Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Peadar 3:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Aċt tiocfaiḋ lá an Tiġearna mar ġadaiḋe; imṫeoċaiḋ na spéarṫa le torann mór an lá úd, agus scriosfar na dúla le dian‐teas loiscneaċ, agus dóiġfear an talaṁ agus na h‐oibreaċa atá ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Giḋeaḋ tiucfuiḋ lá an Tíġearna marġaduiġe sa noiḋċe; ann a raċuiḋ neaṁ ṫoruinn maille ré tormán, agus ann a mbéid na dúile ag leaġaḋ ré teas, agus ann a loisgfiġṫear an talaṁ agus na hoibreaċa atá air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Peadar 3:10
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Raċaiḋ spéir agus talam ar ceal: aċt ní raċaiḋ mo ḃriaṫra‐sa ar ceal.


Raċaiḋ spéir agus talaṁ ar ceal: aċt ní raċaiḋ mo ḃriaṫra‐sa ar ceal.


Aċt biḋiḋ cinnte ḋe seo, dá mbéaḋ a ḟios ag fear an tiġe cia an uair a ḃí an gadaiḋe le teaċt, go ndéanfaḋ sé faire, agus naċ leigfeaḋ sé a ṫeaċ do ḃriseaḋ.


Óir do cuireaḋ ar cruṫuiġeaḋ fá réimeas an ḃaosraiḋ, ní h‐é d’á ṡaor‐ṫoil féin é, aċt mar ġeall ar an té do ċuir fá smaċt é,


an té ḋaingneoċas siḃ go deireaḋ, ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt i ló ár dTiġearna Íosa Críost.


go dtugtar a leiṫéid sin de ḋuine suas do Ṡátan ċum scriosta na colna, ionnas go saorfaiḋe an spiorad i ló an Tiġearna Íosa.


aṁail mar ċuir siḃ a ḃeag nó a ṁór d’aiṫne orainn, gur sinne aḋḃar ḃur maoiḋṁeaċais, fá mar is siḃ‐se aḋḃar ár maoiḋṁeaċais i ló ár dTiġearna Íosa.


Óir atá a ḟios agaiḃ go maiṫ go dtagann lá an Tiġearna mar ṫagann gadaiḋe san oiḋċe.


Aċt, a ḃráiṫre, ní ḟuil siḃ‐se san dorċaċt, go dtiocfaḋ an lá úd oraiḃ mar ṫiocfaḋ gadaiḋe.


Ó ṫárla go ḃfuil sé i ndán do na neiṫiḃ seo go léir dul i n‐éag, cionnas mar ba ċeart daoiḃ‐se ḃeiṫ mar ḋaoine do réir deaġ‐iomċair agus diaḋaċta,


ag fuireaċ daoiḃ, agus siḃ go dúṫraċtaċ fá ċóṁair lae Dé, ’n‐a scriosfar na spéarṫa le tóiteán teineaḋ, agus ’n‐a leaġfar na dúla le dian‐teas loiscneaċ?


gur fá ċóṁair teineaḋ atá siad d’á gcoiṁeád ag an mbriaṫar céadna sin, d’á gcongḃáil go dtí lá breiṫeaṁnais agus scriosta na ndaoine neiṁ‐ḋiaḋa.


Na h‐aingle, mar an gcéadna, nár ċoiṁeád a ngradam féin, aċt do tréig a n‐áitreaḃ, atáid d’á gcongḃáil fá ṡlaḃraiḃ síorraiḋe, i ndorċadas, fá ċóṁair breiṫeaṁnas an lae ṁóir.


(Féaċ, atáim ag teaċt ar nós gadaiḋe. Is aoiḃinn do’n té do‐ġní faire, agus ċoiṁeádas a ċuid éadaiġe, ar eagla go siuḃalfaḋ sé lomnoċt, agus go ḃfeicfiḋe a náire).


Agus do ċonnacas riġ‐ċaṫaoir ṁór, ġeal, agus an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe innti, gur ṫeiċ an talaṁ agus neaṁ ó n‐a ġnúis; agus ní raiḃ áit le fáġáil dóiḃ.


Agus do ċonnacas neaṁ úr‐nua agus talaṁ úr‐nua: óir do ḃí an ċéad neaṁ agus an ċéad talaṁ imṫiġṫe, agus ní raiḃ an ḟairrge ann ní ba ṁó.


Cuiṁniġ, d’á ḃriġ sin, ar a ḃfuarais agus ar a gcualais, agus congḃuiġ é, agus déan aiṫriġe. Aċt muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaiḋe, gan a ḟios agat cia an uair ṫiocfad ort.


Agus d’imṫiġ spéir neiṁe mar leaḃar do fillfiḋe ar a ċéile; agus do h‐aistriġeaḋ gaċ cnoc agus gaċ oileán as a n‐ionadaiḃ féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ