Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 11:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus nuair aduḃairt sí sin, d’imṫiġ sí, agus do ġlaoḋ sí ós íseal ar Ṁáire, a deirḃṡiúr, g‐á ráḋ, Atá an Máiġistir annso, agus atá sé ag glaoḋaċ ort.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Agus nuair a duḃairt sí na neiṫe sin, d’imṫiġ sí agus ġoir sí a deirḃṡiúir Máire i gcogar, ag ráḋ: Tá an Máiġistir annseo, agus tá sé do iarraiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Nuair a ḃí an ċaint sin ráiḋte aici d’imṫiġ sí agus ġlaoiḋ sí i gcogar ar a drifiúr Máire, agus duḃairt sí léi: Ṫáinig an Máiġistir, agus tá sé ag glaoḋaċ ort-sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Agus an tan a duḃairt sí so, dimṫiġ si, agus dó ġoir sí a deirḃṡiúr Muire a nuáigneas, ag ráḋ, Ṫáinic an Maíġisdir, agus atá sé dod iarruiḋsi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 11:28
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃairt sé, Téiḋiḋ isteaċ sa gcaṫair ċum a leiṫéide seo de ḋuine, agus abraiḋ leis, Adeir an Máiġistir, Atá m’aimsir ag druidim liom; táim ag sollaṁnú na cásca id’ ṫiġ‐se i ḃfoċair mo ḋeisceabal.


Agus do stad Íosa, agus aduḃairt sé, Glaoḋaiḋ ċugam air. Agus do ġlaoḋadar ar an dall, ’g‐a ráḋ leis, Bíoḋ meisneaċ agat; éiriġ id’ ṡeasaṁ, atá sé ag glaoḋaċ ort.


agus cibé teaċ ’n‐a raċaiḋ sé isteaċ, abraiḋ le fear an tiġe, Adeir an Máiġistir, Cá ḃfuil an seomra ’n‐a n‐íosad an Ċáisc i ḃfoċair mo ḋeisceabal?


Agus adéarfaiḋ siḃ le fear an tiġe, Adeir an Máiġistir leat, Cá ḃfuil an seomra aoiġeaċta, i n‐a n‐íosfad an Ċáisc i gcuiḃreann mo ḋeisceabal?


Fuair seisean ar dtús a ḋearḃráṫair féin, Síomón, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an Messias (is é sin le ráḋ, an Críost).


Fuair Pilib Natanaél, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríoḃ Maois sa reaċt, agus na fáiḋe, Íosa Nasarḋa, mac Ṡeosaiṁ.


Is dó‐san ḟosclas an geatóir; agus airiġeann na caoiriġ a ġlór: agus glaoḋann sé as a n‐ainm ar a ċaoiriḃ féin, agus seolann sé amaċ iad.


Agus nuair do‐ċuala Marta go raiḃ Íosa ag teaċt, do ċuaiḋ sí ’n‐a airċis: aċt d’ḟan Máire ’n‐a suiḋe istiġ.


Agus nuair do‐ċuala sise é, d’éiriġ sí go tapaiḋ, agus do ċuaiḋ sí ċuige.


(Óir ní raiḃ Íosa tagṫa fós sa mbaile beag, aċt ḃí sé fós san áit ’n‐ar casaḋ Marta leis.)


Glaoḋann siḃ Múinteoir agus Tiġearna orm: agus atá an ceart agaiḃ; óir is mé sin.


Aduḃairt Íosa léi, A Ṁáire! D’iompuiġ sí, agus aduḃairt sí as Eaḃrais, A Rabbóní! (is é sin le ráḋ, A Ṁáiġistir.)


An deisceabal úd do b’ionṁain le h‐Íosa, aduḃairt sé le Peadar, Is é an Tiġearna atá ann. Nuair do‐ċuala Peadar gurḃ é an Tiġearna é, do ċuir sé a ċóta air, (óir ḃí sé noċt), agus do ċaiṫ sé é féin isteaċ san ḃfairrge.


D’á ḃriġ sin taḃraiḋ meisneaċ d’á ċéile, agus neartuiġiḋ a ċéile, fá mar tá d’á ḋéanaṁ agaiḃ.


Uime sin tógtar na láṁa gan tapaḋ, agus na glúna gan luṫ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ