Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum Timóteuis 3:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 agus ó ḃís id’ leanḃ go raiḃ eolas agat ar na naoiṁ‐scrioptúiriḃ ḟéadas ṫú do ḋéanaṁ eolgaċ ċum slánuiġṫe tré ċreideaṁ i nÍosa Críost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus ó ḃí tú ad leanaḃ go raiḃ eólas na sgrioptúr náoṁṫa agad, lér féidir do ḋéunaṁ éagnuiḋe ċum slánaiġṫe trés an gcreideaṁ noċ atá a Niósa Críosd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum Timóteuis 3:15
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt d’ḟreagair Iosa, agus aduḃairt sé leo, Atá siḃ amuġa, de ċionn naċ ḃfuil eolas agaiḃ ar na scrioptúiriḃ, ’ná ar ċuṁaċt Dé.


Óir béiḋ sé mór i ḃfiaḋnaise an Tiġearna, agus fíon nó deoċ meisneaṁail ní ólfaiḋ sé; agus béiḋ sé lán de’n Spiorad Naoṁ ó ḃroinn a ṁáṫar.


Agus d’ḟás an leanḃ, agus do neartuiġ sé, agus do ḃí sé lán d’eagna: agus do ḃí grás Dé air.


Agus ag tosnú ḋó le Maois agus leis na fáiḋiḃ, do ṁíniġ sé ḋóiḃ gaċ a raiḃ ins na scrioptúiriḃ ’n‐a ṫaoḃ féin.


Agus aduḃradar le ċéile, Naċ raiḃ ár gcroiḋeaċa ar lasaḋ ionnainn nuair do ḃí sé ag cainnt linn ar an mbóṫar, agus é ag míniú briġe na scrioptúir dúinn?


Annsin d’ḟoscail sé a h‐inntinn dóiḃ, ċum go dtuigfidís na scrioptúirí;


Aċt muna gcreideann siḃ a scríḃinní‐sean, cionnas ċreidfiḋ siḃ mo ḃriaṫra‐sa?


Is dó‐san do‐ḃeir na fáiḋe go léir fiaḋnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gaċ éinneaċ ċreideas ann do‐ġeoḃaiḋ sé maiṫeaṁnas na bpeacaḋ.


Agus nuair do ḃí gaċ niḋ do scríoḃaḋ ’n‐a ṫaoḃ cóiṁlíonta aca, do ṫógadar anuas é de’n ċroiċ, agus do ċuireadar i dtuama é.


Agus ṫáinig sé go Derbé agus go Listra, leis: agus féaċ, do ḃí deisceabal annsin, darḃ ainm Timóteus, mac mná Iúdaiġe go raiḃ an creideaṁ aici; aċt ba Ġréagaċ a aṫair.


agus do ċuaiḋ Pól isteaċ ċuca, mar ba ġnáṫ leis, agus ar feaḋ trí lá sabóide, do ḃí sé ag diospóireaċt leo as na scrioptúiriḃ,


Agus nuair do ḃí sé g‐á ċosaint féin ar an gcuma sin, aduḃairt Féstus de ġuṫ árd, A Ṗóil, ar buile atáir; atá do léiġeann mór ’gad’ ċur as do ṁeaḃair.


do ġeall sé roiṁ ré tré n‐a ḟáiḋiḃ ins na scrioptúiriḃ naoṁṫa,


aċt atá d’á noċtaḋ anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile ċineaḋ tré scrioptúiriḃ na ḃfáiḋ, do réir aiṫne an Dé ṡíorraiḋe, ċum go mbéidís uṁal do’n ċreideaṁ;


agus an té atá neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa do réir nádúire, má ċoiṁeádann sé an dliġe, naċ dtiuḃraiḋ sé breiṫeaṁnas ort‐sa ḃriseas an dliġe, agus scriḃinn an dliġe agus an timċeall‐ġearrṫa agat?


Óir ó ṫárla, tré eagna Dé, nár aiṫniġ an saoġal Dia de ċionn a eagnaiḋeaċta, ba toil le Dia na daoine ċreideas do ṡlánú tré ḋíṫ‐céille na teaċtaireaċta.


Agus, a aiṫreaċa, ná brostuiġiḋ ḃur gclann: aċt tógaiḋ do réir teagaisc agus deaġ‐ċóṁairle an Tiġearna iad.


Go dtí go dtagad‐sa, taḃair aire do’n léiġṫeoireaċt, do’n ġríosaḋ, do’n teagasc.


Pól, abstal Íosa Críost, tré ṫoil Dé, do réir geallaṁna na beaṫaḋ atá i nÍosa Críost,


ag cuiṁneaṁ ḋom ar an gcreideaṁ gan cluain atá ionnat, creideaṁ do ḃí ar dtús id’ ṡean‐ṁáṫair Lóis, agus id’ ṁáṫair Eúnice; agus atá, mar táim cinnte ḋe, ionnat‐sa, leis.


mar scríoḃann sé, leis, ’n‐a eipistiliḃ uile; ’n‐a ḃfuil neiṫe gur deacair a dtuigsin, go gclaonann daoine gan foġlaim, gan seasṁaċt a gciall, mar ċlaonann siad ciall na scrioptúir eile, ċóṁ maiṫ, ċum a n‐aiṁleasa féin.


Agus do ṫuiteas síos ag a ċosaiḃ ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ ḋó; aċt aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca: déan aḋraḋ do Ḋia, óir is í fiaḋnaise Íosa spiorad na tarngaireaċta.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ