Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 10:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus do ċruinniġ na h‐Iúdaiġ ’n‐a ṫimċeall, agus aduḃradar leis, Cá ḟad an mbeiḋmíd idir an dá ċóṁairle agat? Má’s tú an Críost, innis dúinn é go cruinn díreaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Ar an aḋḃar sin, ċruinniġ na h-Iúdaiġ ṫart timċeall air, agus duḃairt siad leis: Cá ḟad a ḃéas ár n-anam i mbroid agat? Má’s tú an Críost, innis dúinn é go soiléir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus ṫáinig na Iúdaiġ ’n-a ṫímpal, agus ḃíodar ’ġá ráḋ leis: An fada a leanfair ag baint an anama asainn? Má’s tú Críost, innis dúinn é go soiléir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Uime sin do ċruinniġeadar na Iúduiḋe na ṫimċeall, agus a duḃradar ris, Gá fad ċuinneóċas tú sinn a naṁarus? Más tú Críosd, innis dúinn é ós áird.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 10:24
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

g‐á ḟiafraiġe ḋe, An tusa an té atá le teaċt, nó an gcaiṫfimíd feiṫeaṁ le duine éigin eile?


Agus aduḃairt sé leo é go foscailte. Agus ṫug Peadar i leiṫ é, agus do ṫosnuiġ sé ar aċṁusán do ṫaḃairṫ dó.


Agus nuair do ḃí na daoine ag feiṫeaṁ, agus iad uile ag maċtnaṁ ’n‐a gcroiḋṫiḃ i dtaoḃ Eoin, arḃ ḟéidir gurḃ é an Críost é;


Agus is í seo fiaḋnaise Eoin, nuair do ċuir na h‐iúdaiġ sagairt agus Leḃítiġ ó Iarúsalem ċuige g‐á ḟiafruiġe ḋe, Cia h‐é ṫusa?


Do ṫóg na h‐Iúdaiġ cloċa arís le n‐a gcaiṫeaṁ leis.


D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ, Ní mar ġeall ar aon deaġ‐obair atáimíd ag gaḃáil de ċloċaiḃ ort, aċt mar ġeall ar ḋiaṁasla, agus go ḃfuilir‐se, agus gan ionnat aċt duine, ag déanaṁ Dé ḋíot féin.


Do laḃras an méid sin liḃ i saṁlaoidiḃ: atá an uair ag teaċt naċ laḃarfad liḃ feasta i saṁlaoidiḃ, aċt go n‐innseoċad daoiḃ go soiléir i dtaoḃ an Aṫar.


Uime sin aduḃradar leis, Cia ṫú féin? Aduḃairt Íosa léo, Cad ċuige ḋom ḃeiṫ ag laḃairt liḃ, ar ċor ar biṫ?


An mó tusa ’ná ár n‐aṫair Abraċam atá marḃ? agus atá na fáiḋe marḃ: cia h‐é a deir tusa gur tú, mar sin?


Aduḃairt an t‐aṫair agus an ṁáṫair an méid sin ar eagla na nIúdaċ: óir do ḃí socruiġṫe ag na h‐Iúdaċaiḃ, dá n‐adṁuiġeaḋ duine ar biṫ gurḃ é an Críost é, go gcuirfiḋe amaċ é as an tsionagóig.


Ó ṫárla a leiṫéid seo de ṁuiniġin ḃeiṫ againn, laḃraimíd as cainnt an‐dána,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ