Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 12:40 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

40 Do ḋall sé a súile, agus ċruaḋuiġ sé a gcroiḋe; Ionnas naċ ḃfeicfidís le n‐a súiliḃ, ná naċ dtuigfidís le n‐a gcroiḋe, Agus naċ gcasfaidís, Agus naċ leiġeasfainn iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

40 Ḋall sé a súla, agus ċruaiḋiġ sé a gcroiḋe, ċun naċ ḃfeiceaḋ siad le n-a súla, agus naċ dtuigeaḋ siad le n-a gcroiḋe, agus go dtionntuiġeaḋ siad, agus go slánuiġinn iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

40 Do ḋall sé a súile, agus do ḋúr sé a gcroiḋe, sar a ḃfeicfidís le n-a súiliḃ agus sar a dtuigfidís ’n-a gcroiḋe, agus go n-iompóċaidís, agus go saorfainn iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

40 Do ḋall sé a súile, agus do ċrúaḋaiġ sé a gcrioḋe; deagla go ḃfaicfidis lé na súiliḃ, agus go dtuigfidis lé na gcroiḋṫiḃ, agus go ḃfillfidis, agus go sláineoċuinn íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 12:40
44 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Leigiḋ ḋóiḃ siúd: treoraiḋṫe dalla is eaḋ iad. Agus má ṫreoruiġeann dall dall eile, tuitfid araon sa díg.


ionnas, ag féaċain dóiḃ, go ndearcfaidís agus naċ ḃfeicfidís; agus ag éisteaċt dóiḃ, go n‐éistfidís agus naċ dtuigfidís; ar eagla go n‐iompóċaidís, agus go maiṫfiḋe a bpeacaiḋe ḋóiḃ.


óir níor ṫuigeadar i dtaoḃ na mbollóg, aċt do ḃí a gcroiḋe dúr.


Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,


Agus aduḃairt sé, Tugaḋ daoiḃ‐se rúin‐diaṁra ríoġaċta Dé d’aiṫint: aċt do ḋaoiniḃ eile i saṁlaoidiḃ; ionnas, ag féaċain dóiḃ naċ ḃfeicfidís, agus ag éisteaċt dóiḃ naċ dtuigfidís.


Ba é fáṫ nár ḟéadadar creideaṁain, go nduḃairt Ésáias i n‐áit eile.


Agus aduḃairt Íosa, Ċum breiṫeaṁnas do ṫaḃairt ṫánag‐sa ar an saoġal so, ċum go ḃfeicfiḋ siad‐san naċ ḃfeiceann, agus go ndallfar iad‐san do‐ċí.


D’imṫiġeadar, mar sin, agus luċt na h‐eaglaise d’á dtionnlacan, agus do ġaḃadar tré Ḟoinicia agus tré Ṡamária, g‐á innsin cionnas h‐iompuiġeaḋ na Cineaḋaċa: agus do ċuireadar áṫas mór ar na bráiṫreaċaiḃ go léir.


g‐á ráḋ, Téiġ ċum an ṗobail seo, agus abair, Cluinfiḋ siḃ ag cluinsin, agus ní ṫuigfiḋ siḃ ar aon ċor; Agus do‐ċífiḋ siḃ ag féaċam, agus ní ṫiuḃraiḋ siḃ fá deara:


Déanaiḋ aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, agus iompuiġiḋ, ċum go nglanfar ḃúr bpeacaiḋe, agus ċum go dtiocfaiḋ tráṫa fionnḟuaire ó ḟiaḋnaise an Tiġearna;


Uime sin do‐ġní sé trócaire ar an té is toil leis, agus cruaḋann sé an té is toil leis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ