Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ccolossianaċ 2:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 siuḃlaiḋ ann d’á réir, siḃ fréaṁuiġṫe agus daingniġṫe ann, fá mar tugaḋ teagasc daoiḃ, ag dul i méid ann le lán‐ḃuiḋeaċas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Ar mbeiṫ ḋíḃ ar ḃur ḃfréuṁuġaḋ agus ar ḃur ḃfollamnúġaḋ ann, agus ar ḃur ndaingniuġaḋ sa gcreideaṁ, do réir mar do ṫeaguisgeaḋ siḃ, ag líonaḋ ann díḃ maille ré breiṫ ḃuíḋeaċais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ccolossianaċ 2:7
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

is cosṁail é le fear do ḃí ag tógáil tiġe, agus do ṫoċail go doiṁin síos sa talaṁ, agus do ċuir an bun ar an gcarraig: agus nuair ṫáinig an tuile, do ḃuail an raḃarta i gcoinniḃ an tiġe sin, agus níor ḟéad sé a ċorrú: óir do ḃí sé tógṫa go daingean.


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ,


an té ḋaingneoċas siḃ go deireaḋ, ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt i ló ár dTiġearna Íosa Críost.


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.


Agus an té ḋaingniġeas sinn i n‐éinḟeaċt liḃ‐se i gCríost, is é Dia é;


ċum go ndéanaiḋ Críost cóṁnaiḋe ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ tré ċreideaṁ: ar ṁoḋ, ar mbeiṫ ḋaoiḃ fréaṁuiġṫe agus bunuiġṫe i ngráḋ,


má’s fíor go gcualaḃar é, agus go ḃfuaraḃar teagasc ann, do réir mar tá an ḟírinne i nÍosa.


ag breiṫ buiḋeaċais de ṡíor as uċt an uile niḋ le Dia Aṫair i n‐ainm an Tiġearna Íosa Críost;


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


Agus cibé niḋ do‐ġní siḃ, i mbriaṫar béil nó i ngníoṁ, déanaiḋ an uile niḋ i n‐ainm an Tiġearna Íosa, ag taḃairt buiḋeaċais do Ḋia tríd.


Beiriḋ buiḋeaċas san uile niḋ; óir is é toil Dé é sin ’n‐ḃur dtaoḃ i nÍosa Críost.


agus go neartuiġiḋ sé i ngaċ deaġ‐ġníoṁ agus i ngaċ deaġ‐ḟocal siḃ.


Uime sin ofráilimís íoḋbairt aḋṁolta do Ḋia i gcóṁnaiḋe, is é sin toraḋ ár mbeola adṁuiġeas a ainm.


Ná biḋiḋ d’ḃur ḃfuadaċ ag teagascaiḃ éagsaṁla, aisteaċa; óir is maiṫ go gcoṫóċaiḋe an croiḋe le grása, ní le biaḋaiḃ do ḃí gan tairḃe ariaṁ do na daoiniḃ do ġnáṫuiġ iad.


Agus Dia an uile ġrása, do ġlaoḋ ċum a ġlóire féin i gCríost siḃ, tar a éis daoiḃ fulang ar feaḋ tamaill ḃig, foirḃfiḋ sé siḃ, neartóċaiḋ agus daingneoċaiḋ sé siḃ.


Atáid mar ḃéaḋ cairrgeaċa foluiġṫe ’n‐ḃur ḃfleaḋannaiḃ gráḋa, ag iṫe go craosaċ, mí‐náireaċ ’n‐ḃur gcuiḃreann, ag taḃairt aire ḋóiḃ féin aṁáin; néallta gan uisce d’á scuabaḋ le gaoṫaiḃ; crainn fóġṁair gan toraḋ, atá marḃ fá ḋó, do tarraingeaḋ as a ḃfréaṁaiḃ;


Aċt, a ċáirde, tógaiḋ siḃ féin ar ḃun ḃur gcreidiṁ ṡár‐naoṁṫa, ag urnaiġe san Spiorad Naoṁ,


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó ḃur gcongḃáil slán ó ṫuisleaḋ, agus ḃur gcur i láṫair a ġlóire gan smál,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ