Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Peadar 2:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Atá súile lán d’aḋaltrannas aca, súile naċ scurann de’n ṗeacaḋ; ag meallaḋ na n‐anmann neaṁ‐ṡeasṁaċ; agus atá a gcroiḋeaċa cleaċta ar an sainnt;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agá ḃfuilid súile lán daḋaltrannas, agus naċ ḃfeudann sgur do ṗeacaḋ; ag meallaḋ na nanmann neiṁṡeasṁaċ: agá ḃfuilid cróiḋṫe do ḃeir íad féin do ġnáṫ do ṡaint; clann na mallaċd:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Peadar 2:14
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cionnas is féidir liḃ‐se deaġ‐neiṫe do laḃairt, agus siḃ go h‐olc? óir is as líonṁaireaċt an ċroiḋe laḃras an béal.


Is mairg daoiḃ‐se, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċraḃaiḋ! óir iṫeann siḃ tiġṫe na mbaintreaḃaċ, ag déanaṁ urnaiġṫe fada ḋaoiḃ: d’á ḃriġ sin is troime‐de an breiṫeaṁnas tiuḃarfar oraiḃ.


Annsin adéarfaiḋ sé leo‐san ḃéas ar a láiṁ ċlé, Imṫiġiḋ uaim, a ḋaoine malluiġṫe, isteaċ sa teiniḋ ṡíorraiḋe do h‐ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingliḃ:


Ná déan aḋaltrannas: aċt adeirim‐se liḃ, cibé duine ḟéaċas ar ṁnaoi go h‐ainṁianaċ, go ḃfuil aḋaltrannas déanta ċeana aige léi, ’n‐a ċroiḋe.


óir éireoċaiḋ Críostanna bréige agus fáiḋe bréige, agus taisbéanfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantais, d’ḟonn na fíréin féin do ṁeallaḋ, dá mb’ ḟéidir é.


Cionnas do b’ḟéidir go gcreidfeaḋ siḃ‐se, ġlacas onóir ó n‐a ċéile, agus gan aon éileaṁ agaiḃ ar an nglóir ṫig ó’n aon Dia.


Óir ní do’n Tiġearna Críost atá a leiṫéidí ag déanaṁ seirḃíse, aċt d’á mbolg féin; agus tá siad ag meallaḋ croiḋeaċa na ndaoine simpliḋe le blastaċt cainnte agus le bladaireaċt.


Óir ní féadfaiḋe gan siosmaí ḃeiṫ ’n‐ḃur measc, ċum go noċtfaiḋe iad‐san ’n‐ḃur measc atá fírinneaċ.


Do ċaiṫeamair‐ne, leis, ár saoġal tráṫ ’n‐a measc do réir ainṁianta na feola, ag cleaċtaḋ tola na feola agus na h‐intinne, agus do réir dúṫċais do ḃíomar ’n‐ár gclainn díḃeirge, ar nós daoine eile:


ċum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas naċ mbéidmíd feasta ’n‐ár leanḃaiḃ, d’ár luascaḋ siar, aniar, d’ár scuabaḋ ċum siuḃail ag gaċ gaoiṫ teagaisc, ag cleasaiḋeaċt luċt ceilge, ag a gclisteaċt ċum mealltóireaċta:


Ná leigiḋ d’aon duine ḃur luaiġeaċt do ṁeallaḋ uaiḃ, g‐á ṡásaṁ féin fá scáṫ uṁlaċta ḋá deoin féin agus le h‐aḋraḋ do ṫaḃairt d’aingliḃ, ag seasaṁ ar a ḃfaca se, agus é d’á ṫeannaḋ le h‐uaḃar ag a céadfaiḋiḃ colnaiḋe féin,


corraċ ’n‐a ṡliġṫiḃ uile is eaḋ é.


Óir, ag laḃairt do mórḋálaċ as baoṫ‐ċainnt dóiḃ, bréagaid le h‐ainṁiantaiḃ na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalóḋ ó’n dream atá ag siuḃal ar mearḃall:


Agus le sainnt déanfaiḋ siad aḋḃar ceannaiḋeaċta ḋíḃ le briaṫraiḃ mealltaċa: dream go ḃfuil a mbreiṫeaṁnas le tamall fada anois ag teannaḋ leo, agus naċ ḃfuil a scrios ag fanaṁain fá ṡuan.


mar scríoḃann sé, leis, ’n‐a eipistiliḃ uile; ’n‐a ḃfuil neiṫe gur deacair a dtuigsin, go gclaonann daoine gan foġlaim, gan seasṁaċt a gciall, mar ċlaonann siad ciall na scrioptúir eile, ċóṁ maiṫ, ċum a n‐aiṁleasa féin.


Óir gaċ a ḃfuil san tsaoġal, ainṁian na feola, ainṁian na súl agus uaḃar an tsaoġail seo ní ó’n Aṫair atá siad, aċt ó’n saoġal.


Mairg dóiḃ! óir do leanadar lorg Ċáin, agus do ċuadar ar mearḃall ar nós Ḃaláaim ar son tuarastail, agus do cailleaḋ iad i méirleaċas Ċóré.


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ