Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum Timóteuis 3:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Is ó Ḋia ṫáinig gaċ scrioptúir, agus atá sí fóġantaċ ċum teagaisc, ċum spreagṫa, ċum ceartuiġṫe, ċum foirċeadail i ḃfíréantaċt:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Is ó Sbioruid Dé ṫáinic an sgriobtúir uile, agus is tarḃaċ é ċum teaguisg, ċum spreagṫa, ċum ceartuiġṫe, ċum foirceaduil na fíréuntaċda:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum Timóteuis 3:16
43 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃairt seisean leo, D’á ḃriġ sin, gaċ scríoḃaiḋe atá ’n‐a ḋeisceabal do ríoġaċt na ḃflaiṫeas, is cosṁail é le fear tiġe, do‐ḃeir amaċ as a ċiste neiṫe nua agus neiṫe seanda.


Aduḃairt Íosa leo, Nár léiġeaḃar riaṁ ins na scrioptúiriḃ, An ċloċ d’ár ḋiúltuiġ na saoir, Atá cloċ ċinn ċúinne déanta ḋí: Is ó’n Tiġearna ṫáinig sí, Agus is iongnantaċ é ’n‐ár súiliḃ.


Aduḃradar‐san leis, Mac Ḋáiḃi. Aduḃairt seisean leo, Má’s eaḋ, cionnas ġoireas Dáiḃi, tríd an Spiorad, Tiġearna ḋe, mar a n‐abrann sé,


Aċt cionnas do cóiṁlíonfaiḋe mar sin na scrioptúirí adeir gur mar seo caiṫfear a ḃeiṫ?


Aċt ṫáinig an méid seo ċum críċe ionnas go gcóiṁlíonfaiḋe scrioptúirí na ḃfáiḋ. Annsin do ṫréig na deisceaḃail go léis é, agus do ṫeiċeadar.


Aduḃairt Íosa leo, Naċ é an t‐aḋḃar atá ag ḃúr gcur amuġa, gan eolas do ḃeiṫ agaiḃ ar na scrioptúiriḃ, ’ná ar ċuṁaċt Dé?


Adeir Dáiḃi, féin tríd an Spiorad Naoṁ: Aduḃairt an Tiġearna lem’ Ṫiġearna‐sa, Suiḋ ar mo láiṁ ḋeis, Nó go ndéanad stól ded’ náiṁdiḃ fá ḃonn do ċos.


Má duḃairt sé gur déiṫe iad‐san, go dtáinig briaṫar Dé ċuca (agus ní féidir an scrioptúir do ċur ar neaṁ‐niḋ),


Óir gaċ duine ċleaċtas an t‐olc bíonn fuaṫ aige do’n tsolas, agus ní ṫig sé ċum an tsolais, ar eagla go noċtfaiḋe a ġníoṁarṫa.


agus aduḃairt, A ḃráiṫreaċa, ní foláir go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, do ṫairngir an Spiorad Naoṁ tré ḃéal Dáiḃi i dtaoḃ Iúdáis, an té do ṫreoruiġ iad‐san go ġaḃ Íosa.


Do ḃí an fear so oilte i sliġe an Tiġearna; agus ó ḃí díoġrais croiḋe aige, do laḃair agus do ṁúin sé go cruinn i dtaoḃ Íosa, gan ar eolas aige aċt baisteaḋ Eoin:


cionnas nár staonas ó niḋ ar biṫ go raiḃ tairḃe ann, d’innsin daoiḃ, ag taḃairt teagaisc daoiḃ go poibliḋe, agus ó ṫiġ go ṫiġ,


Óir níor staonas ó ċóṁairle Dé go h‐iomlán do noċtaḋ ḋaoiḃ.


Agus nuair nár ḟéadadar teaċt ar aon intinn eadorṫa féin, d’imṫiġeadar, tar a éis do Ṗól focal aṁáin a ráḋ leo, Is maiṫ aduḃairt an Spiorad Naoṁ tré ḃéal Ésáias fáiḋ,


Óir gaċ ar scríoḃaḋ roiṁe seo do scríoḃaḋ iad ċum teagasc do ṫaḃairt dúinn, ionnas go mbéaḋ dóċas againn tré ḟoiġid agus tré ṡólás na scrioptúir.


id’ oide do luċt diṫ‐céilliḋe, id’ ṁúinteoir do leanḃaiḃ, toisc múnla an eolais agus na fírinne ḃeiṫ agat san dliġe;


A lán mór ar gaċ sliġe: i gcéadóir, gur leo‐san do taoḃuiġeaḋ briaṫra Dé.


Agus ní ar a ṡon féin aṁáin do scríoḃaḋ gur h‐áirṁeaḋ sin,


Aċt tugtar foillsiú an Spioraid do gaċ duine ċum tairḃe i gcoitċinne.


Agus an scrioptúir, g‐á ḟeicsin roiṁ ré go ḃfíréanóċaḋ Dia na Cineaḋaiġ tré ċreideaṁ, d’ḟóġair sé an soiscéal roiṁ ré d’Abraċam, g‐á ráḋ, Beannóċar ionnat‐sa na náisiúin uile.


lán d’ḟoiḋne, ag ceartú na ndaoine ċuireas ’n‐a aġaiḋ le ceannsaċt, le súil go dtiuḃrfaiḋe Ḋia ḋóiḃ, am ar biṫ, aiṫriġe do ḋéanaṁ ċum eolas d’ḟáġáil ar an ḃfírinne,


déan an briaṫar do ċraoḃ‐scaoileaḋ; bí go díoġrasaċ i dtráṫ agus i n‐ántráṫ; bí ag spreagaḋ, ag smaċtaḋ, ag gríosaḋ le gaċ ceannsaċt agus le gaċ teagasc;


Anois is é is creideaṁ ann, ḃeiṫ dearḃṫa de na neiṫiḃ go ḃfuiltear ag súil leo, ḃeiṫ cinnte fá neiṫiḃ naċ ḃfeictear.


Uime sin, mar deir an Spiorad Naoṁ, Indiu, má ċluineann siḃ a ġuṫ,


Óir atá briaṫar Dé beo, bríoġṁar, níos géire ’ná aon ċlaiḋeaṁ ḋá ḟaoḃar. Téiġeann sé isteaċ idir an anam agus an spiorad, idir na h‐ailt, agus an smior, agus scrúduiġeann sé smaointe agus meon an ċroiḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ