Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum Timóteuis 3:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Óir daoine de’n aicme sin is eaḋ iad‐san ṡleaṁnuiġeas isteaċ i dtiġṫiḃ agus árduiġeas leo ċum daor‐ḃroide mná baoṫánta atá fá ualaċ peacaiḋe, d’á luascaḋ ag miantaiḃ de’n uile ṡaġas,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Oir is don druingse an luċd ḃíos ag teultóġ a steaċ a dtiġṫiḃ, agus ḃeireas ríu a mbruid mná simpliḋe líonta do ṗeacaḋ, noċ do ṫreóruiġṫear ré hainṁíanuiḃ éugsaṁla,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum Timóteuis 3:6
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tigiḋ ċugam‐sa, siḃ uile ar a ḃfuil duaḋ agus trom‐ualaċ, agus do‐ḃéarfad fionnḟuaraḋ ḋaoiḃ.


Aċt is mairg daoiḃ‐se, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir dúnann siḃ ríoġaċt na ḃflaiṫeas i n‐éadan na ndaoine: óir ní ṫéiġeann siḃ féin isteaċ, agus ní leigeann siḃ isteaċ iad‐san atá ag iarraiḋ dul isteaċ.


Is mairg daoiḃ‐se, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċraḃaiḋ! óir iṫeann siḃ tiġṫe na mbaintreaḃaċ, ag déanaṁ urnaiġṫe fada ḋaoiḃ: d’á ḃriġ sin is troime‐de an breiṫeaṁnas tiuḃarfar oraiḃ.


Agus do leaṫ a ċlú ar fud tíre na Siṫre ar fad, agus tugaḋ ċuige iad‐san go léir ar a raiḃ easláinte, iad do ḃí cráiḋte le galaraiḃ ilġnéiṫeaċa agus le piantaiḃ, agus go raiḃ deaṁain ionnta, daoine go raiḃ an galar tuitimeaċ agus pairilis orṫa; agus do leiġeas sé iad.


aċt tig cúram an tsaoġail, agus meallaḋ an tsaiḋḃris, agus an‐dúil i neiṫiḃ eile isteaċ ionnta, agus taċtaid‐sean an briaṫar, agus ní ṫugann sé aon toraḋ uaiḋ.


Is eol daoiḃ an tráṫ ’n‐a raḃaḃar ’n‐ḃur bpágánaċaiḃ, gur cuireaḋ siḃ amuġa ar lorg na h‐íoḋal mbalḃ, do réir mar treoruiġeaḋ siḃ.


Aċt an ḃean ċuireas dúil i bpléisiúr, atá sí marḃ, agus í ’n‐a beaṫaiḋ.


Aċt na daoine gur rún leo ḃeiṫ saiḋḃir, tuiteann siad i gcaṫú, agus i ngaiste, agus ’n‐a lán ainṁianta éigciallaiḋe, díoġḃálaċ, ḃáḋas daoine i n‐aiṁleas agus i ndamnú.


go gcaiṫfear a mbéal do ḋúnaḋ; daoine ċuireas teaġlaiġ iomlána bun os cionn, ag múineaḋ neiṫe naċ cóir ar son airgid neaṁ‐ġlain.


Óir do ḃíomar féin diṫ‐céilliḋe tráṫ, easuṁal, ag dul ar fan, fá smaċt ag ainṁiantaiḃ agus ag áineasaiḃ éagsaṁla, ag caiṫeaṁ ár saoġail le droċ‐rún agus le formad, fuaṫṁar agus sinn ag taḃairt fuaṫa d’á ċéile.


Óir, ag laḃairt do mórḋálaċ as baoṫ‐ċainnt dóiḃ, bréagaid le h‐ainṁiantaiḃ na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalóḋ ó’n dream atá ag siuḃal ar mearḃall:


D’á ḃriġ sin, a ċáirde, ó’s eol daoiḃ an méid seo roiṁ ré, biḋiḋ ar ḃur n‐aire, ar eagla go scuabfaiḋe siḃ le mearḃall na gcuirpṫeaċ, agus go dtuitfeaḋ siḃ ó n‐ḃur seasṁaċt féin.


Luċt claṁsáin, luċt cannráin is eaḋ a leiṫéidí, ag siuḃal do réir a n‐ainṁianta féin (agus focail ṁóra, maoiḋteaċa ’n‐a mbéal aca), ag taḃairt ómóis do ḋaoiniḃ le súil go ḃfaiġiḋ siad brabaċ dóiḃ féin.


cionnas mar aduḃradar liḃ, Ins an aimsir ḋeireannaiġ béiḋ luċt magaiḋ ann, ag siuḃal do réir a n‐ainṁianta neiṁ‐ḋiaḋa féin.


Óir atá daoine áiriṫe do ṡleaṁnuiġ isteaċ ós íseal, daoine do réaṁ‐órduiġeaḋ fad ó ċum na daoir‐ḃreiṫe seo, daoine neiṁ‐ḋiaḋa atá ag tionntoḋ grása ár nDé go colnaiḋeaċt, agus atá ag séanaḋ Íosa Críost, ár n‐aon Ṁáiġistir agus ár n‐aon Tiġearna aṁáin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ