Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.
Aduḃairt Íosa leis, An ḃfuilim an ḟaid sin ’n‐ḃúr measc, agus gan aiṫne agat orm, a Ṗilib? an té do ċonnaic mise, do ċonnaic sé an t‐Aṫair; cionnas adeir tusa, Taisbeán an t‐Aṫair ḋúinn?
Muna mbéaḋ go ndearnas ’n‐a measc na h‐oibreaċa naċ ndearna aoinneaċ eile, do ḃéidís gan ṗeacaḋ: aċt anois do ċonnacadar mise agus m’Aṫair, agus ṫugadar fuaṫ ḋúinn.
Óir do ġráḋuiġ Dia an saoġal ċóṁ mór sin, go dtug sé a Aon‐Ṁac féin, ionnas, gaċ duine creidfeaḋ ann, naċ gcaillfiḋe é, aċt go mbéaḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige.
Óir na daoine do réaṁ‐aiṫniġ sé, do réaṁ‐oirdniġ sé iad, ċum go mbéaḋ siad cosṁail le h‐íoṁáiġ a Ṁic, ċum go mbéaḋ seisean ’n‐a ċéid‐ġein i measc mórán bráiṫreaċ.
Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.
an té aṁáin ag a ḃfuil an do‐ṁarḃṫaċt, ċóṁnuiġeas i solas do‐ṡroiċte; an té naċ ḃfaca súil duine ariaṁ, agus naċ ḃféadann aon duine a ḟeicsin: dó‐san go raiḃ an onóir agus an ċuṁaċt síorraiḋe. Amen.
Is é lonnraḋ a ġlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congḃuiġeas gaċ uile niḋ le ċéile le briaṫar a ċuṁaċta; nuair do ḃí na peacaiḋe glanta aige, do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta i n‐áirde;