Agus ṫárla, le linn Apollós ḃeiṫ i gCorinnt, go dtáinig Pól go h‐Eiféis, tar a éis dó dul tríd an dúṫaiġ uaċtair, agus fuair sé beagán deisceabal annsin:
Agus do ċuaiḋ ’n‐a ċuideaċtain ċóṁ fada leis an Áise Sópater Ṗirris ó Ḃeréa; agus Aristárċus agus Secundus, Tessalónaiġ; agus Gáius ó Ḋerbé, agus Timóteus; agus Tuċicus agus Trofimus na h‐Áise.
Aċt ċum go mbéiḋ fios mo ġnóṫaí agaiḃ, cionnas mar tá an saoġal agam, innseoċaiḋ Tiċicus, bráṫair ionṁain agus seirḃíseaċ dílis san Tiġearna, innseoċaiḋ seisean gaċ uile niḋ ḋaoiḃ.