Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Peadar 1:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 óir is mar sin do‐ḃéarfar daoiḃ sliġe ḟairsing isteaċ i ríoġaċt ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Oír as áṁluiḋ so ġeaḃus siḃ go fairsing sliġe ré dul a steaċ a rioġaċd ṡiorruiḋe ar Dtíġearna agus ar Slánaiġṫeóra Iósa Críosd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Peadar 1:11
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin adéarfaiḋ an Rí leo‐san ḃéas ar a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe lem’ Aṫair, sealḃuiġiḋ an ríoġaċt atá ullṁuiġṫe ’n‐ḃúr gcóṁair ó ḃunú an doṁain:


Ní ṫagann an gadaiḋe aċt ċum ḃeiṫ ag goid, agus ag marḃaḋ, agus ag slad: ṫáinig mise ċum go mbéaḋ beaṫa aca, agus go mbéaḋ sí go fairsing aca.


Nó an beag is fiú leat saiḋḃreas a ṁór‐ṁaiṫeasa agus a ḟad‐ḟulaing agus a ḟoiġde, gan a ḟios agat gur ab é maiṫeas Dé atá gad’ ṫarraing ċum aiṫreaċais?


Annsin an deireaḋ, nuair ṫiuḃras sé an ríoġaċt suas do Ḋia, an tAṫair; nuair ċuirfeas sé gaċ ceannas agus gaċ uġdarás agus cuṁaċt ar ceal.


Óir is eol dúinn, má scriostar an pailliún so ’n‐a gcóṁnuiġmíd ar talaṁ, go ḃfuil áitreaḃ ó Ḋia againn, teaċ naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, atá síorraiḋe, ins na flaiṫeasaiḃ.


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó i ḃfad níos mó do ḋéanaṁ ’ná ṫig linn a iarraiḋ nó a ṡaṁlú, do réir na cuṁaċta atá ag oibriú ionainn,


Órduiġ do na daoiniḃ go ḃfuil saiḋḃreas aca san tsaoġal so gan ḃeiṫ árd‐aigeantaċ, gan a muiniġin do ċur as an saiḋḃreas so‐ġluaiseaċta, aċt as Dia do‐ḃeir gaċ niḋ go fial dúinn ċum ár sástaċta:


Saorfaiḋ an Tiġearna ó gaċ droċ‐obair mé, agus béarfaiḋ sé slán mé ċum a ríoġaċta neaṁḋa: dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal! Amen.


ó’n am so amaċ is í coróin na fíréantaċta atá i ndán dom, coróin ḃéarfas an Tiġearna, breiṫeaṁ fíréan, dom san ló úd, agus ní daṁ‐sa aṁáin, aċt do na daoiniḃ go léir gur geal leo a ṫeaċt.


Uime sin, ó ṫárla gur ṁian le Dia buain‐tseasṁaċt a raiḃ ceapṫa aige i gcóṁair oiḋrí na geallaṁna do ṫaisbeáint níos cruinne, ṫug sé an mionn isteaċ:


Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost:


Ar an aḋḃar seo féin déanaiḋ lán ḃur ndíċill, agus cuiriḋ suḃáilce le n‐ḃur gcreideaṁ;


Óir, tar a éis dóiḃ teaċt saor ó ṫruailliú an tsaoġail tré eolas an Tiġearna, agus an tSlánuiġṫeora Íosa Críost, má greamuiġtear iad ann arís agus má buaiḋtear orṫa, is measa a staid deiriḋ ’ná a gcéad staid.


Aċt biḋiḋ ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ġlóir anois agus go síorraiḋe. Amén.


An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad de ċead dó suiḋe síos i n‐éinḟeaċt liom im’ riġ‐ċaṫaoir, fá mar rugas féin buaiḋ, agus do ṡuiḋeas síos i n‐éinḟeaċt lem’ Aṫair ’n‐a riġ‐ċaṫaoir‐sean.


agus go ndearnais ríoġaċt agus sagairt le h‐aġaiḋ ár nDé ḋíoḃ; agus riaġlóċaiḋ siad ar talaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ