Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 12:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do ṫóg Máire púnt d’uinnimint náird ġlain, an‐luaċṁair, agus d’ong sí cosa Íosa, agus do ṫriomuiġ sí a ċosa le n‐a gruaig; agus do líonaḋ an teaċ de ċuṁraċt na h‐uinniminte.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Ar an aḋḃar sin, ġlac Máire punta ungṫa de spíocnárd ḟíor, luaċṁar, agus rinne sí cosa Íosa d’ungaḋ, agus ṫriomuiġ sí a ċosa le n-a gruaig: agus líonaḋ an teaċ le cuṁraċt an ungṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus ṫóg Máire púnt meaġċaint d’ola ana-uasal, de spícnárd ḋílis, agus ċuir sí ar ċosaiḃ Íosa é, agus ansan do ċimil si a ċosa le n-a gruaig; agus do líonaḋ an tiġ de ḃaluiṫ ċúṁra an spícnáird.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Ann sin do ġlac Muire punta duinnement náird ḟírinniġ, roúasail, agus do ung si cosa Iósa, agus do ṫiorrmuiġ sí a ċosa lé na grúaig: agus do ḃí an teaċ ar na líonaḋ do ḃalaḋ na huinnemeinte.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 12:3
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

aċt ní ḟuil gáḃaḋ aċt le h‐aon niḋ aṁáin: óir do ṫoġ Máire an ċuid is fearr, agus ní tógfar uaiṫi é.


Níor ongais‐se mo ċeann le h‐ola: aċt d’ong sise mo ċosa le h‐uinneimeint.


Máire d’ong an Tiġearna le h‐uinnimint, agus do ṫriomuiġ a ċosa le n‐a gruaig, do b’í sin an té go raiḃ a dearḃráṫair Lasarus breoite.


Agus nuair aduḃairt sí sin, d’imṫiġ sí, agus do ġlaoḋ sí ós íseal ar Ṁáire, a deirḃṡiúr, g‐á ráḋ, Atá an Máiġistir annso, agus atá sé ag glaoḋaċ ort.


Agus nuair ṫáinig Máire go dtí an áit ’n‐a raiḃ Íosa, do ċaiṫ sí í féin ag a ċosaiḃ, g‐á ráḋ leis, A Ṫiġearna, dá mbéiṫeá annso, ní ḃfaiġeaḋ mo ḋearḃráṫair bás.


Agus ṫáinig Nicodémus, leis, an té úd ṫáinig ar dtús ċum Íosa san oiḋċe, agus tuairim céad púnt de ṁeascán mirr agus alóes aige.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ