Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 10:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ, Ní mar ġeall ar aon deaġ‐obair atáimíd ag gaḃáil de ċloċaiḃ ort, aċt mar ġeall ar ḋiaṁasla, agus go ḃfuilir‐se, agus gan ionnat aċt duine, ag déanaṁ Dé ḋíot féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 D’ḟreagair na h-Iúdaiġ é: Ní mar ġeall ar ḋéaġ-obair atámuid ag gaḃáil do ċloċa ionnat, aċt mar ġeall ar ḋiaṁasla: agus de ḃríġ go ndéan tú Dia díot féin, agus tú i do ḋuine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 D’ḟreagair na Iúdaiġ é: Ní mar ġeall ar obair ḟóġanta atáimíd ag gaḃáil do ċloċaiḃ ionat, aċ mar ġeall ar ḋiaṁaslad, agus go ndeineann tú Dia ḋíot féin, bíoḋ gur duine ṫu.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Do ḟreagair na Iúdaiḋe é, ag ráḋ, Ní ar son oibre maiṫe ġaḃmóid do ċloċuiḃ ort; aċd ar son blaisṗeíme; agus air son ṫusa, agus tú ad ḋuine, go ndéunann tú Día ḋiót féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 10:33
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċruinniġ na h‐Iúdaiġ ’n‐a ṫimċeall, agus aduḃradar leis, Cá ḟad an mbeiḋmíd idir an dá ċóṁairle agat? Má’s tú an Críost, innis dúinn é go cruinn díreaċ.


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Is iomḋa deaġ‐obair ó’n Aṫair do ṫaisbeánas daoiḃ; cia aca obair ḋíoḃ go ḃfuil siḃ ag gaḃáil de ċloċaiḃ orm mar ġeall air?


D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ, Atá dliġe againn, agus de réir na dliġe sin atá an bás tuillte aige, de ḃriġ go ndearna sé Mac Dé ḋe féin.


Ar an aḋḃar sin ba ḋéine do ḃí na h‐Iúdaiġ ag tnúṫ le n‐a ċur ċum báis, ní h‐é aṁáin gur ḃris sé an tsabóid, aċt go nduḃairt sé gurḃ é Dia a Aṫair, g‐á ċur féin ar aon dul le Dia.


Bíoḋ gaċ duine uṁal do luċt árd‐uġdaráis: óir ní ḟuil uġdarás ann naċ ó Ḋia ṫáinig sé; agus ba é Dia do ċuir ar bun iad‐san atá ann.


an té dob’ ionann le Dia féin ’n‐a ċló, aċt nár ṡaṁluiġ ḋó féin ḃeiṫ ar aon ċéim le Dia, mar ḃéaḋ sin ’n‐a ċraoiḃ le breiṫ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ