Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 12:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Má ġníonn aoinneaċ seirḃís daṁ‐sa, leanaḋ sé mé; agus an áit ’n‐a ṁbím‐se, béiḋ mo ṡeirḃíseaċ ann, ċóṁ maiṫ: má ġníonn duine ar biṫ seirḃís daṁ‐sa, do‐ḃéarfaiḋ m’Aṫair onóir ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Má ġní aoinneaċ seirḃís daṁ-sa, leanaḋ sé mé: agus mar a mbím-se, béiḋ mo ṡeirḃíseaċ ann fosta. Má ġní aoinneaċ seirḃís daṁ-sa, ḃéarfaiḋ m’Aṫair onóir dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Má ḟrioṫálann duine mise, leanaḋ sé mé; agus an áit i n-a ḃfuilim-se is ann a ḃeiḋ an t-é a ḟrioṫálfaiḋ. Má ḋeineann duine frioṫálaṁ orm-sa taḃarfaiḋ m’Aṫair onóir dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Giḋ bé ní seirḃís daṁsa, leanaḋ sé mé; agus mar a mbía misi, bíaiḋ mo ṡeirḃiseaċ ann mar an gcéadna: giḋ bé ḋéanas seirḃís daṁ, ḃéura Maṫair onóir ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 12:26
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin aduḃairt Íosa le n‐a ḋeisceablaiḃ, Má’s mian le h‐aoinneaċ teaċt im’ ḋiaiḋ‐se, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mise.


Aduḃairt a ṫiġearna leis, Go maiṫ, a ṡearḃónta ċóir, ḋílis: do ḃís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin ṫú: téir isteaċ i n‐aoiḃneas do ṫiġearna.


Agus do ġlaoḋ sé ċuige an sluaġ agus a ḋeisceabail, agus aduḃairt sé leo, Má’s áil le h‐aoinneaċ mise do leanaṁain, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé.


Is aoiḃinn do na seirḃíseaċaiḃ sin go ḃfaiġiḋ a dtiġearna iad ag áirdeall nuair ṫiocfas sé: go fírinneaċ adeirim liḃ go gcuirfiḋ sé a ċrios air féin, agus go gcuirfiḋ sé ’n‐a suiḋe ċum biḋ iad, agus go dtiocfaiḋ sé ag déanaṁ freastail orṫa.


Agus cad ċuige a nglaoḋann siḃ orm, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, agus naċ ndéanann siḃ a n‐abraim liḃ?


Agus aduḃairt sé leo uile, Má’s áil le h‐aoinneaċ mise do leanṁain, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros gaċ lá, agus leanaḋ sé mé.


Éisteann mo ċaoiriġ‐se lem’ ġlóir, agus aiṫniġim‐se iad, agus leanann siad mé:


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní mó an seirḃíseaċ ’ná a ṁáiġistir; agus ní mó an teaċtaire ’ná an té do ċuir uaiḋ é.


Má tá gráḋ agaiḃ dom, coiṁéadfaiḋ siḃ m’aiṫeanta.


Agus má imṫiġim le áit do ċur i n‐áiriṫe ḋaoiḃ, fillfead agus glacfad ċugam féin siḃ; ċum go mbéiḋ siḃ‐se mar a mbéiḋead‐sa, leis.


Cuiṁniġiḋ ar an mbriaṫar aduḃairt mé liḃ, Ní mó an seirḃíseaċ ná a ṁáiġistir. Má rinneadar géir‐leanaṁain orm‐sa, do‐ġéanaid géir‐leanaṁain oraiḃ‐se mar an gcéadna; má ċoiṁéadadar mo ḃriaṫra‐sa, ċoiṁéadfaiḋ siad ḃúr mbriaṫra‐sa, leis.


A Aṫair, is é is mian liom na daoine ṫugais dom do ḃeiṫ mar a ḃfuilim; go ḃfeicfiḋ siad mo ġlóir, a ṫugais‐se ḋom: óis ṫugais gráḋ ḋom roiṁ ċruṫú an doṁain.


Aduḃairt Íosa leis, Má’s toil liom é d’ḟanaṁain go dtiocfad, caidé sin duit‐se?


Pól seirḃíseaċ Íosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐a abstal, do cuireaḋ ar leiṫ le h‐aġaiḋ soiscéil Dé,


Óir an té do‐ġní seirḃís do Ċríost ar an gcuma sin, do‐ḃeir Dia taiṫneaṁ ḋó, águs bíonn urraim ag daoiniḃ ḋó.


Óir ní sinn féin ḟógraimíd, aċt Íosa Críost mar Ṫiġearna, agus sinn féin mar ṡeirḃísiġ ḋaoiḃ ar son Íosa.


atá meanma againn, agus is mó dob’ áil linn ḃeiṫ as baile ó’n gcolainn agus ḃeiṫ ’n‐ár gcóṁnaiḋe san Tiġearna.


Óir an é do ḋaoiniḃ, nó do Ḋia go ḃfuilim d’iarraiḋ sásaṁ do ṫaḃairt? nó an ḃfuilim d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ? Dá mbéinn fós d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ, ní ḃéinn im’ ṡeirḃíseaċ ag Críost.


Atáim idir an dá roġa, ag dúil le h‐imṫeaċt agus ḃeiṫ i ḃfoċair Ċríost;


agus ní do ḋaoiniḃ é; agus a ḟios agaiḃ go ḃfaiġiḋ siḃ an oiḋreaċt mar luaiġeaċt ó’n Tiġearna: is do’n Tiġearna Críost atá siḃ ag déanaṁ seirḃíse.


Epafras, duine ḋíḃ féin, seirḃíseaċ Íosa Críost, beannuiġeann seisean daoiḃ, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaiġṫiḃ ar ḃur son, g‐á ġuiḋe go seasfaiḋ siḃ go diongḃálta, lán‐dearḃṫa de ṫoil Dé.


Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost:


Óir is é seo gráḋ Dé, sinne do ċoiṁeád a aiṫeanta: agus ní ḟuil a aiṫeanta trom.


Iúdás, seirḃíseaċ Íosa Críost, agus dearḃráṫair Ṡéamais, ċum na ndaoine fuair gairm, atá i ngráḋ Dé an tAṫair, agus atá d’á gcuṁdaċ le h‐aġaiḋ Íosa Críost:


Is iad‐san iad nár ṡaluiġ iad féin le mnáiḃ; óir is ar staid óġaċta atáid. Is iad‐san leanas an tUan cibé áit ’n‐a dtéiġeann sé. Is iad do ceannuiġeaḋ as lár na ndaoine ċum ḃeiṫ ’n‐a gcéad‐ṫorṫaiḃ do Ḋia agus do’n Uan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ