Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 12:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 An té gur mór aige a anam cailleann sé é; agus an té gur beag air a anam sa tsaoġal so, coiṁéadfaiḋ sé ċum na beaṫaḋ síorraiḋé é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Fanann sé leis féin; aċc má ġeiḃ sé bás, ḃeir sé toráḋ mór uaiḋ. An té a ġráḋuiġeas a ḃeaṫa, caillfiḋ sé í; agus an té a ḃeir fuaṫ dá ḃeaṫa féin ar an tsaoġal seo, taisciġeann sé í ċun na beaṫa síorraiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Ní ḃíonn ann aċ é féin; aċ má ġeiḃeann sé bás tugann sé toraḋ mór uaiḋ. An t-é a ġráḋann a anam féin caillfiḋ sé é; agus an t-é a ḋ’ḟuaṫuiġeann a anam féin ar an saoġal so, coimeádann sé é i gcóir na beaṫa síoruiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Giḋ bé ġráḋuiġeas a anam féin caillfiḋ sé é; agus giḋ bé ḟuáṫuiġeas a anam féin ar an sáoġalso coiṁéudfaiḋ sé é ċum na beaṫa marṫanuiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 12:25
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cibé duine ġeoḃas a anam caillfiḋ sé é; agus cibé ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa, do‐ġeoḃaiḋ sé é.


Óir, cibé duine gur mian leis a anam do ṡaoraḋ, caillfiḋ sé é; agus cibé duine ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa, saorfaiḋ sé é.


Agus gaċ duine do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫre, nó deirḃṡeaṫraċa, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, ġeoḃaiḋ sé a gcéad oiread, agus béiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt aige.


Óir cibé duine gur mian leis a anam do ṡaoraḋ, caillfiḋ sé é; agus cibé duine ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa agus ar son an tsoiscéil, saorfaiḋ sé é.


Má atá aon duine ag teaċt ċugam‐sa, agus gan fuaṫ aige d’á aṫair, agus d’á ṁáṫair, agus d’á ṁnaoi, agus d’á ċlainn, agus d’á ḋearḃráiṫriḃ, agus d’á ḋeirḃṡeaṫraċaiḃ, agus fós d’á anam féin, ní féidir ḋó ḃeiṫ ’n‐a ḋeisceabal agam.


Cibé duine iarrfas a anam do ṡáḃáil, caillfiḋ sé é: agus cibé duine ċaillfeas a anam, sáḃálfaiḋ sé é.


Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ.


Annsin d’ḟreagair Pól, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag gol agus ag briseaḋ mo ċroiḋe? óir atáim‐se ullaṁ, ní h‐é aṁáin ċum ḃeiṫ ceangailte, aċt fós ċum báis d’fulang i nIarúsalem ar son ainme an Tiġearna Íosa.


Fuair mná a mairḃ ar ais tré aiséirġe: agus do ḃí cuid eile do ciapaḋ, ag diúltú do’n tsliġe éalóiḋ; ċum go ḃfaiġdís aiséirġe dob’ ḟearr:


Agus rugadar buaiḋ air tré ḟuil an Uain, agus tré ḃriaṫar a ḃfiaḋnaise: agus níor ċuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ