Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Peadar 2:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 iad‐san go mór‐ṁór ċleaċtas droċ‐ṁianta na colna, le h‐andúil i neaṁ‐ġlaine, agus do‐ḃeir droċ‐ṁeas ar sṁaċt. Daoine ceanndána, antoileaċa, ní h‐eagal leo masla do ṫaḃairt do’n tsluaġ glórṁar:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus go mórṁór an dream leanus ainṁíana na colla a neaṁġloine, agus do ḃeir neiṁċion ar úaċdaránaċd. Ar mbeiṫ ḋóiḃ andána, lán asda féin, ní ḃíonn faitċeas orṫa fá anċaint do ḋéunaṁ ar an luċd atá a gcúṁaċduiḃ árda.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Peadar 2:10
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ar dteaċt dí, do‐ġeiḃ sí an teaċ scuabṫa, deisiġṫe.


Aċt do ḃí fuaṫ ag a ḋaoiniḃ ḋó, agus do ċuireadar teaċtaireaċt ’n‐a ḋiaiḋ, g‐á ráḋ, Ní h‐áil linn é seo ḃeiṫ ’n‐a riġ orainn.


Agus aduḃairt Pól, Ní raiḃ a ḟios agam, a ḃráiṫreaċa, gurḃ é an t‐árd‐ṡagart é: óir atá scríoḃṫa, Ní ṫiuḃrair droċ‐ċainnt d’uaċtarán mo ṗobail.


Ní ḟuil damnú, d’á ḃriġ sin, i ndán do na daoiniḃ atá i nÍosa Críost, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an Spioraid.


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ naċ sealḃóċaiḋ luċt éagcóra ríoġaċt Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfaiġiḋ luċt striapaċais, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa, ná luċt aḋaltrannais, ná luċt macnais, ná sodamaiġ, ná gadaiḋṫe,


Óir má ṡiuḃlaimíd san gcolainn féin, ní do réir na colna ṫroidimíd;


ar mbeiṫ ḋóiḃ gan moṫú, ṫugadar iad féin do ḋroċ‐nósaiḃ, ċum gaċ neaṁ‐ġlaine do ċleaċtaḋ le sainnt.


Óir bíoḋ a ḟios agaiḃ go maiṫ naċ ḃfuil oiḋreaċt ar biṫ i ríoġaċt Ċríost agus Dé ag striapaċ, ná ag duine neaṁ‐ġlan, ná ag duine sanntaċ, is é sin ioḋal‐aḋraṫóir.


Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í;


Óir ní ċum neaṁ‐ġlaine do ġlaoḋ Dia sinn, aċt ċum naoṁṫaċta.


Óir béiḋ na daoine leiṫleasaċ, sanntaċ, maoiḋteaċ mórtasaċ, masluiġṫeaċ, easuṁal d’aiṫreaċaiḃ agus do ṁáiṫreaċaiḃ, díombuiḋeaċ, mí‐naoṁṫa, gan gráḋ nádúrṫa,


Óir ní foláir do’n easboc ḃeiṫ gan loċt, mar ba ċóir do ṁaor Dé; gan ḃeiṫ ceanndána, gan ḃeiṫ feargaċ, gan ḃeiṫ tugṫa do’n ól, gan ḃeiṫ buailteaċ, ná sanntaċ i n‐airgead neaṁ‐ġlan;


Bíoḋ an pósaḋ fá onóir ag cáċ, agus bíoḋ an leabaiḋ gan truailleaḋ: óir ḃéarfaiḋ Dia breiṫeaṁnas ar luċt drúise agus aḋaltrannais.


agus a ḟios agaiḃ ar dtús go dtiocfaiḋ luċt magaiḋ le sgige ins na laeṫiḃ deireannaċa, ag leanaṁain d’á n‐ainṁiantaiḃ féin,


Aċt laḃrann an dream so go masluiġṫeaċ i dtaoḃ neiṫe naċ ḃfuil aon eolas aca orṫa: agus na neiṫe go ḃfuil eolas ó ḋúṫċas aca orṫa, truailliġeann siad féin ionnta ar nós ainṁiḋṫe gan réasún.


Luċt claṁsáin, luċt cannráin is eaḋ a leiṫéidí, ag siuḃal do réir a n‐ainṁianta féin (agus focail ṁóra, maoiḋteaċa ’n‐a mbéal aca), ag taḃairt ómóis do ḋaoiniḃ le súil go ḃfaiġiḋ siad brabaċ dóiḃ féin.


cionnas mar aduḃradar liḃ, Ins an aimsir ḋeireannaiġ béiḋ luċt magaiḋ ann, ag siuḃal do réir a n‐ainṁianta neiṁ‐ḋiaḋa féin.


Óir atá daoine áiriṫe do ṡleaṁnuiġ isteaċ ós íseal, daoine do réaṁ‐órduiġeaḋ fad ó ċum na daoir‐ḃreiṫe seo, daoine neiṁ‐ḋiaḋa atá ag tionntoḋ grása ár nDé go colnaiḋeaċt, agus atá ag séanaḋ Íosa Críost, ár n‐aon Ṁáiġistir agus ár n‐aon Tiġearna aṁáin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ