Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ḃfilippiánaċ 2:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 ’Seaḋ, agus má doirtṫear mé mar ofráil diġe os cionn íoḋbairte agus seirḃíse ḃur gcreidiṁ, do‐ġním gáirdeaċas, agus do‐ġním bród i n‐éinḟeaċt liḃ‐se go léir:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Aċd fós, bíoḋ go ḃfuilim dom íoḋbairt ar muin íoḋbarṫa agus ṡeirḃíse ḃur gcreidiṁse, atá lúaṫġáir oram, agus gáirdeaċas má ráon liḃse uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ḃfilippiánaċ 2:17
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ.


Annsin d’ḟreagair Pól, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag gol agus ag briseaḋ mo ċroiḋe? óir atáim‐se ullaṁ, ní h‐é aṁáin ċum ḃeiṫ ceangailte, aċt fós ċum báis d’fulang i nIarúsalem ar son ainme an Tiġearna Íosa.


Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, d’á ḃriġ sin, as uċt trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫairgsin mar ḃeoíoḋbairt naoṁṫa ṫaiṫneaṁaċ do Ḋia, mar is gníoṁ aḋarṫa réasúnta agaiḃ é.


an grás ó Ḋia tugaḋ ḋom, go mbéinn im’ ṁinistir ag Íosa Críost ċum na gCineaḋaċ, ag miniostrálaċt soiscéil Dé, ċum go mbéaḋ na Cineaḋaiġ ’n‐a n‐íoḋbairt ṫaiṫneaṁaiġ, agus naoṁuiġṫe ṫríd an Spiorad Naoṁ.


Agus is le fonn ċaiṫfead‐sa mo ċuid airgid, agus béiḋead dom’ ċaiṫeaṁ féin mar ṁaiṫe le n‐ḃur n‐anmannaiḃ. Dá ṁéid é mo ġráḋ ḋaoiḃ, an aṁlaiḋ an luġa‐de ḃur ngráḋ ḋaṁ‐sa é?


Mar sin bíonn an bás ag oibriú ionnainne, aċt atá an ḃeaṫa ag oibriú ionnaiḃ‐se.


mar ḋaoine brónaċa, aċt ag déanaṁ áṫais i gcóṁnaiḋe; mar ḋaoine boċta, aċt ag bronnaḋ saiḋḃris ar a lán; mar ḋaoine naċ ḃfuil rud ar biṫ aca, aċt gur leo gaċ uile rud.


Is mór an ṁuiniġin atá agam asaiḃ, is mór an t‐aḋḃar maoiḋṁeaċais atá agam ’n‐ḃur dtaoḃ: atáim ṫar a ḃeiṫ lán d’áṫas i lár ár n‐aṁgair.


do réir mar tá súil agus dóċas mór agam naċ gcurfar náire orm fá rud ar biṫ, aċt anois, mar ḃí ariaṁ, go nglóireoċar Críost im’ ċolainn le lán‐dearḃṫaċt, má’s lem’ ḃeaṫaiḋ, nó lem’ ḃás é.


agus ar an gcuma ċéadna, déanaiḋ‐se gáirdeaċas agus bród i n‐éinḟeaċt liom.


toisc go ndeaċaiḋ sé i ngar do’n ḃás ar son gnó Ċríost, ag cur a anma i mbaoġal báis d’iarraiḋ a raiḃ i n‐easnaṁ ar ḃur seirḃís daṁ‐sa do ṡoláṫar.


Atá gaċ niḋ go h‐iomadaṁail agam: atá mo lán‐dóṫain agam, óir na neiṫe ṫáinig uaiḃ‐se, atá mar ḃolaḋ deaġ‐ċuṁra, íoḋbairt ionġlacṫa, taiṫneaṁaċ ag Dia, fuaras ó Epafróditus iad.


Do‐ġním gáirdeaċas anois i lár mo ḃuaiḋearṫa ar ḃur son, agus líonaim suas im’ ḟeoil féin an méid de ṗiantaiḃ Ċríost atá i n‐easnaṁ ar son a ċuirp,


mar sin de, le méid an ċeana do ḃí againn oraiḃ, ba ṁian linn, ní h‐é soiscéal Dé aṁáin do roinnt liḃ, aċt ár n‐anamanna féin, leis, toisc gurḃ an‐ionṁain linn siḃ‐se.


Óir atáim‐se anois féin dom’ ḋoirteaḋ amaċ mar íoḋbairt, agus is gearr uaim uair m’imṫeaċta.


Biḋiḋ‐se, mar an gcéadna, mar ċloċa beo d’á gcur le ċéile ċum teaċ spioradálta do ṫógáil, ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur sagartaċt naoṁṫa, ċum íoḋbarṫa spioradálta ṫaiṫneas le Dia tré Íosa Críost, d’ofráil.


Air so is eaḋ aiṫniġmíd an gráḋ, de ḃriġ go dtug seisean a anam ar ár son; agus ba ċeart dúinne ár n‐anam do ṫaḃairt ar son na mbráṫar.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ