Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 11:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Aduḃairt Íosa léi, Is mise an aiséirġe agus an ḃeaṫa: cibé ċreideas ionnam‐sa, má ġeiḃ sé bás féin, mairfiḋ sé:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Duḃairt Íosa léi: Is mise an eiséirġe, agus an ḃeaṫa: an té a ċreideas ionnam-sa, dá ḃfaġaḋ sé bás féin, béiḋ sé beo:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Duḃairt Íosa léi: Is mise an aiseiriġe agus an ḃeaṫa; an t-é a ċreideann ionam-sa, má ġeiḃeann sé bás féin, beiḋ sé beó;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 A duḃáirt Iósa ría, Is misi a neiséirġe, agus an ḃeaṫa: giḋ be ċreideas ionnam, dá mbeiṫ go mbiaḋ sé tár éis ḃáis, mairfiḋ sé:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 11:25
41 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃairt seisean leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Béiḋ tú im’ ḟoċair‐se indiu i bPárrṫas.


Is ann do ḃí an ḃeaṫa, agus do b’é solas na ndaoine an ḃeaṫa.


Tamall beag eile, agus ní ḟeicfiḋ an saoġal mé feasta; aċt do‐ċífiḋ siḃ‐se mé: óir átáim beo, agus béiḋ siḃ‐se beo mar an gcéadna.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


Óir do ġráḋuiġ Dia an saoġal ċóṁ mór sin, go dtug sé a Aon‐Ṁac féin, ionnas, gaċ duine creidfeaḋ ann, naċ gcaillfiḋe é, aċt go mbéaḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige.


An té ċreideas sa Mac, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige; aċt an té naċ n‐uṁluiġeann do’n Ṁac, ní ḟeicfiḋ sé an ḃeaṫa, aċt atá díḃeirg Dé i gcóṁnaiḋe air.


Óir fá mar ṫógas an t‐Aṫair na mairḃ agus aiṫḃeoḋuiġeas sé iad, ar an gcuma ċéadna aiṫḃeoḋuiġeann an Mac na daoine is toil leis.


Óir fá mar atá beaṫa ag an Aṫair ann féin, ar an gcuma ċéadna ṫug sé do’n Ṁac beaṫa do ḃeiṫ aige ann féin:


Aduḃairt Íosa leo, Is mise arán na beaṫaḋ: an té ṫig ċugam‐sa, ní ḃéiḋ ocras go bráṫ air, agus an té ċreideas ionnam‐sa, ní ḃéiḋ tart go bráṫ air.


Ní féidir le h‐aon duine teaċt ċugam‐sa, muna dtarraingiḋ an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé, é: agus tógfad‐sa suas é an lá deiriḋ.


agus do ṁarḃaḃar Uġdar na beaṫaḋ; do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ; go ḃfuilmíd ’n‐ár ḃfiaḋnaiṫiḃ air.


(mar atá scríoḃṫa, Do‐rinneas aṫair d’á lán cineaḋ ḋíot), i ḃfiaḋnaise an té ’n‐ar ċreid sé, Dia, do‐ḃeir beaṫa do na marḃaiḃ, agus ġlaoḋas ar na neiṫiḃ naċ ḃfuil ann fá mar ḃéaḋ siad ann.


Óir do ṡaor dliġe Spioraid na beaṫaḋ i nÍosa Críost mé ó ḋliġe an ṗeacaiḋ agus an ḃáis.


Mar an gcéadna na daoine atá tuitṫe fá ṡuan i gCríost, atá siad caillte.


Munarḃ é sin é, créad ḋéanfas na daoine baistear ar son na marḃ? Muna n‐aiséiriġeann na mairḃ ar ċor ar biṫ, cad ċuige a mbaistear iad ar a son?


mar tá a ḟios againn, an té do ṫóg suas an Tiġearna Íosa, go dtógfaiḋ sé suas sinne i n‐éinḟeaċt le h‐Íosa, leis, agus go gcuirfiḋ sé ’n‐a láṫair sinne i n‐éinḟeaċt liḃ‐se.


Atáim idir an dá roġa, ag dúil le h‐imṫeaċt agus ḃeiṫ i ḃfoċair Ċríost;


ċum go ḃfaiġead eolas air, agus ar ċuṁaċt a aiséiriġṫe, agus ar rannṗáirteaċt ’n‐ar ḟulaing sé, dom’ ċur i gcosaṁlaċt leis ’n‐a ḃás;


Óir má ċreidimíd gur éag Íosa agus gur aiséiriġ sé arís, ar an gcuma sin is eaḋ ḃéarfas Dia i n‐éinḟeaċt leis an dream ċodlas i nÍosa.


is mise an tosaċ agus an deireaḋ, agus an Té biṫ‐ḃeo; agus do ḃíos marḃ, agus féaċ, atáim beo go saoġal na saoġal, agus atá eoċraċa báis agus ifrinn agam.


Aċt ní ṫáinig an ċuid eile de na marḃaiḃ ’n‐a mbeaṫaiḋ nó go raiḃ an míle bliaḋain istiġ. Is í seo an ċéad aiséirġe.


agus glanfaiḋ sé gaċ deor d’á súiliḃ, agus ní ḃéiḋ an bás ann níos mó; ní ḃéiḋ, ná brón, ná caoineaḋ, ná pian; óir atá na ċéad neiṫe imṫiġṫe ar ceal.


Agus do ṫaisbeáin sé ḋom aḃa uisce na beaṫaḋ, ċóṁ deallraṁaċ le criostal, ag teaċt amaċ ó riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain.


Agus adeir an Spiorad agus an ḃean óg nua‐ṗósta, Tar. Agus an té éisteas, abraḋ sé, Tar. Agus an té go ḃfuil tart air, tagaḋ sé: an té gur ab áil leis é, glacaḋ sé uisce na beaṫaḋ i n‐aisce.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ