Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum Timóteuis 4:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Aċt bí‐se staidéarṫa san uile niḋ, fulaing cruaḋtan, déan gnó an tsoiscéalaiḋe, cóiṁlíon dualgas do ṁiniostrálaċta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Giḋeaḋ déunsa faire sna huile neíṫiḃ, fulaing anṡóġ, déin obair ṡoíḃisgeil, taḃair fá deara do ṁiniosdrálaċd do ḃeiṫ dearḃṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum Timóteuis 4:5
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an té fuair na cúig tallanna, d’imṫiġ sé ar ball agus do‐rinne sé ceannaiḋeaċt leo, agus do ġnóṫuiġ sé cúig tallanna eile.


Mar do ḃéaḋ duine ag imṫeaċt i ḃfad ó ḃaile, d’ḟág a ṫeaċ, agus ṫug an cúram d’á ṡeirḃíseaċaiḃ, a ċuid féin de’n obair do gaċ duine aca, agus d’órduiġ do’n dóirseoir faire do ḋéanaṁ.


Agus an niḋ adeirim liḃ‐se, adeirim le cáċ é, Déanaiḋ faire.


Is aoiḃinn do na seirḃíseaċaiḃ sin go ḃfaiġiḋ a dtiġearna iad ag áirdeall nuair ṫiocfas sé: go fírinneaċ adeirim liḃ go gcuirfiḋ sé a ċrios air féin, agus go gcuirfiḋ sé ’n‐a suiḋe ċum biḋ iad, agus go dtiocfaiḋ sé ag déanaṁ freastail orṫa.


Agus d’imṫiġeamar lá ar n‐a ḃáraċ, agus ṫángamar go Céasaria: agus ag dul isteaċ ḋúinn i otiġ Ṗilip soiscéalaiḋe, duine de’n ṁóirṡeisear, d’ḟanamar aige.


tré ḃriġ an Spioraid Naoiṁ; ar ċuma gur ċraoḃscaoileas soiscéal Ċríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus ṫart ’n‐a ṫimċeall ċóṁ fada le h‐Illiricum;


Agus ṫug sé daoine áiriṫe ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐abstalaiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a ḃfáiḋiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a soiscéalaiḋṫiḃ; agus cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐aoḋaraiḃ agus ’n‐a dteagascṫóiriḃ;


ċum na naoiṁ d’ḟoirḃiú, le h‐aġaiḋ gnó na miniostrálaċta, ċum corp Ċríost do ċóiṁ‐ġreamú le ċéile:


is é sin ar son na h‐eaglaise; d’á ndearnaḋ ministir díom, do réir an ċúraim do ċuir Dia orm ar ḃur son, ċum briaṫar Dé do ċóiṁlíonaḋ go h‐iomlán,


Agus abraiḋ le hArċippus, Taḃair aire do’n ṁiniostrálaċt fuairis ó’n Tiġearna, ċum go gcóiṁlíonfair í.


Ná bímís ’n‐ár gcodlaḋ, mar sin, ar nós daoine eile, aċt bímís ag faire, agus bímís ’n‐ár gcéill.


Ná leig d’aon duine beag‐is‐fiú do ḋéanaṁ det’ óige; aċt bí id’ eisiompláir do luċt an ċreidiṁ, i mbriaṫraiḃ béil, i mbéasaiḃ, i ngráḋ, i gcreideaṁ, i ḃfíor‐ġlaine.


Bí ag cleaċtaḋ na neiṫe seo; taḃair lán‐aire ḋóiḃ, ċum go mba léir do’n uile ḋuine an dul ar aġaiḋ atá ḋ’á ḋéanaṁ agat.


D’á ḃriġ sin ná bíoḋ aon náire ort fá ḟiaḋnaise do ṫaḃairt ar son an Tiġearna, ná fúm‐sa, príosúnaċ ar a ṡon: aċt fulaing cruaḋtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cuṁaċta Dé;


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang an uile niḋ ar son na ndaoine atá toġṫa, ċum go ḃfaiġiḋ siad‐san, leis, an slánuġaḋ atá i nÍosa Críost le glóir ṡíorraiḋe.


Fulaing cruaḋtan, mar ḋéanfaḋ saiġdiúir maiṫ Íosa Críost.


Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain.


Biḋiḋ uṁal d’ḃúr dtreoruiġṫiḃ, agus taḃraiḋ ómós dóiḃ: óir bíonn siad ag faire ḃur n‐anmanna, mar ḋaoine go ḃfuil sé de ḋualgas orṫa cunntas do ṫaḃairt: ċum go ndéanfaiḋ siad go lúṫġáireaċ é, agus ní go doilġeasaċ: óir ní ḃéaḋ sin ċum ḃur leasa.


D’á ḃriġ sin, ag teannaḋ ḃur n‐intinne, biḋiḋ stuama, agus bíoḋ ḃur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiuḃarfar daoiḃ le foillsiú Íosa Críost;


Déan faire agus neartuiġ na neiṫe ḟanas, atá i mbaoġal báis: óir ní fuaras t’oibreaċa iomlán i ḃfiaḋnaise mo Ḋé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ