Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 14:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 An té go ḃfuil m’aiṫeanta aige, agus ċóiṁlíonas iad, is é sin an té go ḃfuil gráḋ aige ḋom: agus an té go ḃfuil gráḋ aige ḋaṁ‐sa, béiḋ gráḋ ag an Aṫair ḋó‐san, agus béiḋ gráḋ agam‐sa ḋó, agus foillseoċad mé féin dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 An té a ḃfuil m’aiṫeanta aige, agus a ċoiṁéadas iad, is é sin an té a mbíonn gráḋ aige daṁ. Agus an té a mbíonn gráḋ aige daṁ, béiḋ gráḋ ag m’Aṫair dó-san, agus béiḋ gráḋ agam-sa dó: agus foillseoċaiḋ mé mé féin dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 An t-é go ḃfuil m’aiṫeanta-sa aige agus do ċoimeádann iad, siné an t-é go ḃfuil grád aige ḋom; agus an t-é go ḃfuil grád aige ḋom, beiḋ gráḋ agam’ Aṫair dó; agus beiḋ gráḋ agam-sa ḋó agus taisbeánfad mé féin dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Giḋ bé agá ḃfuilid maiṫeantasa, agus ċoiṁéadas íad, as é sin ġráḋuiġeas misi: agus giḋ be ġráḋuiġeas mise gráiḋéoċaiḋ Maṫair eisean, agus gráiḋéoċuiḋ misi é, agus foillseoċad mé féin dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 14:21
43 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt aduḃairt seisean, Abair ’n‐a ionad sin, Is beannuiġṫe iad‐san éisteas le briaṫar Dé agus ċoiṁéadas é.


Má tá gráḋ agaiḃ dom, coiṁéadfaiḋ siḃ m’aiṫeanta.


Ní ḟágfad ’n‐ḃúr ndílleaċtaiḃ siḃ; tiocfad ċugaiḃ.


Is siḃ‐se mo ċáirde má ġníonn siḃ a n‐órduiġim daoiḃ.


Do‐ḃéarfaiḋ sé glóir ḋaṁ‐sa: óir glacfaiḋ sé dem’ ċuid‐se, agus noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ é.


óir atá gráḋ ag an Aṫair féin daoiḃ, de ḃriġ go raiḃ gráḋ agaiḃ‐se ḋaṁ‐sa, agus gur ċreideaḃar gur ó Ḋia ṫáinig mé.


mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; ċum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéaḋ a ḟios ag an saoġal gur ċuiris uait mé, agus go dtugais gráḋ ḋóiḃ‐sean, fá mar ṫugais gráḋ ḋaṁ‐sa.


agus go ḃfacas é g‐á ráḋ liom, Brostuiġ ort, agus imṫiġ go luaṫ as Iarúsalem: óir ní ġlacfaiḋ siad do ṫeistiméireaċt im’ ṫaoḃ.


D’impiḋeas ar an Tiġearna ’n‐a ṫaoḃ sin trí h‐uaire go dtógfaiḋe uaim é,


Aċt sinne uile, ag dearcaḋ, mar ḃéaḋ i scaṫán, ar ġlóir an Tiġearna, gan folaċ ḃeiṫ ar ár ngnúis, atáimíd d’ár n‐aistriú san íoṁáiġ ċéadna ó ġlóir go glóir, mar ḃéaḋ ó’n Tiġearna an Spiorad.


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


Anois go dtugaiḋ ár dTiġearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAṫair, do ġráḋuiġ sinn, agus ṫug sólás síorraiḋe agus deaġ‐ḋóċas dúinn tré ġrása, go dtugaiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ,


Go raiḃ an Tiġearna led’ spiorad. Grása go raiḃ liḃ.


Aċt an té ċoiṁeádas a ḃriaṫar, is ann atá gráḋ Dé críoċnuiġṫe. Is air so aiṫniġmíd go ḃfuilmíd ann:


Féaċaiḋ méid an ġráḋa ṫug an tAṫair dúinn, go nglaoḋfaiḋe clann Dé orainn: agus atá an scéal aṁlaiḋ ’n‐ár dtaoḃ. Ar an aḋḃar sin ní aiṫniġeann an saoġal sinn, toisc nár aiṫniġ sé eisean.


Óir is é seo gráḋ Dé, sinne do ċoiṁeád a aiṫeanta: agus ní ḟuil a aiṫeanta trom.


Agus is é is gráḋ ann, siuḃal do réir a aiṫeanta. Is í seo an aiṫne, mar ċualaḃar ó ṫús, gur dual daoiḃ siuḃal d’á réir.


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san cuid de’n ṁanna foluiġṫe, agus do‐ḃéarfad ḋó cloċ ġeal, agus ainm nua scríoḃṫa ar an gcloiċ, naċ ḃfuil eolas air ag aoinneaċ, aċt ag an té ġeiḃeas í.


Is beannuiġṫe na daoine niġeas a róbaí, ċum go mbéiḋ cead ċum crainn na beaṫaḋ aca, agus go raċaiḋ siad ṫar na geataiḃ isteaċ san gcaṫair.


Féaċ, atáim im’ ṡeasaṁ ag an doras ag bualaḋ: má éisteann aon duine lem’ ġuṫ, agus an doras d’ḟoscailt, tiocfad isteaċ ċuige, agus íosad suipéar i n‐éinḟeaċt leis, agus íosaiḋ seisean i n‐éinḟeaċt liom‐sa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ