Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 14:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Do‐ċualaḃar mé g‐á ráḋ liḃ, Atáim ag imṫeaċt agus atáim ag filleaḋ ċugaiḃ. Dá mbéaḋ gráḋ agaiḃ dom, do ḃéaḋ áṫas oraiḃ, toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar: óir is mó an t‐Aṫair ’ná mise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Ċuala síḃ gur ḋuḃairt mé liḃ: Imṫiġim, agus tigim ċugaiḃ. Dá mbéaḋ gráḋ agaiḃ daṁ, is cinnte go mbéaḋ áṫas oraiḃ, de ḃríġ go dtéiġim ċuig an Aṫair: óir is mó an t-Aṫair ná mise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 D’aireaḃair conus mar aduḃart liḃ: Táim ag imṫeaċt, agus ag teaċt ċúġaiḃ. Dá mbead gráḋ agaiḃ dom, ḃeaḋ áṫas oraiḃ toisg mé ḃeiṫ ag dul ag triall ar an Aṫair; óir is mó an t-Aṫair ’ná mise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Do ċúalaḃair go nduḃairt mé riḃ, Imṫiġim, agus ṫigim ċugaiḃ. Dá ngráḋuiġeaḋ siḃ misi, do ḃíaḋ lúaṫġáir oruiḃ, do ḃríġ go nduḃairt mé, Atáim ag dul ċum a Naṫar; óir as mó Maṫair ná misi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 14:28
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Féaċ, mo ṡeirḃíseaċ atá toġṫa agam; An té is ionṁain liom ’n‐a ḃfuil aoiḃneas m’anma: Cuirfead mo Spiorad air, Agus fógróċaiḋ Sé breiṫeaṁnas do na Geintiḃ.


Aċt má ġním iad, muna gcreideann siḃ mise, creidiḋ na h‐oibreaċa: ionnas go mbéiḋ a ḟios agaiḃ agus go dtuigfiḋ siḃ go ḃfuil an t‐Aṫair ionnam‐sa, agus go ḃfuilim‐se san Aṫair.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní mó an seirḃíseaċ ’ná a ṁáiġistir; agus ní mó an teaċtaire ’ná an té do ċuir uaiḋ é.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas ionnam‐sa, na h‐oibreaċa do‐ġním‐se, déanfaiḋ seisean iad mar an gcéadna, agus is mó ’ná iad ḋéanfas sé; toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar.


Ní ḟágfad ’n‐ḃúr ndílleaċtaiḃ siḃ; tiocfad ċugaiḃ.


Aċt ċeana atáim ag innsin na fírinne ḋaoiḃ; Is é ḃúr leas mé d’imṫeaċt: óir muna n‐imṫiġim, ní ṫiocfaiḋ an Sólásaiḋe ċugaiḃ, aċt má imṫiġim, cuirfead ċugaiḃ é.


Áduḃairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní ċuaḋas suas ċum an Aṫar fós: aċt téiġ ċum mo ḃráiṫreaċ, agus abair leo, Atáim ag dul suas ċum m’Aṫar‐sa agus ḃúr nAṫar‐sa, agus ċum mo Ḋé‐se agus ḃúr nDé‐se.


Annsin aduḃairt Íosa arís leo, Síoṫċáin daoiḃ: fá mar ċuir an t‐Aṫair uaiḋ mé, cuirim‐se siḃ‐se uaim mar an gcéadna.


Ar an aḋḃar sin ba ḋéine do ḃí na h‐Iúdaiġ ag tnúṫ le n‐a ċur ċum báis, ní h‐é aṁáin gur ḃris sé an tsabóid, aċt go nduḃairt sé gurḃ é Dia a Aṫair, g‐á ċur féin ar aon dul le Dia.


Annsin aduḃairt Íosa leo, Tamall beag dom ’n‐ḃúr ḃfoċair go fóill, agus annsin imṫeoċad ċuige‐sean do ċuir uaiḋ mé.


Aċt is mian liom a ṫaḃairt le fios daoiḃ, gur ab é Críost ceann gaċ fir; agus gur ab é an fear ceann na mná, agus gur ab é Dia ceann Ċríost.


an té d’á dtugaḃar gráḋ, giḋ naċ ḃfacaḃar é; ag creideaṁain daoiḃ ann, gan a ḟeicsin fós, atá siḃ ag déanaṁ gáirdeaċais le h‐áṫas do‐inniste, lán de ġlóir;


g‐á ráḋ, An méid do‐ċí tú, scríoḃ i leaḃar é, agus cuir ċum na seaċt n‐eaglais é; ċum Eiféise, agus ċum Smiorna, agus ċum Pergamum, agus ċum Tuatíra, agus ċum Sárdis, agus ċum Filadelfia, agus ċum Laodicia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ