa, naċ eol daoiḃ gur náiṁdeaċas i n‐aġaiḋ Dé cáirdeas an tsaoġail seo? Uime sin, cibé duine gur mian leis ḃeiṫ ’n‐a ċaraid do’n tsaoġal so, do‐ġní sé náṁa Dé ḋe féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ