Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ccolossianaċ 2:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus siḃ‐se do ḃí marḃ de ḋeascaiḃ ḃur gcionnta agus tré neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ ḃur ḃfeola, d’aiṫḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt leisean siḃ, tar a éis dó ár gcionntaí uile do ṁaiṫeaṁ ḋúinn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus do aiṫḃéoḋuiġ sé siḃse maille rísion, ar mbeiṫ ḋíḃ marḃ a bpeacaiḋiḃ agus a neaṁṫimċillġearraḋ ḃur ḃféola, ag maiṫeaṁ a nuile ṗeacuiḋ ḋíḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ccolossianaċ 2:13
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

óir do ḃí an mac so liom marḃ agus atá sé beo arís; do ḃí sé ar iarraiḋ, agus friṫ é. Agus do ṫosnuiġeadar ar ḃeiṫ go sultṁar.


Aċt ba ċeart súḃaċas agus gáirdeaċas do ḃéanaṁ: óir do ḃí do ḋearḃráṫair annso marḃ, agus do ṫéarnuiġ sé; do ḃí sé ar iarraiḋ agus friṫ é.


Agus aduḃairt seisean leis, Leig do na marḃaiḃ a mairḃ féin do ċur; aċt imṫiġ‐se agus fógair ríoġaċt Dé go foirleaṫan.


Óir fá mar ṫógas an t‐Aṫair na mairḃ agus aiṫḃeoḋuiġeas sé iad, ar an gcuma ċéadna aiṫḃeoḋuiġeann an Mac na daoine is toil leis.


Is í an spioraid do‐ḃeir beaṫa; ní ḟuil tairḃe ar biṫ sa ḃfeoil: na briaṫra atá ráiḋte agam liḃ, is spioraid agus is beaṫa iad.


(mar atá scríoḃṫa, Do‐rinneas aṫair d’á lán cineaḋ ḋíot), i ḃfiaḋnaise an té ’n‐ar ċreid sé, Dia, do‐ḃeir beaṫa do na marḃaiḃ, agus ġlaoḋas ar na neiṫiḃ naċ ḃfuil ann fá mar ḃéaḋ siad ann.


agus ná taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna éagcóra; aċt taḃraiḋ siḃ féin do Ḋia mar ḋaoine atá beo ó na marḃaiḃ, agus taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna fíréantaċta do Ḋia.


Agus má ċóṁnuiġeann Spiorad an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ ionnaiḃ, an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ beoḋóċaiḋ sé ḃur gcuirp ṡo‐ṁarḃṫa mar an gcéadna tré n‐a Spiorad ċóṁnuiġeas ionnaiḃ.


A ḋuine ḋiṫ‐céilliḋe, an síol ċuireas tú féin, ní beoḋuiġtear é muna n‐éagann sé:


Mar atá scríoḃṫa, An ċéad duine, Áḋaṁ, ba anam beo é go dtugaḋ an ḃeaṫa ḋó; an tÁḋaṁ deireannaċ, is é do‐ḃeir an ḃeaṫa uaiḋ.


is é ṫug éifeaċt dúinn, leis, ċum ḃeiṫ ’n‐ár seirḃíseaċaiḃ do ṫiomna nua; ní h‐é do réir na litre, aċt do réir an spioraid; óir marḃann an litir, aċt do‐ḃeir an spiorad beaṫa.


is é sin, go raiḃ Dia i gCríost ag réiḋteaċ an tsaoġail leis féin, gan cionnta na ndaoine do ċur ’n‐a leiṫ: agus ṫug sé ḋúinn briaṫar an réiḋtiġ.


Agus do ḃí siḃ‐se marḃ do ḋeascaiḃ ḃur bpeacaḋ agus ḃur gcionnta,


Cuiṁniġiḋ’ d’á ḃriġ sin, siḃ‐se Cineaḋaċa do réir na feola, ar a ḃfuil Neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ tugṫa mar ainm aca‐san ar a dtugtar Timċeall‐ġearraḋ mar ainm, san ḃfeoil, do rinneaḋ le láṁaiḃ,


uime sin adeirtear, Dúisiġ, ṫusa atá id’ ċodlaḋ, Agus éiriġ as lár na marḃ, Agus soillseoċaiḋ Críost ort.


atá siḃ aiṫḃeoḋuiġṫe mar aon leis tré ċreideaṁ i gcuṁaċt Dé do ṫóg ó na marḃaiḃ é.


Aċt an ḃean ċuireas dúil i bpléisiúr, atá sí marḃ, agus í ’n‐a beaṫaiḋ.


Órduiġim duit i ḃfiaḋnaise Dé, do‐ḃeir beaṫa do’n uile niḋ, agus i ḃfiaḋnaise Íosa Críost do rinne adṁáil ṁaiṫ i láṫair Ṗoint Ṗíoláid,


Uime sin fágaimís céad‐riaġlaċa bun‐teagaisc Ċríost ’n‐ár ndiaiḋ, agus téiġmís ar aġaiḋ ċum lán‐ḟoirḃṫeaċta; gan ḃeiṫ arís ag leagaḋ buin aiṫreaċais ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa, agus creidiṁ i nDia,


naċ mó go mór ḋéanfas fuil Ċríost, an té d’íoḋbair é féin gan smál do Ḋia, tríd an Spiorad síorraiḋe, ḃur gcoinsias do ġlanaḋ ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia síorraiḋe?


Is mar sin do’n ċreideaṁ atá gan gníoṁarṫaiḃ, atá sé marḃ ann féin.


Aċt, a ḋuine diċéilliḋe, an toil leat a ḟoġlaim gur niḋ gan éifeaċt an creideaṁ gan gníoṁarṫa?


Óir fá mar tá an corp marḃ gan an t‐anam ḃeiṫ ann, ar an gcuma ċéadna, rud marḃ is eaḋ creideaṁ gan gníoṁarṫa.


Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a ċlann ḃeag, de ḃriġ go ḃfuil ḃur bpeacaiḋe maiṫte ḋaoiḃ ar son a ainme‐sean.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ