Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Peadar 1:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, déanaiḋ iarraċt san mbreis ar ḃur ngairm agus ar ḃur dtoġaḋ do ḋaingniú: óir ag cleaċtaḋ na neiṫe seo ḋaoiḃ, ní ṫuisleoċaiḋ siḃ ċoiḋċe:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Uime sin a ḋearḃráiṫre, go maḋ móide ḋéunad diḃ dúṫraċd, ré ḃur ngairm agus re ḃur dtoġa do ḋéunaṁ diongṁalta: óir má ní siḃ na neiṫese, ni ḃfuiġe siḃ leagaḋ ċoiḋċe:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Peadar 1:10
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir atá glaoiḋte ar ṁórán, aċt ní ḟuil toġṫa aċt beagán.


Óir ní ṫéiġeann Dia siar ar a ḃronntanaisiḃ agus ar a ġairm.


Cibé ar biṫ é, fanann bun daingean Dé go seasṁaċ, agus an séala so air: Is eol do’n Tiġearna a ṁuinntear féin; agus, Gaċ aoinneaċ ainmniġeas ainm an Tiġearna, tréigeaḋ sé an éagcóir.


Agus is é is mian liom go dtaisbeánfaḋ gaċ duine agaiḃ an dúṫraċt ċéadna ċum lán‐dearḃṫaċt dóċais do ċoṫú go deireaḋ:


dóċas atá mar ancaire anma againn, agus é daingean, díongṁálta, mar téiġeann sé isteaċ san naoṁ‐áit taoḃ ṫiar de’n ḃrat;


Óir cibé duine ċóiṁlíonas an dliġe uile, agus go gcliseann air aiṫne aṁáin de do ċoiṁeád, atá sé cionntaċ ionnta go léir.


do toġaḋ do réir réaṁeolais Dé an tAṫair, tré naoṁú an Spioraid, ċum uṁlaċta agus ċum croiṫte fola Íosa Críost: Go méaduiġtear grása agus síoṫċáin daoiḃ.


atá d’ḃur gcuṁdaċ le cuṁaċt Dé tré ċreideaṁ fá ċóṁair slánuiġṫe atá ullaṁ le n‐a ḟoillsiú ins an aimsir ḋeiriḋ.


ó tárla gur ḃronn a ċuṁaċt diaḋa gaċ éinniḋ atá riaċtanaċ do’n ḃeaṫaiḋ agus do’n diaḋaċt orainn, tré eolas an té do ġlaoḋ tré n‐a ġlóir agus tré n‐a ṡuḃáilce féin sinn;


Ar an aḋḃar seo féin déanaiḋ lán ḃur ndíċill, agus cuiriḋ suḃáilce le n‐ḃur gcreideaṁ;


D’á ḃriġ sin, a ċáirde, ó tá súil leis na neiṫiḃ seo agaiḃ, déanaiḋ gaċ iarraċt ċum go ḃfaiġfiḋe siḃ i síoṫċáin, gan smál, gan loċt ’n‐a ḟiaḋnaise.


D’á ḃriġ sin, a ċáirde, ó’s eol daoiḃ an méid seo roiṁ ré, biḋiḋ ar ḃur n‐aire, ar eagla go scuabfaiḋe siḃ le mearḃall na gcuirpṫeaċ, agus go dtuitfeaḋ siḃ ó n‐ḃur seasṁaċt féin.


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó ḃur gcongḃáil slán ó ṫuisleaḋ, agus ḃur gcur i láṫair a ġlóire gan smál,


Is beannuiġṫe na daoine niġeas a róbaí, ċum go mbéiḋ cead ċum crainn na beaṫaḋ aca, agus go raċaiḋ siad ṫar na geataiḃ isteaċ san gcaṫair.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ