Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 11:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Agus do ḃí a ḟios agam go n‐éisteann tú liom i gcóṁnaiḋe: aċt mar ġeall ar an sluaġ atá ’n‐a seasaṁ im’ ṫimċeall aduḃras é, ċum go gcreidfidís gur ċuiris uait mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

42 Aċt ḃí a ḟios agam go n-éisteann tú liom i gcóṁnaiḋe, aċt is mar ġeall ar na daoine atá ina seasaṁ ṫart annseo, a duḃairt mé é: ċun go gcreideaḋ siad gur tusa a ċuir uait mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Ḃí ḟios agam féin, áṁṫaċ, go n-éisteann tú liom i gcóṁnuiġe, aċ duḃart é sin ar son na ndaoine atá anso am’ ṫímpal, i dtreó go gcreid-fidís gur ċuiris-se uait mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

42 Agus atá a ḋeiṁin agam go gcluin tú mé do ġnáṫ: aċd ar son an ṗobail atá na seasaṁ am ṫimċeall a duḃairt mé so, ionnus go gcreidfidís gur tusa ċuir uáit mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 11:42
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Nó an measann tú naċ féidir liom glaoḋaċ ar m’Aṫair, agus cuirfiḋ sé ċugam anois díreaċ tuilleaḋ agus ḋá léigiún déag d’aingliḃ?


Aċt atá a ḟios agam anois féin, cibé niḋ iarrfas tú ar Ḋia, go dtiuḃraiḋ Dia ḋuit é.


Agus na h‐Iúdaiġ do ḃí i ḃfoċair Ṁáire sa tiġ, ag déanaṁ sóláis dí, nuair do ċonnacadar gur éiriġ sí go tapaiḋ, do leanadar í, g‐á ċeapaḋ gur ag dul ċum an tuama do ḃí sí, le caoineaḋ do ḋéanaṁ ann.


Agus tar a éis dó sin a ráḋ, do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd, A Lasaruis, tar amaċ.


de ċionn go raiḃ mórán de na h‐Iúdaiġ ag imṫeaċt, agus ag creideaṁain i hÍosa.


Uime sin, an sluaġ daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair nuair do ġlaoḋ sé Lasarus as an tuama, agus do ṫóg sé ó na marḃaiḃ é, ṫugadar fiaḋnaise uaṫa.


fá mar atáir‐se, a Aṫair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéaḋ siad‐san ionainn, ċóṁ maiṫ: ċum go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris uait mé.


A Aṫais ḟiréin, níor aiṫin an saoġal mé, aċt d’aiṫniġeas‐sa ṫú; agus do ḃí a ḟios aca‐san gur ċuiris‐se uait mé;


óir na briaṫra ṫugais dom, ṫugas dóiḃ‐sean iad, agus do ġlacadar iad, agus do ḃí a ḟios aca go fíor gur ab uait‐se ṫáinig mé, agus do ċreideadar gur tusa do ċuir uait mé.


aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.


Óir ní ċum breiṫeaṁnas do ṫaḃairt ar an saoġal do ċuir Dia a Ṁac uaiḋ; aċt ċum go saorfaiḋe an saoġal tríd.


Agus má ḃeirimse breiṫ féin, tá mo ḃreiṫ fíor: óir ní ḟuilim im’ aonar, aċt atá mise agus an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé i n‐éinḟeaċt.


Agus an té do ċuir uaiḋ mé atá sé im’ ḟoċair; níor ḟág sé im’ aonar mé; óir do‐ġním i gcóṁnaiḋe na neiṫe ṫaiṫniġeas leis.


Aduḃairt Íosa leo, Dá mba é Dia ḃúr n‐aṫair, do ḃéaḋ gráḋ agaiḃ daṁ‐sa: óir is ó Ḋia ṫáinig mé, agus is uaiḋ ṫigim, agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt ba eisean do ċuir uaiḋ mé.


Óir an niḋ naċ raiḃ ar ċumas do’n dliġe do ḋéanaṁ, de ḃriġ go raiḃ sé lag de ḃárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do ċuir sé uaiḋ a Aon‐Ṁac féin i gcosaṁlaċt colna peacaṁla; is é sin, mar íoḋḃairt ar son an ṗeacaiḋ, do ḋaṁnuiġ sé an peacaḋ san ċolainn,


aċt nuair ṫáinig an t‐am, do ċuir Dia uaiḋ a Ṁac, tugaḋ ó ṁnaoi, rugaḋ fá’n dliġe,


Is eisean, i laeṫiḃ a ḟeola, tar éis urnaiġṫe agus aṫċuingṫe d’ofráil, le h‐árd‐ġol agus le deoraiḃ ċum an té go raiḃ ar ċumas dó a ṡaoraḋ ó’n mbás, agus gur h‐éisteaḋ leis as uċt a naoṁ‐eagla,


D’á ḃriġ sin atá ar ċumas dó na daoine ṫig ċum Dé tríd do ṡlánú ar fad, de ḃriġ go maireann sé beo i gcóṁnaiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéanaṁ ar a son.


Agus do ċonnacamar agus do‐ḃeirimíd fiaḋnaise gur ċuir an tAṫair a Ṁac uaiḋ mar Ṡlánuiġṫeoir an doṁain.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ