Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ccolossianaċ 2:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Óir, giḋ go ḃfuilim as láṫair san gcolainn, atáim ’n‐ḃur láṫair san spiorad, ag déanaṁ gáirdeaċais agus ag breaṫnú an eagair atá oraiḃ, agus ag breaṫnú seasṁaċta ḃur gcreidiṁ i gCríost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Oír bíoḋ naċ ḃfuilim ḃur láṫair sa gcoluinn, giḋeaḋ atáim ḃur láṫair sa sbioruid, ag déunaṁ gáirdeaċais agus ag féuċain ḃur nórduiġe, agus ḋaingne ḃur gcreidiṁ a Gcríosd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ccolossianaċ 2:5
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do leanadar go seasaṁaċ de ṫeagasc na n‐abstal, agus de’n ċaradas bráṫarḋa, de ḃriseaḋ an aráin, agus de na h‐urnaiġṫiḃ.


ag brostú na nIúdaċ agus na nGréagaċ ċum aiṫriġe ċum Dé, agus ċum creidiṁ ’n‐ár dTiġearna Íosa Críost.


iṫeaḋ sé san mbaile; ar ṁoḋ naċ ċum breiṫeaṁnais ḃéas ḃur gcruinniú le ċéile. Agus i dtaoḃ na neiṫe eile, socróċad iad nuair ṫiocfad.


Aċt déantar an uile niḋ go stuamḋa, deaġ‐riaġalta.


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.


Biḋiḋ ag faire; seasaiḋ go daingean san gcreideaṁ; biḋiḋ go fearaṁail; biḋiḋ tréan‐láidir.


Óir ba ṁian liom a ċur i ḃfios daoiḃ a ḋéine is tá an troid atá d’á déanaṁ agam ar ḃur son‐sa, agus ar son muinntire Laodicia, agus ar son na ndaoine uile naċ ḃfaca mo ġnúis san ḃfeoil;


Aċt, a ḃráiṫre, ó ṫárla go raḃamar scarṫa liḃ le tamall, i bpearsain, aċt ní i gcroiḋe, ba ṁóide ár dtnúṫán go mór le n‐ḃur ngnúis d’ḟeicsin.


óir mairimíd beo anois, ó tá siḃ ag seasaṁ go daingean san Tiġearna.


agaiḃ le meaḃlaireaċt an ṗeacaiḋ óir do rinneaḋ sinn rannṗáirteaċ le Críost, aċt go gcongḃuiġmíd ár gcéad ṁuiniġin go deireaḋ;


dóċas atá mar ancaire anma againn, agus é daingean, díongṁálta, mar téiġeann sé isteaċ san naoṁ‐áit taoḃ ṫiar de’n ḃrat;


Seasuiġiḋ ’n‐a aġaiḋ‐sean go daingean, creidṁeaċ, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil an céasaḋ céadna d’á ċur ar ḃur mbráiṫriḃ atá san saoġal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ