Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ḃfilippiánaċ 2:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 óir is é Dia do‐ḃeir daoiḃ an toil agus an éifeaċt mar is mian leis féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Oír a sé Día oibriġeas ionnuiḃ an toil agus an gníoṁ do réir a ḋeaġṫola.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ḃfilippiánaċ 2:13
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ná bíoḋ eagla oraiḃ, a ṫréad ḃeag, óir is é toil ḃúr nAṫar an ríoġaċt do ṫaḃairt daoiḃ.


Glóir do Ḋia ins na flaiṫeasaiḃ is aoirde, Agus ar talaṁ síoṫċáin do luċt déiġṁéine.


D’ḟreagair Eoin agus aduḃairt sé, Ní féidir le duine éinniḋ do ġlacaḋ muna dtugtar ḋó é ó neaṁ.


Atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ, Agus béiḋ siad uile d’á dteagasc ag Dia. Gaċ duine d’éist leis an Aṫair, agus d’ḟoġlaim, tagann sé ċugam‐sa.


Agus aduḃairt sé, Is ar an aḋḃar sin aduḃairt mé liḃ naċ féidir le h‐aoinneaċ teaċt ċugam muna ḃfuil taḃarṫa ag m’Aṫair ḋó teaċt.


Agus do ḃí láṁ an Tiġearna leo: agus do ḃí cuid ṁór díoḃ‐san do ċreid agus d’iompuiġ ċum an Tiġearna.


Óir adeirim, ṫríd an ngrása tugaḋ ḋom, le gaċ duine ’n‐ḃur measc, gan meas níos áirde ’ná ba ċóir do ḃeiṫ aige air féin, aċt maċtnaṁ stuamḋa do déanaṁ, do réir mar roinn Dia ar gaċ duine a ṁiosúr féin de ċreideaṁ.


óir sara rugaḋ an ċlann, gan éinniḋ maiṫ ná olc ḃeiṫ déanta aca, ċum go mbéaḋ cuspóir Dé san toġa seasṁaċ, ní mar ġeall ar oibreaċaiḃ é, aċt de ṫoil an té ġlaoḋas;


Ar an aḋḃar sin, ní leis an duine gur toil leis é, ná leis an duine go ḃfuil tréin‐riṫ aige, ḃaineas sé, aċt le Dia do‐ġní trócaire.


Agus atá oibreaċa éagsaṁla ann, aċt ní ḟuil ann aċt an t‐aon Dia aṁáin do‐ġní an uile niḋ san uile ḋuine.


Aċt is tré ġrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnaḋ orm, ní fríṫ gan éifeaċt é; aċt is mó an saoṫar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: giḋ naċ mise do‐rinne, aċt grása Dé do ḃí liom.


ní h‐é gur féidir linn éinniḋ d’áireaṁ mar ḃéaḋ uainn féin; aċt is ó Ḋia ṫig ár gcumas;


Do rinneaḋ oiḋrí ḋínne ann, ar mbeiṫ ḋúinn réaṁórduiġṫe do réir rúin an té do‐ġní gaċ niḋ do réir cóṁairle a ṫola féin:


do réaṁ‐órduiġ sé sinn ċum ḃeiṫ ’n‐ár macaiḃ uċta ḋó féin tré Íosa Críost, do réir deaġ‐roġa a ṫola,


tar a éis dó rúindiaṁair a ṫola do noċtaḋ ḋúinn, fá mar ḃí ceapṫa ann féin aige, do réir a ḋéiġṁéine féin,


óir is le grása do slán uiġeaḋ siḃ tré ċreideaṁ; ní uaiḃ féin é: bronntanas Dé is eaḋ é:


Ċuige sin bímíd ag guiḋe gan stad ar ḃur son, ċum go measaiḋ ár nDia gur fiú siḃ ḃur ngairm, agus go gcóiṁlíonaiḋ sé gaċ deaġ‐rún ċum maiṫeasa agus gaċ gníoṁ creidiṁ le n‐a ċuṁaċt,


do ṡaor, agus do ġoir le naoṁ‐ġairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníoṁarṫa, aċt do réir a rúin agus a ġrása féin, tugaḋ i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin,


go ḃfoirḃiḋ sé ins gaċ deaġ‐ġníoṁ siḃ, ċum a ṫoil do ḋéanaṁ, ag oibriú ionnainn a ḃfuil taiṫneaṁaċ ’n‐a ḟiaḋnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal. Amen.


Go mbeannuiġtear Dia, Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, d’aiṫġein, do réir a ṁór‐ṫrócaire, sinn ċum beo‐ḋóċais tré aiséirġe Íosa Críost ó na marḃaiḃ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ