Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ḃfilippiánaċ 3:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Óir atá a lán daoine ag siuḃal, gur inniseas daoiḃ go minic le deoraiḃ ’n‐a dtaoḃ, gur náiṁde do ċrois Ċríost iad:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Oír atáid mórán ag siúḃal, fár laḃair mé riḃ go mici, agus fá a ḃfuilim ag gul a nois dá innisin díḃ, gur naiṁde íad do ċroiċ Ċríosd:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ḃfilippiánaċ 3:18
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair ṫáinig sé i gcóṁgar, do ċonnaic sé an ċaṫair agus do ċaoin sé í,


ag déanaṁ seirḃíse do’n Tiġearna le fíor‐uṁlaċt intinne, agus le deoraiḃ, agus le caṫuiġṫiḃ ṫáinig orm tré ċóiṁċeilg na nIúdaċ:


go ḃfuil doilġeas mór agus cráḋ croiḋe gan faoiseaṁ orm.


Óir do’n dream atá ag dul amuġa is ionann briaṫar na croise agus díṫ‐céille; aċt dúinne atá d’ár slánú is í cuṁaċt Dé í.


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ naċ sealḃóċaiḋ luċt éagcóra ríoġaċt Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfaiġiḋ luċt striapaċais, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa, ná luċt aḋaltrannais, ná luċt macnais, ná sodamaiġ, ná gadaiḋṫe,


Óir is abstail ḃréige a leiṫéidí sin, oibriḋṫe mealltaċa, g‐á gcur féin i gcló abstal Ċríost.


Cia h‐é atá lag gan mise ḃeiṫ lag? Cia h‐é go mbaintear tusleaḋ as, agus naċ mbím dom’ loscaḋ?


Óir is fá ḃuaiḋirt ṁóir agus fá ḋoilġeas croiḋe do scríoḃas ċugaiḃ le frasaiḃ deor, ní ċum doilġeas do ċur oraiḃ, aċt ċum go dtuigfeaḋ siḃ méid an ġráḋa atá agam daoiḃ.


ní h‐é gur soiscéal eile é: aċt go ḃfuil dream áiriṫe ann atá ag déanaṁ buaiḋearṫ a ḋaoiḃ, agus gur mian leo soiscéal Ċríost do ċur bun os cionn.


Aċt nuair ċonnacas naċ raḃadar ág siuḃal go díreaċ do réir fírinne an tsoiscéil, aduḃras le Céfas ’n‐a ḃfiaḋnaise uile, Má ċaiṫeann tusa do ṡaoġal, agus gur Iúdaċ ṫú, ar nós na gCineaḋaċ, ní h‐é ar nós na nIúdaċ, cad ċuige ḋuit a ċur d’ḟiaċaiḃ ar na Cineaḋaċaiḃ a saoġal do ċaiṫeaṁ ar nós na nIúdaċ?


Ní ag cur grása Dé ar ceal atáim: óir má’s tríd an dliġe ġeiḃtear fíréantaċt, is i n‐aisce fuair Críost bás.


ólaċán, dreaḃlas, agus a leiṫéidí eile: fógraim daoiḃ roiṁ ré, mar aduḃras liḃ ċeana, na daoine ċleaċtas a leiṫéidí sin, naċ ḃfaiġiḋ siad oiḋreaċt i ríoġaċt Dé.


An dream gur mian leo éirġe go mórḋálaċ san ḃfeoil, cuireann siad d’ḟiaċaiḃ oraiḃ timċeall‐ġearraḋ do ḋéanaṁ; sin ċum naċ ndéanfiḋe géirleanṁain orṫa ar son croise Críost.


Aċt im’ ṫaoḃ‐sa, nár leigiḋ Dia go ndéanfainn maoiḋṁeaċas aċt aṁáin as crois Íosa Críost, tríd a ḃfuil an saoġal céasta ḋaṁ‐sa, agus mise do’n tsaoġal.


Is é adeirim d’á ḃriġ sin, agus ḟógraim daoiḃ san Tiġearna, gan siuḃal feasta ar nós na gCineaḋaċ,


ag guiḋe i gcóṁnaiḋe le gáirdeaċas i ngaċ aṫċuinġe ar son an uile ḋuine agaiḃ,


gan a ḃráṫair do ṁeallaḋ nó do ṡárú san gcás so: óir agrann an Tiġearna díoġaltas i ngaċ cás d’á leiṫéidiḃ sin, do réir mar ṫugamar raḃaḋ agus fógra ’n‐a dtaoḃ ḋaoiḃ ċeana.


Óir is clos dúinn go ḃfuil daoine ’n‐ḃur measc ċaiṫeas a saoġal go fallsa, gan obair do ḋéanaṁ, aċt iad ag taḃairt a n‐aire do ġnóṫaiḃ daoine eile.


iad‐san go mór‐ṁór ċleaċtas droċ‐ṁianta na colna, le h‐andúil i neaṁ‐ġlaine, agus do‐ḃeir droċ‐ṁeas ar sṁaċt. Daoine ceanndána, antoileaċa, ní h‐eagal leo masla do ṫaḃairt do’n tsluaġ glórṁar:


garḃ‐ṫonna fairrge, ag brúċtaḋ a náire féin amaċ; réaltana seaċránaċa go ḃfuil dorċaċt an duiḃeaċain fá n‐a gcóṁair go deoiḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ