Cia h‐é do‐ġní seirḃís saiġdiúra am ar biṫ ar a ċostas féin? Cia h‐é ċuireas fíon‐ġort agus naċ n‐iṫeann d’á ṫoraḋ? Nó cia h‐é ḃeaṫuiġeas tréad agus naċ mblaiseann bainne an tréada?
Agus má’s buaiḋirt dúinn, is ċum ḃur gcóṁḟortaċta agus ḃur slánuiġṫe é; nó má’s cóṁḟorṫaċt dúinn, is ċum ḃur gcóṁḟortaċta é, ag oibriú ionnaiḃ, agus siḃ go foiġdeaċ ag fulang na bpianta céadna ḟulaingmid‐ne:
Fágaim é seo mar ċúram ort, a Ṫimóteuis, a ṁic liom, do réir na dtarngaire do rinneaḋ id’ ṫaoḃ roiṁe seo, ċum go dtroidfiḋ tú an cóṁrac maiṫ d’á mbárr;
D’á ḃriġ sin ná bíoḋ aon náire ort fá ḟiaḋnaise do ṫaḃairt ar son an Tiġearna, ná fúm‐sa, príosúnaċ ar a ṡon: aċt fulaing cruaḋtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cuṁaċta Dé;
Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang an uile niḋ ar son na ndaoine atá toġṫa, ċum go ḃfaiġiḋ siad‐san, leis, an slánuġaḋ atá i nÍosa Críost le glóir ṡíorraiḋe.
Is aoiḃinn do’n té ṡeasuiġeas caṫuiġṫe go foiġdeaċ: óir tar éis a ḟróṁṫa ġeoḃaiḋ sé coróin na beaṫaḋ, atá geallta ag an Tiġearna do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é.