Aċt má tá cuid de na géagaiḃ briste, agus gur nóduiġeaḋ ṫusa ’n‐a measc, ar mbeiṫ ḋuit id’ ola‐ċrann fiaḋain, rann‐ṗáirteaċ leo i ḃfréiṁ agus i suġ an ola‐ċrainn:
is é sin go ḃfuil na Cineaḋaċa ’n‐a gcóṁ‐oiḋriḃ, agus ’n‐a gcóṁṗáirtiḋṫiḃ san ngeallaṁain atá i nÍosa Críost tríd an soiscéal, go ndearnaḋ seirḃíseaċ díom‐sa ḋe,
Aċt aṁáin caiṫiḋ ḃur saoġal mar d’oirfeaḋ do ṡoiscéal Ċríost; ar ċuma, cia aca ṫigim agus ċím siḃ, nó ḃím as láṫair, go mbéiḋ a ḟios agam ’n‐ḃur dtaoḃ go ḃfuil siḃ ag seasaṁ i n‐aon spiorad aṁáin, siḃ ar aon‐intinn aṁáin ag déanaṁ lán ḃur ndíċill ar son creidiṁ an tsoiscéil;
óir is ceart dom ḃeiṫ ar an intinn sin ’n‐ḃur dtaoḃ uile, de ḃriġ go ḃfuil siḃ im’ ċroiḋe agam, óir im’ ċuiḃreaċaiḃ, agus ag pléiḋe cúise an tsoiscéil dom agus g‐á ḋaingniú, atá siḃ uile rannṗáirteaċ i ngrása liom.
D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre ionṁaine, mar ḃí siḃ uṁal i gcóṁnaiḋe, ní h‐é aṁáin im’ láṫair‐se, aċt go mórṁór ar mbeiṫ as láṫair dom, saoṫruiġiḋ amaċ ḃur slánuġaḋ féin le h‐eagla agus le crioṫnú;
Agus impiḋim ort‐sa, a ċomrádaiḋe ḋil, congnaṁ do ṫaḃairt do na mnáiḃ úd, óir do ṡaoṫruiġeadar san tsoiscéal i n‐éinḟeaċt liom‐sa, i n‐éinḟeaċt le Clément, leis, agus leis an gcuid eile dem’ ċóṁ‐oibriġṫeoiriḃ, go ḃfuil a n‐ainmneaċa ṫíos i leaḃar na beaṫaḋ.
Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost:
an méid do ċonnacamar agus do ċualamar, is é atá againn d’á ḟógairt daoiḃ‐se, leis, ċum go mbéiḋ cumann agaiḃ‐se linne mar an gcéadna: agus is leis an Aṫair atá ár gcumann, agus le n‐a Ṁac Íosa Críost: