Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum Timóteuis 3:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Óir béiḋ na daoine leiṫleasaċ, sanntaċ, maoiḋteaċ mórtasaċ, masluiġṫeaċ, easuṁal d’aiṫreaċaiḃ agus do ṁáiṫreaċaiḃ, díombuiḋeaċ, mí‐naoṁṫa, gan gráḋ nádúrṫa,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Oír béid dáoine róċeanaṁuil orrṫa féin, sanntaċ, aiḋḃéil, díomsaċ, íṫiomráiteaċ, easúṁal dá naiṫriḃ agus dá máiṫriḃ, dómbuiḋeaċ, neaṁnáoṁṫa,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum Timóteuis 3:2
43 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

ní onóróċaiḋ seisean a aṫair. Agus atá aiṫne Dé curṫa ar neaṁ‐niḋ agaiḃ ar son ḃúr sean‐ġnás.


Agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire, agus seaċnaiḋ siḃ féin ar an tsainnt: óir ní i ḃflúirse a ḃfuil aige atá beaṫa an duine.


Agus do ḃí na Fairisíniġ, dream do ḃí tugṫa do’n tsainnt, do ḃí siad ag éisteaċt leis na neiṫiḃ sin uile; agus do‐rinneadar magaḋ faoi.


Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.


Óir tamall roiṁe seo d’éiriġ Teúdás, g‐á ċur i gcéill gur duine mór é féin; agus do ċlaoiḋ scata daoine, timċeall ceiṫre céad díoḃ leis: do marḃaḋ é; agus do scaipeaḋ iad‐san do lean é, agus ní ṫáinig éinniḋ d’á ḃárr.


ná déan maoiḋṁeaċas i n‐aġaiḋ na ngéag. Aċt má ġníonn tú maoiḋṁeaċas, ní tusa atá mar ṫaca leis an ḃfréiṁ, aċt is í an ḟréaṁ atá mar ṫaca leat‐sa.


agus go ḃfuair seisean bás ar son an uile ḋuine; ċum naċ mairfeaḋ siad‐san atá beo ḋóiḃ féin as sin amaċ, aċt do’n té fuair bás agus d’aiséiriġ ar a son.


Óir ní h‐iad gnóṫaí Íosa Críost, aċt a ngnóṫaí féin, is cúram leo uile.


Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í;


agus noċtaḋ fir an ṗeacaiḋ, an mac mallaċtan árduiġeas é féin os cionn gaċ a dtugtar Dia mar ainm air, nó go ndéantar aḋraḋ ḋó; ar ṁoḋ go suiḋeann sé i dteampall Dé, g‐á ċur i gcéill gur Dia é féin.


Daoine ḋíoḃ‐san is eaḋ Hímenaeus agus Alecsander, daoine do scaoileas le Sátan, ċum go múinfiḋe ḋaoiḃ gan dia‐ṁaslaḋ do laḃairt.


agus má ṫuigeann sé naċ do’n duine fíréan do cumaḋ an dliġe, aċt do ḋaoiniḃ míriaġalta, easuṁla, do ḋaoiniḃ neaṁ‐ḋiaḋa agus do ṗeacaċaiḃ, do ḋaoiniḃ mí‐naoṁṫa, masluiġṫeaċa, do luċt marḃṫa aiṫreaċ agus máiṫreaċ, do ḋún‐ṁarḃṫóiriḃ,


gan ḃeiṫ tugṫa do’n ḟíon, gan ḃeiṫ bruiġeantaċ;


Óir fréaṁ an uile ṡaġais uile is eaḋ gráḋ an airgid, agus g‐á ṡanntú do ḋaoiniḃ áiriṫe, do ċuadar ar fán ó’n gcreideaṁ, agus is iomḋa arraing le n‐ar ṫolladar iad féin.


atá sé lán d’uaḃar, ní ḟuil aon eolas aige; aċt atá sé ar mearḃall fá ċeisteannaiḃ, agus fá ḟoclaiḃ aċrannaċa, ó n‐a ḃfásann formad, aiġneas, masla, droċ‐aṁras,


béiḋ siad ’n‐a ḃfealltóiriḃ, béiḋ siad ceanndána, lán d’uaḃar, gur mó a ndúil i bpléisiúr ’ná i nDia;


Aċt má ċóiṁlíonann siḃ an dliġe ríoġḋa do réir na scrioptúra, Gráḋóċair do ċóṁarsa mar ṫú féin, atá siḃ ag déanaṁ go maiṫ:


Aċt anois do‐ġní siḃ mórḋáil ’n‐ḃur smaointiḃ uaiḃreaċa: droċ‐niḋ is eaḋ maoiḋṁeaċas d’á leiṫéid sin.


Aċt is móide do‐ḃeir sé grása: uime sin adeir se, Cuireann Dia i gcoinniḃ na n‐uaiḃreaċ, aċt do‐ḃeir sé grása do na h‐uṁlaiḃ.


Ar an gcuma ċéadna, cuireaḋ an t‐aos óg iad féin fá ċeannas na seanóir. Bíoḋ an uṁlaċt mar ċlúdaċ oraiḃ, óir cuireann Dia i n‐aġaiḋ na n‐uaiḃreaċ, aċt do‐ḃeir sé grása do na h‐uṁlaiḃ.


iad‐san go mór‐ṁór ċleaċtas droċ‐ṁianta na colna, le h‐andúil i neaṁ‐ġlaine, agus do‐ḃeir droċ‐ṁeas ar sṁaċt. Daoine ceanndána, antoileaċa, ní h‐eagal leo masla do ṫaḃairt do’n tsluaġ glórṁar:


Aċt scriosfar iad ’n‐a dtruailliú féin mar ainṁiḋṫe brúideaṁla do réir dúṫċais, do ċruṫuiġeaḋ ċum ḃeiṫ gaḃṫa agus scriosta, ag laḃairt dóiḃ go masluiġṫeaċ ar neiṫiḃ naċ dtuigid,


Óir, ag laḃairt do mórḋálaċ as baoṫ‐ċainnt dóiḃ, bréagaid le h‐ainṁiantaiḃ na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalóḋ ó’n dream atá ag siuḃal ar mearḃall:


Agus le sainnt déanfaiḋ siad aḋḃar ceannaiḋeaċta ḋíḃ le briaṫraiḃ mealltaċa: dream go ḃfuil a mbreiṫeaṁnas le tamall fada anois ag teannaḋ leo, agus naċ ḃfuil a scrios ag fanaṁain fá ṡuan.


Luċt claṁsáin, luċt cannráin is eaḋ a leiṫéidí, ag siuḃal do réir a n‐ainṁianta féin (agus focail ṁóra, maoiḋteaċa ’n‐a mbéal aca), ag taḃairt ómóis do ḋaoiniḃ le súil go ḃfaiġiḋ siad brabaċ dóiḃ féin.


Agus do ṡeasuiġ sé ar ġaineaṁ na mara. Agus do ċonnacas ainṁiḋe ag teaċt aníos as an ḃfairrge, deiċ n‐aḋarca aige agus seaċt gcinn, agus deiċ gcoróineaċa ar a aḋarcaiḃ, agus ainmneaċa dia‐ṁaslaiḋ ar a ċeannaiḃ.


agus do ṁasluiġeadar Dia neiṁe mar ġeall ar a bpiantaiḃ agus ar a neascóidiḃ: agus ní ḋearnadar aiṫriġe ’n‐a míġníoṁarṫaiḃ.


Agus do ṫuit cloiċ‐ṡneaċta mór, ċóṁ trom le talainn, anuas ó’n spéir ar na daoiniḃ: agus do ṁasluiġ na daoine Dia mar ġeall ar ṗláiġ an ċloiċ‐ṡneaċta; óir do ḃí an ṗláiġ sin an‐ṁór.


Agus do ḃí na daoine d’á loscaḋ le dian‐teas mór, agus do ṁasluiġeadar ainm an Dé go raiḃ smaċt ar na pláiġeannaiḃ seo aige; agus ní ḋearnadar aiṫriġe ċum glóir do ṫaḃairt dó.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ