Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum Timóteuis 3:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 cruaḋ‐ċroiḋeaċ, bíodánaċ, do‐smaċtuiġṫe, fíoċṁar, gan gráḋ do’n ṁaiṫ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Gan ġráḋ nadúrṫa, luċd droċċoinġill, luċd éiliġe bréugaċa, neíṁmeassarḋa, borb, gan ġráḋ don ṁaiṫ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum Timóteuis 3:3
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do‐ḃéarfaiḋ an dearḃráṫair a ḋearḃráṫair ċum báis, agus an t‐aṫair a ṁac: agus éireoċaiḋ an ċlann i n‐aġaiḋ a n‐aiṫreaċ agus a máiṫreaċ, agus imreoċaid bás orṫa.


Annsin do ṫreoruiġ an Spiorad Íosa isteaċ sa ḃfásaċ ċum go gcuirfeaḋ an diaḃal caṫú air.


An té éisteas liḃse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daoiḃ, is daṁ‐sa ḋiúltuiġeas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daṁ‐sa, diúltuiġeann sé do’n té do ċuir uaiḋ mé.


Agus do ḃí na Fairisíniġ, dream do ḃí tugṫa do’n tsainnt, do ḃí siad ag éisteaċt leis na neiṫiḃ sin uile; agus do‐rinneadar magaḋ faoi.


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Nár ṫoġas‐sa siḃ‐se, dáréag, agus duine agaiḃ ’n‐a ḋiaḃal?


do líonaḋ iad d’olcas, de ċuirpṫeaċt, de ṡainnt, de ṁailís; do ḃíodar lán d’ḟormad, de ḋúnṁarḃaḋ, d’aċrann, de ċeilg, de ḋroċ‐rún;


daoine gan tuigsin, neaṁċoinġeallaċ, gan croiḋe nádúrṫa, míoṫrócaireaċ:


Ná h‐eitiġiḋ a ċéile, munab de ṫoil a ċéile é ar feaḋ tamaill, ċum go gcromfaiḋ siḃ ar urnaiġe, agus annsin tagaiḋ le ċéile arís, ar eagla go gcuirfeaḋ Sátan caṫú oraiḃ mar ġeall ar neaṁ‐ġeamnaiḋeaċt.


Aċt muna féidir leo smaċt do ċongḃáil orṫa féin, pósaidís; mar is fearr pósaḋ ’ná ḃeiṫ ar lasaḋ.


D’á ḃriġ sin, cibé ḋiúltuiġeas é seo, ní h‐é an duine ḋiúltuiġeas se, áċt Dia do‐ḃeir a Spiorad Naoṁ ḋaoiḃ.


Agus ar an gcuma ċéadna, ní foláir do na mnáiḃ ḃeiṫ stuamḋa, gan ḃeiṫ bíodánaċ, aċt ḃeiṫ macánta, dílis san uile niḋ.


aċt ḃeiṫ fáilteaċ, ’n‐a ċaraid do’n ṁaiṫ, ḃeiṫ ’n‐a ḋuine staidéarṫa, ionnraic, naoṁṫa, cneasta;


go mba ceart do na mnáiḃ aosta, leis, ḃeiṫ urramaċ ’n‐a n‐iomċar, gan ḃeiṫ bíodánaċ, gan an‐dúil ḃeiṫ aca san ḃfíon, ḃeiṫ ag taḃairt teagaisc ṁaiṫ;


Aċt is aṁlaiḋ ṫugaḃar easonóir do’n duine boċt. Naċ iad na daoine saiḋḃre do‐gní leaṫtrom oraiḃ, agus naċ iad féin ṫarraingeas isteaċ i dtiġ na cúirte siḃ?


Atá súile lán d’aḋaltrannas aca, súile naċ scurann de’n ṗeacaḋ; ag meallaḋ na n‐anmann neaṁ‐ṡeasṁaċ; agus atá a gcroiḋeaċa cleaċta ar an sainnt;


ag geallaṁain saoirse ḋóiḃ, agus iad féin fá ḋaor‐smaċt truailleaċta, óir bíonn gaċ duine fá ḋaoirse ag an niḋ fuair an ḃuaiḋ air.


agus a ḟios agaiḃ ar dtús go dtiocfaiḋ luċt magaiḋ le sgige ins na laeṫiḃ deireannaċa, ag leanaṁain d’á n‐ainṁiantaiḃ féin,


Luċt claṁsáin, luċt cannráin is eaḋ a leiṫéidí, ag siuḃal do réir a n‐ainṁianta féin (agus focail ṁóra, maoiḋteaċa ’n‐a mbéal aca), ag taḃairt ómóis do ḋaoiniḃ le súil go ḃfaiġiḋ siad brabaċ dóiḃ féin.


cionnas mar aduḃradar liḃ, Ins an aimsir ḋeireannaiġ béiḋ luċt magaiḋ ann, ag siuḃal do réir a n‐ainṁianta neiṁ‐ḋiaḋa féin.


Agus tugaḋ de ċuṁaċt dó anál do ṫaḃairt d’íoṁáiġ an ainṁiḋe, ċum go laḃarfaḋ íoṁáiġ an ainṁiḋe, agus ċum go ndéanfaḋ sé an méid daoine naċ dtiuḃraḋ aḋraḋ do’n ainṁiḋe do ċur ċum báis.


agus gan cumas ḃeiṫ ag aon duine rud do ċeannaċ ná do ḋíol, aċt ag an té aṁáin ar a mbéaḋ marc, nó uiṁir an ainṁiḋe.


óir do ḋoirteadar‐san fuil na naoṁ agus na ḃfáiḋ, agus ṫugais‐se fuil le n’ól dóiḃ, mar ḃí sé tuillte aca.


Agus do ċonnacas an ḃean ar meisce le fuil na naoṁ, agus le fuil mairtíreaċ Íosa. Agus ag aṁarc dom uirṫi, ṫáinig árd‐iongnaḋ orm.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ