Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Eoin 1:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus is é is gráḋ ann, siuḃal do réir a aiṫeanta. Is í seo an aiṫne, mar ċualaḃar ó ṫús, gur dual daoiḃ siuḃal d’á réir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus a sé so an gráḋ, eaḋon sinn do ṡiúḃal do réir a aiṫeantasan. A sé so a náiṫne, Do réir, mar do ċúalaḃair ó ṫosuiġ, ċum ḃeiṫ ḋíḃ ag siúḃal innte.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Eoin 1:6
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Má tá gráḋ agaiḃ dom, coiṁéadfaiḋ siḃ m’aiṫeanta.


An té go ḃfuil m’aiṫeanta aige, agus ċóiṁlíonas iad, is é sin an té go ḃfuil gráḋ aige ḋom: agus an té go ḃfuil gráḋ aige ḋaṁ‐sa, béiḋ gráḋ ag an Aṫair ḋó‐san, agus béiḋ gráḋ agam‐sa ḋó, agus foillseoċad mé féin dó.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Má tá gráḋ ag duine ḋom, ċoiṁéadfaiḋ sé mo ḃriaṫar: agus béiḋ gráḋ ag an Aṫair ḋó, agus tiocfaimíd ċuige, agus déanfaimíd cóṁnaiḋe ’n‐a ḟoċair.


Má ċoiṁéadann siḃ m’aiṫeanta, fanfaiḋ siḃ im’ ġráḋ; fá mar ċoiṁéadas‐sa aiṫeanta m’Aṫar, agus go ḃfanaim ’n‐a ġráḋ.


Is siḃ‐se mo ċáirde má ġníonn siḃ a n‐órduiġim daoiḃ.


Maidir liḃ‐se, an teagasc do ċualaḃar ó ṫús, cóṁnuiġeaḋ sé ionnaiḃ. Má ċóṁnuiġeann an niḋ do ċualaḃar ó ṫús ionnaiḃ, béiḋ siḃ ’n‐ḃur gcóṁnaiḋe san Mac agus san Aṫair mar an gcéadna.


Aċt an té ċoiṁeádas a ḃriaṫar, is ann atá gráḋ Dé críoċnuiġṫe. Is air so aiṫniġmíd go ḃfuilmíd ann:


A ċáirde ionṁaine, ní h‐aon aiṫne nua atá agam d’á scríoḃaḋ ċugaiḃ, aċt sean‐aiṫne do ḃí ó ṫús agaiḃ. Is í an tsean‐aiṫne an briaṫar do ċualaḃar.


agus má tá a ḟios againn go n‐éisteann sé le cibé niḋ iarraimíd air, annsin atá a ḟios againn go ḃfuil na neiṫe d’iarramar air againn.


Óir is é seo gráḋ Dé, sinne do ċoiṁeád a aiṫeanta: agus ní ḟuil a aiṫeanta trom.


Agus impiḋim ort anois, a ḃaintiġearna, ní mar ḃéinn ag scríoḃaḋ aiṫne nuaiḋe ċugat, aċt an aiṫne do ḃí ó ṫús againn, gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ