Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Eoin 1:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus níor aiṫniġeas‐sa é: aċt an té do ċuir uaiḋ mé ag baisteaḋ le h‐uisce, aduḃairt sé liom, An té go ḃfeicfir an Spiorad ag tuirling air, agus ag fanaṁain air, is é sin an té ḃaisteas leis an Spiorad Naoṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Agus ní raiḃ aiṫne agam-sa air: aċt an té a ċum mé a ḃaisteaḋ le h-uisce, duḃairt sé liom: An té ar a ḃfeicfiḋ tú an Spiorad ag tuirling agus ag cóṁnuġaḋ, is é sin an té a ḃaistéas leis an Spiorad Naoṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus níor aiṫniġeas-sa é, aċ an t-é a ċuir mé ag déanaṁ baiste i n-uisge duḃairt sé liom: An t-é go ḃfeicfir an Spioraid ag túirling air agus ag fanṁaint air, siné an t-é a ḋeineann baisteaḋ sa Spioraid Naoṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Agus níor aiṫin misi é: aċd an té do ċuir mé do ḃaisdeaḋ lé huisge, as é a duḃairt rium, Giḋ bé ar a ḃfaicfe tú an Spiorad ag tuirrling, agus ag coṁnuiġe, sé sin an té ḃaisdeas leis an Spiórad Náoṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Eoin 1:33
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Baistim‐se le h‐uisce siḃ ċum aiṫriġe; aċt an té atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a ḃróga d’iomċar: baistfiḋ seisean siḃ leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ. Atá a ċáiṫteaċán ’n‐a láiṁ aige,


d’ḟreagair Eoin, agus aduḃairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce siḃ; aċt atá an té is treise ’ná mé ag teaċt, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a ḃróg: baistfiḋ seisean leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ siḃ:


Agus níor aiṫniġeas‐sa é; aċt is ċuige seo ṫáinig‐mé ag baisteaḋ i n‐uisce ċum go ḃfoillseoċaiḋe d’Israel é.


Aċt an Sólásaiḋe, an Spiorad Naoṁ, ċuirfeas an t‐Aṫair uaiḋ im’ ainm‐se, múinfiḋ seisean gaċ uile niḋ ḋaoiḃ, agus cuirfiḋ sé i gcuiṁne ḋaoiḃ gaċ a nduḃras liḃ.


Óir an té do ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé briaṫra Dé: óir ní de réir tóṁais ḃronnas Dia an Spiorad.


D’ḟreagair Íosa, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní ḟéadann sé dul isteaċ i ríoġaċt Dé.


Aċt is i dtaoḃ an Spioraid do ḃí le glacaḋ aca‐san do ċreidfeaḋ ann, aduḃairt sé an méid sin: óir do ḃí an Spiorad gan bronnaḋ fós; de ḃriġ go raiḃ Íosa gan glóiriú fós.


óir do‐rinne Eoin baisteaḋ go dearḃṫa le h‐uisce; aċt baistfear siḃ‐se leis an Spiorad Naoṁ taoḃ istiġ de ḃeagán laeṫe.


Agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do ṫionnscnadar laḃairt as teangṫaċaiḃ éagsaṁla, de réir mar ṫug an Spiorad dóiḃ laḃairt.


Óir i n‐aon Spiorad aṁáin is eaḋ do baisteaḋ sinn ċum aon ċorp aṁáin do ḋéanaṁ, is cuma cia aca lúdaiġ nó Gréagaiġ sinn, nó cia aca daor nó saor dúinn; agus gur ólamar uile de’n aon Spiorad aṁáin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ