Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum Timóteuis 2:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 go ḃfuilim ag fulang ar a ṡon i gcuiḃreaċaiḃ aṁail cuirpṫeoir, aċt ní ḟuil briaṫar Dé fá ċuiḃreaċaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Ar son a ḃfuilim ag fúlang uilc, go géiḃeannuiḃ, mar ḟear droċgníoṁa; giḋeaḋ ní ḃfuil bríaṫar Dé ceanguilte.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum Timóteuis 2:9
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí beirt eile, cuirpṫiġ, do seolaḋ i n‐éinḟeaċt leis ċum go gcuirfiḋe ċum báis iad.


Annsin do ḋruid an t‐árdċaiptín i n‐aice leis, agus rug sé air, agus d’órduiġ sé a ċeangail le ḋá ṡlaḃraḋ; agus d’ḟiafruiġ sé cia arḃ é, agus créad do ḃí déanta aige.


ag craoḃscaoileaḋ ríoġaċta Dé, agus ag múineaḋ le dánaċt na neiṫe ḃaineas leis an Tiġearna Íosa Críost, gan aon duine ag cur coisc leis.


óir taisbeánfad‐sa ḋó an ṁéid ṁór atá le fulang aige ar son m’ainme.


Ar an aḋḃar sin, mise Pól, príosúnaċ Íosa Críost ar ḃur son‐sa,


aċt is aṁlaiḋ ḟógras an aicme eile Críost ó ṁian aiġnis, ní le h‐ionnracas é, ag súil le tuilleaḋ anró do ṫaḃairt dom im’ ċuiḃreaċaiḃ.


óir is ceart dom ḃeiṫ ar an intinn sin ’n‐ḃur dtaoḃ uile, de ḃriġ go ḃfuil siḃ im’ ċroiḋe agam, óir im’ ċuiḃreaċaiḃ, agus ag pléiḋe cúise an tsoiscéil dom agus g‐á ḋaingniú, atá siḃ uile rannṗáirteaċ i ngrása liom.


Mo ḃeannaċt uaim‐se Pól, lem’ láiṁ féin. Cuiṁniġiḋ ar mo ċuiḃreaċaiḃ. Grása go raiḃ liḃ.


le breiṫ buiḋeaċais; ag guiḋe orainne ar an am céadna, go ḃfosclóċaiḋ Dia doras do’n ḃriaṫar dúinn, ċum rúindiaṁair Ċríost, go ḃfuilim‐se i gcuiḃreaċaiḃ ar a son, d’innsin;


Óir is uaiḃ‐se do leaṫ briaṫar an Tiġearna go glóraċ, ní h‐é aṁáin san Maiceadóin agus i nAċáia, aċt is aṁlaiḋ do leaṫnuiġ clú ḃur gcreidiṁ i nDia i ngaċ áit; ar ṁoḋ naċ gáḃaḋ ḋúinne laḃairt ’n‐a ṫaoḃ.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, guiḋiḋ orainne, ċum go leaṫaiḋ briaṫar an Tiġearna, agus go nglóiriġtear é, mar tá d’á ḋéanaṁ agaiḃ‐se;


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang na neiṫe seo: aċt ní ḟuil aon náire orm; óir atá a ḟios agam cia ann ar ċreideas, agus atáim cinnte ḋe go ḃfuil ar ċumas dó a ḃfuil curṫa fá n‐a ċúram agam do ċoiṁeád fá ċóṁair an lae úd.


Go dtugaiḋ an Tiġearna trócaire do ṫeaġlaċ Onésiforuis; óir is minic ṫug sé sólás croiḋe ḋom, agus níor nár leis mo ṡlaḃraḋ;


D’á ḃriġ sin ná bíoḋ aon náire ort fá ḟiaḋnaise do ṫaḃairt ar son an Tiġearna, ná fúm‐sa, príosúnaċ ar a ṡon: aċt fulaing cruaḋtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cuṁaċta Dé;


Fulaing cruaḋtan, mar ḋéanfaḋ saiġdiúir maiṫ Íosa Críost.


Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain.


Bíoḋ deaġ‐iomċar macánta i measc na bPágánaċ agaiḃ; ċum, giḋ go laḃrann siad ’n‐ḃur n‐aġaiḋ aṁail mar ḃéaḋ siḃ ’nḃur luċt mí‐ġníṁ, go dtugaiḋ siad fá deara ḃur ngníoṁarṫa maiṫe, agus go dtugaiḋ siad glóir do Ḋia i ló na cuarta.


mar ḋaoine do cuireaḋ uaiḋ ċum díoġaltas d’agairt ar luċt déanta an uilc, agus ċum meisneaċ do ṫaḃairt do luċt na ndeiġ‐ġníoṁ.


aċt a ḋéanaṁ go ciúin, ómósaċ, agus coinsias maiṫ ḃeiṫ agaiḃ; ionnas, nuair laḃartar ’n‐ḃur n‐aġaiḋ, go gcuirfear náire orṫa‐san ṁasluiġeas ḃur ndeaġiomċar i gCríost.


Aċt ná fulaingeaḋ aon duine agaiḃ mar ḋúnṁarḃṫóir, ná mar ġadaiḋe, ná mar ḃiṫeaṁnaċ, ná mar spíodóir i ngnóṫaiḃ daoine eile:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ