Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum Timóteuis 2:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus ní ceart do ṡeirḃíseaċ an Tiġearna bruiġean do ḃrostú, aċt ḃeiṫ cneasta leis an uile ḋuine, ḃeiṫ ullaṁ ċum teagasc do ṫaḃairt,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Oír ní coir do ṡearḃfoġantuiḋe an Tíġearna ḃeiṫ ceannarraiceaċ; aċd ḃeiṫ ceannsa ris na huile ḋáoiniḃ, réiḋ ċum teaguisg, ag iomċar ré droċḋáoniḃ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum Timóteuis 2:24
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní ḋéanfaiḋ Sé aċrann, ná ní ḋéanfaiḋ sé gáir; Ná ní cluirfear a ġlór ar na sráidiḃ.


Annsin d’éiriġ aiġneas idir na h‐Iúdaiġ, agus aduḃradar, Cionnas is féidir do’n ḟear so a ċuid feola do ṫaḃairt dúinn le n’iṫe?


Agus tar éis aiġnis agus conspóide nár ḃeag do ḃí ag Pól agus ag Barnabas leo‐san, do socruiġeaḋ go raċaḋ Pól agus Barnabas, agus cuid eile aca suas go h‐Iarúsalem ċum na n‐abstal agus na seanóir fá’n scéal seo.


agus do ṗreab cuid de scríoḃaiḋṫiḃ na ḃFairisíneaċ ’n‐a seasaṁ, agus do laḃradar go colgaċ, g‐á ráḋ, Ní ḟaiġmíd‐ne olc ar biṫ san duine seo: agus má laḃair spioraid féin, nó aingeal leis, cad mar ġeall air?


Agus, an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig sé orṫa agus iad ag troid le ċéile, agus b’áil leis síoṫċáin do ḋéanaṁ eadorṫa, g‐á ráḋ, A ḟeara, is bráiṫreaċa siḃ; cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag déanaṁ éagcóra ar a ċéile?


Anois, aṫċuinġim‐se, Pól, ḃíos úiríseal ’n‐ḃur measc, agus mé ’n‐ḃur láṫair, aċt ḃíos an‐dána ’n‐ḃur dtaoḃ agus mé as láṫair, as uċt caoiṁe agus mánlaċta Ċríost, impiḋim oraiḃ,


óir ní de’n ċolainn ár n‐airm troda, aċt atá siad cumasaċ ó Ḋia ċum daingne do leagaḋ;


aċt cruṫaimís gur seirḃísiġ Dé sinn, i ḃfoiġid ṁóir,


Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,


le foiḋne, ag géilleaḋ d’á ċéile i ngráḋ:


Déanaiḋ gaċ niḋ gan ceasnú, gan aiġneas;


gan éinniḋ do ḋéanaṁ tré ṁian conspóide nó baoṫġlóire, aċt le h‐uṁlaċt aigne measaḋ gaċ aoinneaċ gur fearr an duine eile ’ná é féin.


ag foiḋneaṁ le ċéile, agus ag maiṫeaṁ d’á ċéile, má ḃíonn cúis ar biṫ ag aoinneaċ ar ḋuine eile; fá mar ṫug Críost maiṫeaṁnas daoiḃ‐se,


Aċt is aṁlaiḋ do ḃíomar caoin‐ċeannsa ’n‐ḃur measc, mar ḃéaḋ buime ag oileaṁain a clainne féin:


Aċt, a ḋuine le Dia, seaċain‐se na neiṫe sin; agus lean de’n ḟíréantaċt, de’n diaḋaċt, de’n ġráḋ, de’n ḟoiḋne, de’n ċeannsaċt.


Pól, seirḃíseaċ Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidiṁ muinntire toġṫa Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir cráḃaiḃ,


Óir ní foláir do’n easboc ḃeiṫ gan loċt, mar ba ċóir do ṁaor Dé; gan ḃeiṫ ceanndána, gan ḃeiṫ feargaċ, gan ḃeiṫ tugṫa do’n ól, gan ḃeiṫ buailteaċ, ná sanntaċ i n‐airgead neaṁ‐ġlan;


ag greamú de’n ḃriaṫar fírinneaċ atá do réir an teagaisc, ċum go mbéiḋ ar ċumas dó na daoine do ġríosaḋ do réir an teagaisc ḟolláin, agus iad‐san ċuireas ’n‐a aġaiḋ do ḃréagnú.


gan olc do laḃairt i dtaoḃ aon duine, gan ḃeiṫ bruiġeanaċ, ḃeiṫ ceannsa, ag taisbeáint gaċ macántaċta do gaċ uile ḋuine.


Séamas, seirḃíseaċ Dé agus an Tiġearna Íosa Críost, ċum an dá ṫreiḃ ḋéag atá ar deoraiḋeaċt, beaṫa agus sláinte.


Aċt an eagnaiḋeaċt atá ó neaṁ anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síoṫċánta, leis sin, ceannsa, so‐ċóṁairleaċ, gan cealg, gan fimíneaċt.


Bíonn andúil agaiḃ, agus gan niḋ agaiḃ d’á bárr: bíonn siḃ ag marḃaḋ, agus bíonn éada oraiḃ, agus ní ḟéadann siḃ rud d’ḟáġáil: bíonn siḃ ag cóṁrac agus ag troid, agus ní ḃíonn rud agaiḃ, de ṫoisc naċ n‐iarrann siḃ.


I ndeireaḋ scéil, biḋiḋ uile ar aon intinn, aṫtruaġaċ, lán de ġráḋ bráṫarḋa, so‐ċroiḋeaċ, aċt uṁal;


A ċáirde ionṁaine, ó ṫárla go raiḃ fonn mór orm scríoḃaḋ ċugaiḃ i dtaoḃ ár slánuiġṫe ċóṁ‐ċoitċinn, is é do ḃí ’gam’ spreagaḋ a ṁeas go raiḃ sé de ḋualgas orm scríoḃaḋ ċugaiḃ g’á impiḋe oraiḃ an creideaṁ tugaḋ aon uair aṁáin do na naoṁaiḃ do ċosaint go daingean.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ