Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 12:48 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 An té ḋiúltas dom, agus naċ nglacann lem’ ḃriaṫraiḃ, atá aige an té do‐ḃeir breiṫ air: an briaṫar aduḃart‐sa, do‐ḃéarfaiḋ an briaṫar sin breiṫ air an lá déiḋeannaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

48 An té a ḋiúltas mise, agus naċ nglacann mo ḃriaṫra: tá sin aige a beir breiṫeaṁnas air; an briaṫar a laḃair mise, ḃéarfaiḋ sé breiṫeaṁnas air ar an lá deireannaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 An t-é ná tugann toraḋ orm-sa agus ná glacann mo ḃréiṫre, tá aige an t-é a ṫugann breiṫ air; an briaṫar atá ráiḋte agam-sa, taḃarfaiḋ an briaṫar san breiṫ air an lá déanaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

48 Giḋ bé ḋíultus mé, agus naċ gaḃann ċuige mo ḃríaṫra, atá aige neaċ ḋáorus é: an ḃríaṫar do laḃair mé, as í ḋáorfus é sa ló deiġeanaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 12:48
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is fearr go mór éireoċas le tír Ṡodom agus Ġomorra, lá an ḃreiṫeaṁnais, ’ná leis an gcaṫair sin.


Aduḃairt Íosa leo, Nár léiġeaḃar riaṁ ins na scrioptúiriḃ, An ċloċ d’ár ḋiúltuiġ na saoir, Atá cloċ ċinn ċúinne déanta ḋí: Is ó’n Tiġearna ṫáinig sí, Agus is iongnantaċ é ’n‐ár súiliḃ.


Aċt nuair ṫiocfas Mac an Duine ’n‐a ġlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinḟeaċt leis, suiḋfiḋ sé annsin i gcaṫaoir a ġlóire:


An é nár léiġeaḃar an scrioptúir seo: An ċloċ d’ar ḋiúltaiġ na saoir, Atá cloċ ċinn ċúinne déanta ḋí:


An té ċreidfeas agus baistfear, saorfar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, daorfar é.


Agus do ṫosnuiġ sé ar a innsint dóiḃ, go gcaiṫfeaḋ Mac an Duine mórán d’ḟulang, agus diúltaḋ d’ḟáġáil ó na seanóiriḃ, agus ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus ó na scríoḃaiḋṫiḃ, agus go gcuirfiḋe ċum báis é, agus go n‐éireoċaḋ sé tar éis trí lá.


An té éisteas liḃse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daoiḃ, is daṁ‐sa ḋiúltuiġeas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daṁ‐sa, diúltuiġeann sé do’n té do ċuir uaiḋ mé.


Aċt caiṫfiḋ sé ar dtús mórán d’ḟulang, agus diúltaḋ d’ḟáġáil ó’n slioċt so.


Aċt do ḋearc seisean orṫa agus aduḃairt sé, Má’s eaḋ, cad é seo atá scríoḃta, An ċloċ dár ḋiúltuiġ na saoir, Atá cloċ ċinn ċúinne déanta ḋí?


Aċt do ḋiúltuiġ na Fairisíniġ agus ollaṁain na dliġe de’n ċóṁairle do ċinn Dia ’n‐a dtaoḃ féin gan baisteaḋ do ġlacaḋ uaiḋ.)


g‐á ráḋ, Caiṫfiḋ Mac an Duine mórán d’ḟulang, agus go séanfaḋ na seanóirí, agus uaċtaráin na sagart, agus na scríoḃaiḋṫe é, agus go marḃóċaiḋe é, agus go n‐aiséireoċaḋ sé an tríoṁaḋ lá.


Óir cibé duine gur nár leis mise agus mo ḃriaṫra, buḋ nár le Mac an Duine eisean, nuair ṫiocfas sé ’n‐a ġlóir féin, agus i nglóir a Aṫar agus na naoṁ‐aingeal.


Aduḃairt Marta leis, Atá a ḟios agam go n‐éireoċaiḋ sé arís san aiséirġe an lá deireannaċ.


Ná measaiḋ go gcionntóċad‐sa siḃ i láṫair m’Aṫar: atá duine ċionntuiġeas siḃ, eaḋon, Maois, an té go ḃfuil muiniġin agaiḃ as.


Agus is é toil an té do ċuir uaiḋ mé naċ gcaillfinn aoinneaċ díoḃ‐san atá taḃarṫa aige ḋom, aċt go dtógfainn suas é an lá deiriḋ.


An té is ó Ḋia éisteann sé le briaṫraiḃ Dé: is uime sin naċ n‐éisteann siḃ, óir ní ó Ḋia sí.


de ḃriġ go ḃfuil lá ceapṫa aige ’n‐a dtiuḃraiḋ sé breiṫeaṁnas de réir cirt ar an saoġal tríd an ḃfear atá réaṁ‐órduiġṫe aige; agus do ḋearḃuiġ sé é do gaċ uile ḋuine, g‐á ṫógáil ó na marḃaiḃ.


Agus tiocfaiḋ ċum críċe, gaċ aon duine naċ n‐éistfiḋ leis an ḃfáiḋ sin, go scriosfar é as an bpobal.


nó g‐á gcosaint; san ló ’n‐a dtiuḃraiḋ Dia breiṫ ar rúnaiḃ na ndaoine, tré Íosa Críost, do réir mo ṡoiscéil‐se.


Aċt má tá ár soiscéal fá ḟolaċ, is ins an dream atá ag dul amuġa atá sé fá ḟolaċ:


i lasraċaiḃ teineaḋ, ag agairt díoġaltais ar an dream nár ċuir eolas ar Ḋia, agus ar na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal ár dTiġearna Íosa:


gan cóṁċruinniú: gceann a ċéile do ṫréigean, ar nós daoine áiriṫe, aċt ḃeiṫ ag gríosaḋ a ċéile; go mórṁór de ḃriġ go ḃfeiceann siḃ an lá ag druidim linn.


Taḃraiḋ aire gan eiteaċ do ṫaḃairt do’n té laḃras. Óir muna dtáinig an dream slán do ḋiúltuiġ do’n té ṫug raḃaḋ dóiḃ ar talaṁ, is luġa‐de ṫioċfaimíd‐ne slán má ṫugaimíd cúl do’n té do‐ḃeir raḃaḋ ó neaṁ anuas:


cionnas éalóċaimíd‐ne má ḋéanaimíd failliġe i slánuġaḋ ċóṁ mór sin? do fógruiġeaḋ ar dtús tríd an Tiġearna, agus do dearḃuiġeaḋ ḋúinn tré na daoiniḃ do ċuala é;


Óir atá briaṫar Dé beo, bríoġṁar, níos géire ’ná aon ċlaiḋeaṁ ḋá ḟaoḃar. Téiġeann sé isteaċ idir an anam agus an spiorad, idir na h‐ailt, agus an smior, agus scrúduiġeann sé smaointe agus meon an ċroiḋe.


atá d’ḃur gcuṁdaċ le cuṁaċt Dé tré ċreideaṁ fá ċóṁair slánuiġṫe atá ullaṁ le n‐a ḟoillsiú ins an aimsir ḋeiriḋ.


agus a ḟios agaiḃ ar dtús go dtiocfaiḋ luċt magaiḋ le sgige ins na laeṫiḃ deireannaċa, ag leanaṁain d’á n‐ainṁiantaiḃ féin,


gur fá ċóṁair teineaḋ atá siad d’á gcoiṁeád ag an mbriaṫar céadna sin, d’á gcongḃáil go dtí lá breiṫeaṁnais agus scriosta na ndaoine neiṁ‐ḋiaḋa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ