Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum Timóteuis 3:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Aċt éireoċaiḋ droċ‐ḋaoine agus mealltóirí níos measa agus níos measa, ag meallaḋ agus d’á meallaḋ féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Aċd na droċḋáoine agus na mealltóiriġe raċuid air a naġuiḋ sa nolc, ag meallaḋ, agur ar na meallaḋ ḋóiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum Timóteuis 3:13
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

fá onóir agus fá easonóir, fá ḋeaġ‐ċlú agus fá mí‐ċlú; mar ṁealltóirí,


Aċt adeir an Spiorad go soiléir go dtréigfiḋ cuid de na daoiniḃ an creideaṁ ins na h‐aimsearaiḃ deireannaċa, ag taḃairt aire do spioraidiḃ mealltaċa agus do ṫeagascaiḃ deaṁan,


Agus fá mar ċuir Iannes agus Iambrés i n‐aġaiḋ Ṁaoise, mar sin is eaḋ atá na fir sin ag cur i n‐aġaiḋ na fírinne; fir go ḃfuil a n‐aigne truailliġṫe, agus iad ar mearḃall i dtaoḃ an ċreidiṁ.


Óir do ḃíomar féin diṫ‐céilliḋe tráṫ, easuṁal, ag dul ar fan, fá smaċt ag ainṁiantaiḃ agus ag áineasaiḃ éagsaṁla, ag caiṫeaṁ ár saoġail le droċ‐rún agus le formad, fuaṫṁar agus sinn ag taḃairt fuaṫa d’á ċéile.


Óir, tar a éis dóiḃ teaċt saor ó ṫruailliú an tsaoġail tré eolas an Tiġearna, agus an tSlánuiġṫeora Íosa Críost, má greamuiġtear iad ann arís agus má buaiḋtear orṫa, is measa a staid deiriḋ ’ná a gcéad staid.


agus a ḟios agaiḃ ar dtús go dtiocfaiḋ luċt magaiḋ le sgige ins na laeṫiḃ deireannaċa, ag leanaṁain d’á n‐ainṁiantaiḃ féin,


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Agus meallann sé luċt áitreaḃa na talṁan leis na miorḃailtiḃ tugaḋ le déanaṁ ḋó i ḃfiaḋnaise an ainṁiḋe, g‐á ráḋ le luċt áitreaḃa na talṁan íoṁáiġ do ḋéanaṁ do’n ainṁiḋe fuair an ġoin ó’n gclaiḋeaṁ, agus do ṁair beo.


agus ní ḃéiḋ solas lampa ag soillsiú ionnat arís go deoiḋ; agus ní cluinfear guṫ an ḟir nua‐ṗósta, ná guṫ mná nua‐ṗósta ionnat arís go deoiḋ: óir ba iad daoine móra na talṁan do ċeannaiḋṫe; agus is led’ ḋraoiḋeaċt do meallaḋ na ciniḋeaċa go léir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ