Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ccolossianaċ 3:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus síoṫċáin Ċríost, ċum ar glaoḋaḋ siḃ i n‐aon ċorp aṁáin, bíoḋ sí ag riaġlú ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ; agus biḋiḋ buiḋeaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus bíoḋ sioṫċáin Dé ag ríaġluġaḋ ḃur gcroiḋeaḋ, ċum a ḃfuiltí fós ar ḃur ngairm a néunċorp; agus bíġiḋ buiḋeaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ccolossianaċ 3:15
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Fágaim síoṫċáin agaiḃ; do‐ḃeirim mo ṡíoṫċáin daoiḃ: ní mar do‐ḃeir an saoġal, do‐ḃeirim‐se ḋaoiḃ. Ná bíoḋ buaiḋirt ar ḃúr gcroiḋe, ná eagla air.


Aduḃairt mé an méid sin liḃ, ċum go mbéaḋ síoṫċáin agaiḃ ionnam‐sa. Ata anró oraiḃ sa tsaoġal so: aċt bíoḋ meisneaċ agaiḃ; atá buaiḋte agam‐sa ar an saoġal.


ar ṁoḋ go ḃfuilid gan leiṫscéal: de ḃriġ, nuair ḃí eolas aca ar Ḋia, naċ dtugadar glóir dó mar Ḋia, ná naċ dtugadar buiḋeaċas dó; act gur éiriġeadar baoṫ n‐a smaointiḃ; agus gur dorċuiġeaḋ a gcroiḋeaċa diṫ‐céilliḋe.


óir ní biaḋ agus ól ríoġaċt Dé, aċt fíréantaċt, agus síoṫċáin, agus áṫas san Spiorad Naoṁ.


Anois go líonaiḋ Dia an dóċais siḃ de gaċ áṫas agus de gaċ síoṫċáin san gcreideaṁ, ċum go mbéiḋ siḃ féin lán de ḋóċas, tré ċumaċt an Spioraid Naoiṁ.


D’á ḃriġ sin, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré ċreideaṁ, atá síoṫċáin againn le Dia tríd ár dTiġearna Íosa Críost;


Ó ṫárla aon ḃollóg aṁáin ḃeiṫ ann, giḋ go ḃfuil a lán dínn ann, is aon ċorp aṁáin sinn; mar ġlacaimíd uile de’n aon ḃollóig aṁáin.


Aċt dá mba ṁian leis an duine gan creideaṁ imṫeaċt, imṫiġeaḋ sé. Ní ḟuil ceangal ar ḃráṫair ná ar ṡiúr ’n‐a leiṫéid sin de ċás: aċt is ċum síoṫċána do ġlaoḋ Dia sinn.


Óir is ar ḃur son‐sa atá an uile niḋ, ċum go dtéiġiḋ an grása ċum glóire Dé, agus é d’á ṁéadú go mór de ḃárr buiḋeaċais an ṁóráin ṁóir.


ar mbeiṫ ḋaoiḃ saiḋḃir ar gaċ sliġe ċum gaċ féile, go dtagann mór‐ḃuiḋeaċas do Ḋia trínne as.


Uaiḋ‐sean is eaḋ do‐ġeiḃ an corp uile, ar mbeiṫ ḋó cóiṁ‐ḋeangailte, cóṁ‐ḋlúṫuiġṫe le ċéile de ḃárr a dtugann gaċ alt dó, do réir éifeaċta gaċ baill ar leiṫ, do‐ġeiḃ sé fás ċum a leasa i ngráḋ.


Ní ḟuil ann aċt an t‐aon ċorp aṁáin, agus an t‐aon Spiorad aṁáin, fá mar glaoḋaḋ siḃ ċum aon dóċais aṁáin ḃaineas le n‐ḃur ngairm;


D’á ḃriġ sin déanaiḋ‐se aiṫris ar Ḋia, mar ḋéanfaḋ a ċlann ionṁain féin;


ag breiṫ buiḋeaċais de ṡíor as uċt an uile niḋ le Dia Aṫair i n‐ainm an Tiġearna Íosa Críost;


ag breiṫ buiḋeaċais leis an Aṫair, do rinne sinn oireaṁnaċ ċum ḃeiṫ rannṗáirteaċ i n‐oiḋreaċt na naoṁ san tsolas.


siuḃlaiḋ ann d’á réir, siḃ fréaṁuiġṫe agus daingniġṫe ann, fá mar tugaḋ teagasc daoiḃ, ag dul i méid ann le lán‐ḃuiḋeaċas.


Agus cibé niḋ do‐ġní siḃ, i mbriaṫar béil nó i ngníoṁ, déanaiḋ an uile niḋ i n‐ainm an Tiġearna Íosa, ag taḃairt buiḋeaċais do Ḋia tríd.


Beiriḋ buiḋeaċas san uile niḋ; óir is é toil Dé é sin ’n‐ḃur dtaoḃ i nÍosa Críost.


Uime sin, iarraim ort ar dtús go ndéantar aṫċuinġeaċa, urnaiġṫe, eadar‐ġuiḋe, altú ar son an uile ḋuine;


Troid deaġ‐ċóṁrac an ċreidiṁ, beir greim ar an mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe ċum ar glaoḋaḋ ṫú, agus go ndearnais adṁáil ṁaiṫ ḋi i láṫair a lán fiaḋnaiḋṫe.


Uime sin ofráilimís íoḋbairt aḋṁolta do Ḋia i gcóṁnaiḋe, is é sin toraḋ ár mbeola adṁuiġeas a ainm.


g‐á raḋ, Amen: Molaḋ, agus glóir, agus eagnaiḋeaċt, agus buiḋeaċas, agus onóir, agus cuṁaċt, agus neart go raiḃ ag ár nDia go saoġal na saoġal. Amen.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ