Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum Timóteuis 3:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Aċt do leanais‐se dem’ ṫeagasc, dem’ ḋeaġ‐iomċar, dem’ ċuspóir, dem’ ċreideaṁ, de’m ḟoiġid, dem’ ġráḋ, dem’ ṡeasṁaċt, dem’ ġéirleanaṁnaiḃ, dem’ anacraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Aċd do lean tusa mo ṫeagusga, réim mo ḃeaṫa, mo rún, mo ċreideaṁ, mo ċeannsaċd, mo ġráḋ, agus mfoiġid,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum Timóteuis 3:10
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

do ṁeasas féin, tar a éis dom gaċ uile niḋ do ḃreaṫnú go cruinn ó ṫosaċ, go mba ḋual daṁ‐sa iad do scríoḃaḋ i n‐eagar duit‐se, a Ṫéofiluis uasail;


agus nuair ṫáinig seisean, agus nuair do ċonnaic sé grása Dé, ḃí áṫas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoiḋfidís le díoġrais croiḋe do’n Tiġearna:


Agus do leanadar go seasaṁaċ de ṫeagasc na n‐abstal, agus de’n ċaradas bráṫarḋa, de ḃriseaḋ an aráin, agus de na h‐urnaiġṫiḃ.


Agus nuair ṫáinig siad ċuige, aduḃairt sé leo, Atá a ḟios agaiḃ féin cionnas mar ċaiṫeas mo ṡaoġal ’n‐ḃúr measc i riṫ an ama, ó’n gcéad lá ’n‐ar ċuireas cos ar ṫalaṁ na h‐Áise,


Atá aiṫne ag na h‐Iúdaċaiḃ ar an saoġal do ċaiṫeas óm’ óige, gur i lár mo ċiniḋ féin ó ṫosaċ, agus i nIarúsalem, do ċaiṫeas é.


Anois, a ḃráiṫre, impiḋim oraiḃ ḃeiṫ ar ḃur gcosaint ar an dream do‐ġní siosmaí agus scannail i n‐aġaiḋ an teagaisc atá foġlamṫa agaiḃ; agus druidiḋ uaṫa.


Nuair do ḃíos ar an intinn sin, an raḃas corraċ? nó an ċóṁairle ar a gcinnim, an do réir na colna ċinnim uirṫi, ar ṁoḋ go mbeaḋ an ’seaḋ agus an ní h‐eaḋ im’ ḃéal agam i n‐éinḟeaċt.


ċum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas naċ mbéidmíd feasta ’n‐ár leanḃaiḃ, d’ár luascaḋ siar, aniar, d’ár scuabaḋ ċum siuḃail ag gaċ gaoiṫ teagaisc, ag cleasaiḋeaċt luċt ceilge, ag a gclisteaċt ċum mealltóireaċta:


Óir ní ḟuil duine agam atá ar aon intinn leisean, fear ċuireas dúil ó ċroiḋe ’n‐ḃur leas.


Aċt atá a ḟios agaiḃ cionnas ċruṫuiġ sé, gur ṡaoṫruiġ sé mar aon liom‐sa i ngnó an tsoiscéil, mar ḋéanfaḋ mac i n‐éinḟeaċt le n‐a aṫair.


óir ní i mbriaṫraiḃ béil aṁáin ṫáinig ár soiscéal ċugaiḃ, aċt i gcuṁaċt, ċóṁ maiṫ, agus san Spiorad Naoṁ, agus i lán‐dearḃṫaċt; mar is eol daoiḃ cionnas do ḃíomar liḃ mar ṁaiṫe liḃ féin, agus sinn ’n‐ḃur measc.


D’impiḋeas ort fanaṁain i nEiféis, agus mé ag imṫeaċt fá ḋéin na Maiceadóine, ċum fógraḋ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ áiriṫe gan aṫrú teagaisc do ṁúineaḋ,


Má ċuireann tú na neiṫe seo i gcuiṁin do na bráiṫriḃ, béiḋir id’ ṡeirḃíseaċ maiṫ d’Íosa Críost, oilte as briaṫraiḃ an ċreidiṁ agus as an deaġ‐ṫeagasc d’ár leanais go dtí anois.


Aċt, a ḋuine le Dia, seaċain‐se na neiṫe sin; agus lean de’n ḟíréantaċt, de’n diaḋaċt, de’n ġráḋ, de’n ḟoiḋne, de’n ċeannsaċt.


Aċt seaċain ainṁianta na h‐óige, agus lean de’n ḟíréantaċt, de’n ċreideaṁ, de’n ġráḋ, de’n tsíoṫċáin, i n‐éinḟeaċt leis na daoiniḃ ġlaoḋas ar an Tiġearna as croiḋe úr‐ġlan.


déan an briaṫar do ċraoḃ‐scaoileaḋ; bí go díoġrasaċ i dtráṫ agus i n‐ántráṫ; bí ag spreagaḋ, ag smaċtaḋ, ag gríosaḋ le gaċ ceannsaċt agus le gaċ teagasc;


Óir tiocfaiḋ an t‐am naċ seasfaiḋ siad deaġ‐ṫeagasc; aċt le tocas ’n‐a gcluasaiḃ, cruinneoċaiḋ siad ċuca féin luċt teagaisc do réir a n‐ainṁianta féin:


Do ṫroideas an cóṁrac maiṫ, do ṡroiċeas ceann cúrsa, do ċoiṁeádas an creideaṁ;


dod’ ṫaisbeáint féin ar gaċ sliġe mar ṡompla i dtaoḃ deaġ‐ġníoṁarṫa; ag taḃairt teagaisc ġlain, ċéilliḋe, briaṫar folláin naċ féidir loċt d’ḟáġáil air;


Ná biḋiḋ d’ḃur ḃfuadaċ ag teagascaiḃ éagsaṁla, aisteaċa; óir is maiṫ go gcoṫóċaiḋe an croiḋe le grása, ní le biaḋaiḃ do ḃí gan tairḃe ariaṁ do na daoiniḃ do ġnáṫuiġ iad.


Ó ṫárla go ḃfuil sé i ndán do na neiṫiḃ seo go léir dul i n‐éag, cionnas mar ba ċeart daoiḃ‐se ḃeiṫ mar ḋaoine do réir deaġ‐iomċair agus diaḋaċta,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ