lán de ġáirdeaċas, do’n Aon‐Dia aṁáin, ár Slánuiġṫeoir, tré Íosa Críost ár dTiġearna, dó‐san go raiḃ glóir, mórḋaċt, neart agus cuṁaċt, mar ḃí ariaṁ, mar tá anois, agus mar ḃéas go saoġal na saoġal, Amen.
Agus an uair ċéadna sin do ḃí crioṫ mór talṁan ann, agus do ṫuit an deiċeaṁaḋ cuid de’n ċaṫair ar lár, agus do marḃaḋ seaċt míle duine san gcrioṫ talṁan agus do scannruiġ an ċuid eile ḋíoḃ, agus ṫugadar glóir do Ḋia na ḃflaiṫeas.
agus duḃairt sé de ġuṫ árd, Bíoḋ eagla Dé oraiḃ, agus taḃraiḋ glóir dó; óir atá uair a ḃreiṫeaṁnais tagṫa: agus déanaiḋ aḋraḋ do’n té do rinne neaṁ agus talaṁ agus muir agus toibreaċa an uisce.
g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Is fiú an tUan atá íoḋbarṫa an ċuṁaċt, agus an saiḋḃreas, agus an eagnaiḋeaċt, agus an neart, agus an onóir, agus an ġlóir, agus an molaḋ d’ḟáġáil.