Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 12:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 D’ḟreagair an sluaġ é, Do ṫuigeamar ó’n dliġe go ḃfanann an Críost de ṡíor: agus adeir tusa go gcaiṫfear Mac an Duine d’árdú? cia h‐é Mac so an Duine?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 D’ḟreagair an sluaġ é: Ċualamar ó’n dliġe go maireann an Críost a ċoiḋċe: agus cad é mar deir tusa: Is éigean Mac an Duine a ṫógáil i n-áírde? Cé h-é an Mac sin an Duine?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 D’ḟreagair na daoine é: D’airiġeamair-ne as an ndlíġ Críost a ḃeiṫ ann do ṡíor: agus conus a deirir-se naċ foláir Mac an Duine d’árdú? Cé h-é an Mac san an Duine?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Do ḟreaguir an pobal é, Do ċúalamairne ón dliġeaḋ go ḃfanann Críosd go siorraiḋe: agus cionnus a deir tusa, Gur ab éigean Mac an duine do ṫógḃáil a nairde? Cía hé an Mac so an duine?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 12:34
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair ṫáinig Íosa isteaċ i gcríoċaiḃ Ċaesarea Ṗilib, d’ḟiafruiġ sé d’á ḋeisceablaiḃ, g‐á ráḋ, Cia h‐é adeir na daoine gur Mac an Duine?


Agus nuair ṫáinig sé go h‐Iarúsalem, do ḃí corruiġe mór ar fud na caṫraċ ar fad, gaċ aoinneaċ g‐á ráḋ, Cia h‐é seo?


Agus aduḃairt Íosa leis, Atá uaċaise ag na sionnaċaiḃ, agus atá neada ag éanlaiṫiḃ na spéire; aċt ní ḟuil ag Mac an Duine áit ar a leagfaḋ sé a ċeann.


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Naċ ḃfuil scríoḃṫa ’n‐ḃúr ndliġe, Aduḃras, Is déiṫe siḃ?


Agus mise, má árduiġṫear mé ó’n talaṁ, tarraingeoċad ċugam na daoine uile.


Aċt ċuige sin ṫarla, ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an briaṫar atá scríoḃṫa ’n‐a ndliġe, Ṫugadar fuaṫ ḋom gan ċúis.


Uime sin aduḃairt Íosa, Nuair árdócaiḋ siḃ Mac an Duine, béiḋ a ḟios agaiḃ annsin gur mise é, agus naċ ndéanaim éinniḋ uaim féin, aċt gur fá mar ṫeagaisc an t‐Aṫair dom, laḃraim na neiṫe seo.


Anois, atá a ḟios againn, cibé niḋ adeir an dliġe, gur leis an dream atá fá’n dliġe adeir sí é; ċum go ndúntar gaċ béal agus go dtugtar an doṁan uile fá ḃreiṫeaṁnas Dé:


Uime sin, díreaċ mar gur tré ċionnta duine aṁáin ṫáinig an daoraḋ ar an uile ḋuine; ar an gcuma ċéadna is tré ġníoṁ duine aṁáin ṫáinig an fíréanú do‐ḃeir beaṫa do’n uile ḋuine tré ġníoṁ fíréantaċta aṁáin.


aċt de ḃriġ go maireann seisean go síorraiḋe, atá sagartaċt síor‐ḃuan aige.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ