Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




3 Eoin 1:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 D’á ḃriġ sin, má ṫagaim, cuirfead i gcuiṁin dó na gníoṁarṫa atá d’á ndéanaṁ aige, ag laḃairt ’n‐ḃur n‐aġaiḋ as cainnt ṁailísiġ: agus ní n‐é aṁáin sin é, aċt ní ġlacann sé féin na bráiṫre ċuige, agus cuireann sé cosc leo‐san gur mian leo a ḋéanaṁ, agus caiṫeann sé as an eaglais amaċ iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Ar a naḋḃarsa, más teaċd ḋaṁ, cuirfead a gcéill a ġníoṁarṫa do ní sé, ag cur ċallóide orruinn ré bríaṫruiḃ urċóideaċa: agus ní lór leis sin, aċd ní ġaḃann sé féin na dearḃráiṫre ċuige, agus cuiriḋ toirmeasg ar an druing lér ṁían, agus cuiríḋ sé amaċ as a neagluis íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




3 Eoin 1:10
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair ṫiuḃras na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus nuair ṡéanfas siad siḃ, agus ṫiuḃras siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus ṁaslóċas siad ḃúr n‐ainm mar ḋroċ‐rud, ar son Ṁic an Duine.


Aduḃairt an t‐aṫair agus an ṁáṫair an méid sin ar eagla na nIúdaċ: óir do ḃí socruiġṫe ag na h‐Iúdaċaiḃ, dá n‐adṁuiġeaḋ duine ar biṫ gurḃ é an Críost é, go gcuirfiḋe amaċ é as an tsionagóig.


Agus ins na laeṫiḃ sin d’éiriġ Peadar i lár na mbráiṫreaċ, (do ḃí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiċe),


Aduḃras liḃ ċeana nuair ḃíos láiṫreaċ an dara h‐uair, agus anois, ar mbeiṫ as láṫair dom, fógraim do na daoiniḃ do rinne peacaḋ, agus do na daoiniḃ eile, má ṫagaim arís, naċ ndéanfad truaġ ḋaoiḃ;


Mar sin de, do réir mar ḃíos an uain againn, déanaimís an ṁaiṫ do’n uile ḋuine, go mórṁór do luċt tiġe an ċreidiṁ.


Ṫairis sin, ag éirġe díoṁaoin dóiḃ, bíonn siad ag dul ó ṫiġ go tiġ; agus ní h‐é díoṁaoin aṁáin, aċt bíonn siad cainnteaċ, fíosruiġṫeaċ, ag cur síos ar neiṫiḃ naċ ceart dóiḃ laḃairt ’n‐a dtaoḃ.


Má ṫig aoinneaċ ċugaiḃ gan an teagasc so do ṫaḃairt leis, ná glacaiḋ isteaċ ’n‐ḃur dtiġ é, agus ná beannuiġiḋ ḋó:


Is mór a lán do ḃéaḋ agam le scríoḃaḋ ċugaiḃ, aċt níorḃ áil liom é do scríoḃaḋ le páipéar agus le duḃaċ; aċt atá súil agam teaċt ċugaiḃ agus laḃairt liḃ béal le béal, ċum go mbéiḋ gáirdeaċas go h‐iomlán agaiḃ.


Is mór an gáirdeaċas do ḃí orm nuair ṫáinig na bráiṫre ċugam ag taḃairt fiaḋnaise leo ar an ḃfírinne atá ionnat, cionnas táir ag siuḃal san ḃfírinne.


A ċara ionṁain, is creideaṁnaċ an méid atá d’á ḋéanaṁ agat ar son na mbráṫar agus ar son na ndeoraiḋe, leis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ