Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ccolossianaċ 1:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 óir is ann do cruṫuiġeaḋ gaċ niḋ d’á ḃfuil ar neaṁ agus ar talaṁ, idir neiṫe so‐ḟeicsiona agus neiṫe doḟeicsiona, cia aca riġ‐ċaṫaoireaċa, nó tiġearnaisí, nó flaiṫeasa, nó cuṁaċta iad: is tríd‐sean agus ċuige‐sean do cruṫuiġeaḋ iad go léir;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Oír is leisean do crúṫuiġeaḋ na huile neiṫe, noċ atá ar neaṁ, agus ar talaṁ, sóḟaicsiġ agus dóḟaicsiġ, más árdċaiṫireaċa íad, nó tíġearnuis, nó úaċdaránaċd, nó cúṁaċda: as leision agus ar a ṡonsan, do crúṫuġeaḋ íad uile:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ccolossianaċ 1:16
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃí sé ar an saoġal, agus is tríd do‐rinneaḋ an saoġal, agus níor aiṫin an saoġal é.


Is tríd‐sean do rinneaḋ an uile niḋ, agus ’na éagmais‐sean ní dearnaḋ éinniḋ d’á ḃfuil ann.


Óir is uaiḋ‐sean, agus is ṫríd‐sean atá an uile niḋ ann. Aige‐sean go raiḃ an ġlóir go síorraiḋe. Amen.


Óir atáim dearḃṫa naċ ḃféadfaiḋ bás, ná beaṫa, ná aingle, ná cuṁaċta, ná neiṫe atá ann, ná neiṫe atá le teaċt,


gur leo na h‐aiṫreaċa, agus gur uaṫa‐san do ṡíolruiġ Críost do réir na feola, an té atá os cionn an uile niḋ, Dia beannuiġṫe go deo. Amén.


mar sin féin n ḟuil againne aċt aon Dia aṁáin, an tAṫair, ó n‐a dtagann gaċ uile niḋ, agus sinne le n‐a aġaiḋsean; agus aon Tiġearna Íosa Críost aṁáin, tré n‐a ḃfuil an uile niḋ ann, agus sinne tríd‐sean.


ċum an uile niḋ do ċóṁċruinniú i gCríost, nuair ṫiocfaḋ na h‐aimseara ċum críċe, idir a ḃfuil ar neaṁ, agus a ḃfuil ar talaṁ.


Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, aċt leis na flaiṫeasaiḃ, leis na cuṁaċtaiḃ, le tioránaċaiḃ árd‐réime an doṁain dorċa so, le sluaiġte deaṁnaiḋe an uilc ins na réigiúnaiḃ uaċtaraċta.


ċum go ḃfeacfaḋ gaċ glún i n‐ainm Íosa,


Is é íoṁáiġ an Dé ḋo‐ḟeicsiona é, céid‐ġein gaċ ar cruṫuiġeaḋ;


agus ba toil leis gaċ uile niḋ do réiḋteaċ leis féin tríd, idir neiṫe atá ar talaṁ agus neiṫe atá ar neaṁ; ag déanaṁ síoṫċána tré ḟuil a ċroise.


agus is ann atá gaċ niḋ go h‐iomlán agaiḃ‐se, san té is árd‐ċeann ar gaċ flaiṫeas agus ar gaċ cuṁaċt,


g‐á ṫáirngneáil do’n ċrois; ag cur na ḃflaiṫeas agus na gcuṁaċt de, do rinne sé sompla saoġalta ḋíoḃ, ag buaḋaċtain orṫa d’á bárr.


aċt do laḃair sé linne ins na laeṫaiḃ deireannaċa so tré n‐a Ṁac, do ċinn sé mar oiḋre ar a ḃfuil ann, tré n‐ar ċruṫuiġ sé an doṁan, leis.


Óir ba ċuiḃe do’n té, gur dó atá an uile niḋ, agus gur tríd atá an uile niḋ, ag taḃairt móráin clainne ċum glóire ḋó, príoṁ‐uġdar a slánuiġṫe d’ḟoirḃiú tré n‐ar ḟulaing sé.


atá ar ḋeasláiṁ Dé, tar a éis dó dul isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ; na h‐aingle, agus na h‐uġdaráis, agus na cuṁaċta ḃeiṫ curṫa fá n‐a ċeannas.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ