Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 10:38 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Aċt má ġním iad, muna gcreideann siḃ mise, creidiḋ na h‐oibreaċa: ionnas go mbéiḋ a ḟios agaiḃ agus go dtuigfiḋ siḃ go ḃfuil an t‐Aṫair ionnam‐sa, agus go ḃfuilim‐se san Aṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Aċt má ġním: agus muna mian liḃ mise a ċreidḃeáil, creidigiḋ na h-oibreaċa, ċun go raiḃ a ḟios agaiḃ, agus go gcreidiḋ siḃ, go ḃfuil an t-Aṫair ionnam-sa, agus mise san Aṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Aċ má ḋeinim, mura maiṫ liḃ mise ċreideaṁaint, creidiḋ na h-oibreaċa, i dtreó go mbeiḋ ḟios agaiḃ an t-Aṫair a ḃeiṫ ionam-sa agus mise sa n-Aṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Aċd má ním, gé naċ ccreidtí ḋaṁsa, creidiḋ do na hoibreaċuiḃ: ionnus go naiṫéonaḋ siḃ, agus go gcreidfeaḋ siḃ, go ḃfuil an Taṫair ionnamsa, agus misi annsan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 10:38
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, D’inniseas daoiḃ é, agus ní ċreideann siḃ: na h‐oibreaċa do‐ġním i n‐ainm m’Aṫar, do‐ġní siad sin fiaḋnaise ḋom.


Aċt nuair do‐ċuala Íosa é, aduḃairt sé, Ní ċum báis an ḃreoiteaċt so, aċt ċum glóire Dé, ionnas go ḃfaiġeaḋ Mac Dé glóir d’á ḃárr.


Béiḋ a ḟios agaiḃ an lá sin go ḃfuilimse im’ Aṫair, agus go ḃfuil siḃ‐se ionnam‐sa, agus mise ionnaiḃ‐se.


Agus ní ḟuilim‐se feasta ar an saoġal, agus atáid‐sean, ar an saoġal, agus atáim ag teaċt ċugat‐sa. A Aṫair Naoṁṫa, congḃuiġ it’ ainm iad‐san ṫugais dom, ċum go mba aon iad, aṁail sinne.


ṫáinig seisean ċum Íosa san oiḋċe, agus aduḃairt sé leis, A Rabbí, atá a ḟios againn gur múinteoir ṫáinig ó Ḋia ṫú: óir ní féidir go ndéanfaḋ aon duine na míorḃailtí ġníos tusa, gan Dia ḃeiṫ leis.


Aċt atá fiaḋnaise agam‐sa is mó ’ná fiaḋnaise Eoin: óir na gnóṫa ṫug m’Aṫair ḋom le cur ċum ċríċe, na gnóṫa féin do‐ġníṁ, do‐ḃeir siad ḟiaḋnaise im’ ṫaoḃ, gur ab é an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé.


A ṗobail Israel, éistiḋ leis na briaṫraiḃ seo: Íosa Nasarḋa, duine do ṁol Dia ḋaoiḃ leis na cuṁaċtaiḃ, agus leis na míorḃailtiḃ, agus leis na cóṁarṫaiḃ, do‐rinne Dia tríd ’n‐ḃúr measc, mar is eol daoiḃ féin;


Agus an té ċoiṁeádas a aiṫeanta, cóṁnuiġeann sé ann, agus cóṁnuiġeann seisean ann. Agus air so aiṫniġmíd go gcóṁnuiġeann sé ionnainn, tríd an Spiorad ṫug sé ḋúinn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ