Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Peadar 1:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Ar an aḋḃar sin leanfad‐sa i gcóṁnaiḋe de ḃeiṫ ag cur na neiṫe seo i gcuiṁne ḋaoiḃ, bíoḋ go ḃfuil eolas agaiḃ orṫa, agus go ḃfuil siḃ suiḋte go daingean san ḃfírinne atá anois ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Ar a naḋḃarsa ní ḋéuna mé faílliḋe ré ḃeiṫ ag síorċuir na neiṫeannsa a gcuiṁne ḋíḃ, bíoḋ go ḃfuil siḃ iúlṁar, agus daingean sa ḃfírinne atá a laṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Peadar 1:12
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus mar sin do ḃí na h‐eaglaisí ag neartú san gcreideaṁ, agus ag dul i méid i n‐aġaiḋ an lae.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, déanaiḋ gáirdeaċas san Tiġearna. Ní ḟuil tuirse orm ag scríoḃaḋ na neiṫe céadna arís, aċt déanfaiḋ sé ḃur leas‐sa.


as uċt an dóċais atá i dtaisce ’n‐ḃur gcóṁair ins na flaiṫeasaiḃ, go gcualaḃar tuairisc ’n‐a ṫaoḃ roiṁe seo i mbriaṫar fírinne an tsoiscéil,


siuḃlaiḋ ann d’á réir, siḃ fréaṁuiġṫe agus daingniġṫe ann, fá mar tugaḋ teagasc daoiḃ, ag dul i méid ann le lán‐ḃuiḋeaċas.


Má ċuireann tú na neiṫe seo i gcuiṁin do na bráiṫriḃ, béiḋir id’ ṡeirḃíseaċ maiṫ d’Íosa Críost, oilte as briaṫraiḃ an ċreidiṁ agus as an deaġ‐ṫeagasc d’ár leanais go dtí anois.


Is ar an aḋḃar sin ċuirim i gcuiṁin duit an taḃartas ó Ḋia atá ionnat tré leagaḋ mo láṁ‐sa, d’aṫḃrostú.


Aċt biḋiḋ ag cuiṁneaṁ ar na sean‐laeṫiḃ ’n‐ar ṡeasuiġ siḃ spairn ṗianaṁail, tar a éis daoiḃ solas d’ḟáġáil;


Ná biḋiḋ d’ḃur ḃfuadaċ ag teagascaiḃ éagsaṁla, aisteaċa; óir is maiṫ go gcoṫóċaiḋe an croiḋe le grása, ní le biaḋaiḃ do ḃí gan tairḃe ariaṁ do na daoiniḃ do ġnáṫuiġ iad.


Agus Dia an uile ġrása, do ġlaoḋ ċum a ġlóire féin i gCríost siḃ, tar a éis daoiḃ fulang ar feaḋ tamaill ḃig, foirḃfiḋ sé siḃ, neartóċaiḋ agus daingneoċaiḋ sé siḃ.


Tré Ṡilḃánus, ár mbráṫair dílis, do réir mo ṫuairme‐se, atáim ag scríoḃaḋ go h‐aiṫġearr ċugaiḃ, ċum meanmna do ṫaḃairt daoiḃ, agus ċum a ċur i dtuigsin daoiḃ gur ab é fíor‐ġrása Dé é seo: seasuiġiḋ go daingean ann.


Agus measaim gur ceart dom, a ḟad is táim san mboiṫ seo, ḃeiṫ ag aṫ‐ḃrostú ḃur gcuiṁne:


Aċt déanfad gaċ iarraċt ċum go mbéiḋ ar ċumas daoiḃ, tar éis imṫeaċt dom, ḃeiṫ ag aṫċuiṁneaṁ ar na neiṫiḃ seo.


Is í seo anois, a ċáirde, an dara h‐eipistil atá agam d’á scríoḃaḋ ċugaiḃ; agus san dá eipistil atáim ag brostú ḃur slán‐aigne agus ag múscailt ḃur gcuiṁne,


D’á ḃriġ sin, a ċáirde, ó’s eol daoiḃ an méid seo roiṁ ré, biḋiḋ ar ḃur n‐aire, ar eagla go scuabfaiḋe siḃ le mearḃall na gcuirpṫeaċ, agus go dtuitfeaḋ siḃ ó n‐ḃur seasṁaċt féin.


Níor scríoḃas ċugaiḃ de ḃriġ naċ eol daoiḃ an ḟírinne, aċt de ḃriġ gur ab eol daoiḃ í, agus de ḃriġ naċ dtig bréag ar biṫ ó’n ḃfírinne.


as uċt na fírinne ċóṁnuiġeas ionnainn, agus ḃéas linn go síorraiḋe.


Aċt, a ċáirde ionṁaine, biḋiḋ‐se ag cuiṁneaṁ ar na briaṫraiḃ do laḃair abstail ár dTiġearna Íosa Críost roiṁe seo;


A ċáirde ionṁaine, ó ṫárla go raiḃ fonn mór orm scríoḃaḋ ċugaiḃ i dtaoḃ ár slánuiġṫe ċóṁ‐ċoitċinn, is é do ḃí ’gam’ spreagaḋ a ṁeas go raiḃ sé de ḋualgas orm scríoḃaḋ ċugaiḃ g’á impiḋe oraiḃ an creideaṁ tugaḋ aon uair aṁáin do na naoṁaiḃ do ċosaint go daingean.


Is mian liom anois a ċur i gcuiṁne ḋaoiḃ, bíoḋ go ḃfuil lán‐eolas agaiḃ ar na neiṫiḃ seo ar fad, gur ṡaor an Tiġearna pobal as tír na hÉigipite aon uair aṁáin, aċt gur scrios sé ’n‐a ḋiaiḋ sin iad‐san nár ċreid.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ