Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 15:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Ní seirḃísiġ ġlaoḋaim oraiḃ feasta; óir ní h‐eol do’n tseirḃíseaċ céard do‐ġní a ṫiġearna: aċt ṫugas cáirde oraiḃ; óir gaċ a gcualas óm’ Aṫair ṫugas le fios daoiḃ‐se.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Ní ṫaḃarfaiḋ mé seirḃísiġ oraiḃ anois: óir ní fios do’n tseirḃíseaċ cad é ġní a ṫiġearna. Aċt ṫug mé cáirde oraiḃ: óir ċuir mé i n-iúl díḃ gaċ uile níḋ dár ċuala mé ó m’Aṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Ní seirḃísiġ a ṫaḃarfaḋ oraiḃ feasda, óir ní fios do’n tseirḃíseaċ an níḋ a ḋeineann a ṁáiġistir. Aċ is cáirde atá taḃarṫa agam oraiḃ; óir gaċ níḋ d’ár airiġeas féin ó m’Aṫair do ċuireas i n-iúil daoiḃ-se é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Uaḋ so súas ní ġoirfe mé searḃḟoġantuiḋe ḋíḃ, óir ní ḃfuil a ḟios ag an tsearḃḟoġantuiḋ créud do ní a ṫiġearna: aċd do ġoir mé cáirde ḋiḃ; óir na huile neiṫe do ċúaluiḋ mé ó Maṫair, do léig mé a ḃfios ċugaiḃsi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 15:15
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair sé, agus aduḃairt, Tugaḋ ḋaoiḃ‐se eolas ar rúin‐diaṁair ríoġaċta na ḃflaiṫeas, aċt ní tugaḋ ḋóiḃ‐siúd é.


Agus ag iompoḋ ċum a ḋeisceabal dó, aduḃairt sé ós íseal, Is aoiḃinn do na súiliḃ do‐ċí na neiṫe do‐ċí siḃ‐se:


Má ġníonn aoinneaċ seirḃís daṁ‐sa, leanaḋ sé mé; agus an áit ’n‐a ṁbím‐se, béiḋ mo ṡeirḃíseaċ ann, ċóṁ maiṫ: má ġníonn duine ar biṫ seirḃís daṁ‐sa, do‐ḃéarfaiḋ m’Aṫair onóir ḋó.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní mó an seirḃíseaċ ’ná a ṁáiġistir; agus ní mó an teaċtaire ’ná an té do ċuir uaiḋ é.


Cuiṁniġiḋ ar an mbriaṫar aduḃairt mé liḃ, Ní mó an seirḃíseaċ ná a ṁáiġistir. Má rinneadar géir‐leanaṁain orm‐sa, do‐ġéanaid géir‐leanaṁain oraiḃ‐se mar an gcéadna; má ċoiṁéadadar mo ḃriaṫra‐sa, ċoiṁéadfaiḋ siad ḃúr mbriaṫra‐sa, leis.


Is iomḋa niḋ eile atá agam le ráḋ liḃ fós, aċt ní ḟuil ar ċumas daoiḃ a ḟulang anois. Aċt ċeana,


agus d’ḟoillsiġeas t’ainm dóiḃ, agus foillseoċad é; ionnas, an gráḋ ṫugais dom, go mbéiḋ sé ionnta‐san, agus go mbéiḋead‐sa ionnta.


Áduḃairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní ċuaḋas suas ċum an Aṫar fós: aċt téiġ ċum mo ḃráiṫreaċ, agus abair leo, Atáim ag dul suas ċum m’Aṫar‐sa agus ḃúr nAṫar‐sa, agus ċum mo Ḋé‐se agus ḃúr nDé‐se.


Aduḃairt an ḃean leis, A ḋuine uasail, do‐ċím gur fáiḋ ṫú.


Atá mórán agam le ráḋ agus le breaṫnú ’n‐ḃúr dtaoḃ: aċt an té do ċuir uaiḋ mé atá sé fíor; agus na neiṫe do‐ċualas uaiḋ‐sean, is iad sin na neiṫe laḃraim leis an saoġal.


Óir níor staonas ó ċóṁairle Dé go h‐iomlán do noċtaḋ ḋaoiḃ.


Óir an niḋ do‐ġním ní ḟuil a ḟios agam ċréad é: mar ní h‐é an niḋ is mian liom do‐ġním; aċt an niḋ is gráin liom is é do‐ġním.


Óir cia h‐é do ṫuig aigne an Tiġearna, go dtiuḃraḋ sé teagasc dó? Aċt is í aigne Ċríost atá againne.


Agus de ḃriġ gur clann‐ṁac siḃ do ċuir Dia uaiḋ Spiorad a Ṁic isteaċ ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ, g‐á ġlaoḋaċ, Abba, a Aṫair.


tar a éis dó rúindiaṁair a ṫola do noċtaḋ ḋúinn, fá mar ḃí ceapṫa ann féin aige, do réir a ḋéiġṁéine féin,


nár foillsiġeaḋ do ċlannaiḃ daonna ins na h‐aoisiḃ eile, fá mar tá sé foillsiġṫe anois d’á naoṁ‐abstalaiḃ agus d’á naoṁ‐ḟáiḋiḃ tríd an Spiorad:


an rúindiaṁair d’ḟan fá ċeilt ar gaċ aois agus ar gaċ geinealaċ, aċt atá noċtṫa anois d’á naoṁaiḃ;


ní mar ṡeirḃíseaċ feasta, aċt mar ḋuine is mó ’ná seirḃíseaċ, mar ḃráṫair ionṁain, ionṁain liom‐sa, go mórṁór, aċt gur mó is annsa leat‐sa é san ḃfeoil agus san Tiġearna.


Séamas, seirḃíseaċ Dé agus an Tiġearna Íosa Críost, ċum an dá ṫreiḃ ḋéag atá ar deoraiḋeaċt, beaṫa agus sláinte.


Agus do ċóiṁlíonaḋ an scrioptúir, Agus do ċreid Abraċam i nDia, agus do h‐áirṁeaḋ ḋó é mar ḟíréantaċt; agus do glaoḋaḋ cara le Dia air.


ar lorg na h‐aimsire, nó cóṁarṫa na h‐aimsire d’ḟoillsiġ Spiorad Ċríost do ḃí ionnta, nuair ṫug sé fios roiṁ ré i dtaoḃ a raiḃ le fulang ag Críost, agus i dtaoḃ na glóire do ḃí le leanaṁain ’n‐a ḋiaiḋ.


Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost:


Iúdás, seirḃíseaċ Íosa Críost, agus dearḃráṫair Ṡéamais, ċum na ndaoine fuair gairm, atá i ngráḋ Dé an tAṫair, agus atá d’á gcuṁdaċ le h‐aġaiḋ Íosa Críost:


Taisbeánaḋ Íosa Críost, ṫug Dia ḋó ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ d’ḟoillsiú d’á ṡeirḃíseaċaiḃ; agus do noċt d’á ṡeirḃíseaċ Eoin iad le teaċtaireaċt aingil,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ