Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum Timóteuis 2:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Aċt seaċain baoṫġlór neaṁ‐ḋiaḋa; óir raċaiḋ siad níos faide ar aġaiḋ i neaṁ‐ḋiaḋaċt;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Toirmisg ciapáil ḃríaṫar neaṁḋíaġa gan éifeaċd: óir tiucfuiḋ ar a naġuiḋ ċum tuilliḋ neiṁḋiaġaċda.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum Timóteuis 2:16
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ná mealltar siḃ: Truailliġeann droċċ‐uideaċta deaġ‐ḃéasa.


Ní maiṫ é ḃur maoiḋṁeaċas. Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ go dtruailliġeann beagán laiḃín an cnap uile?


agus má ṫuigeann sé naċ do’n duine fíréan do cumaḋ an dliġe, aċt do ḋaoiniḃ míriaġalta, easuṁla, do ḋaoiniḃ neaṁ‐ḋiaḋa agus do ṗeacaċaiḃ, do ḋaoiniḃ mí‐naoṁṫa, masluiġṫeaċa, do luċt marḃṫa aiṫreaċ agus máiṫreaċ, do ḋún‐ṁarḃṫóiriḃ,


Aċt seaċain baoiṫ‐scéalta saoġalta agus faḃla sean‐ḃan.


A Ṫimóteuis, coiṁeád a ḃfuil curṫa mar ċúram ort, ag seaċaint baoṫ‐ċainnte neaṁ‐ḋiaḋa, agus contrárḋaċta an niḋ go dtugtar eolas go bréagaċ air:


Cuir na neiṫe seo i gcuiṁin dóiḃ, g‐á ḟógairt dóiḃ i ḃfiaḋnaise an Tiġearna gan ḃeiṫ ag aiġneas fá ḟoclaiḃ naċ ḃfuil aon tairḃe ionnta, aċt ċuireas amuġa an dream ċluineas iad.


Uime sin, má ċoiṁeádann duine é féin slán uaṫa so, béiḋ sé ’n‐a ṡoiṫeaċ ċum onóra, soiṫeaċ beannuiġṫe, usáideaċ do’n té gur leis é, fóġanta ċum gaċ deaġ‐ġnó.


Aċt éireoċaiḋ droċ‐ḋaoine agus mealltóirí níos measa agus níos measa, ag meallaḋ agus d’á meallaḋ féin.


go gcaiṫfear a mbéal do ḋúnaḋ; daoine ċuireas teaġlaiġ iomlána bun os cionn, ag múineaḋ neiṫe naċ cóir ar son airgid neaṁ‐ġlain.


gan ḃeiṫ ag taḃairt aire d’ḟaḃlaiḃ Iúdaċa agus d’aiṫeantaiḃ daoine ḃeireas a gcúl leis an ḃfírinne.


aċt seaċain baoiṫ‐ċeisteanna, agus geinealaiġ, agus aiġneas, agus conspóidí i dtaoḃ an dliġe; óir atáid gan tairḃe, gan éifeaċt.


ag féaċain ċuige ar eagla go gclisfeaḋ ar aoinneaċ fá ġrása Dé; ar eagla go ḃfásfaḋ aon ḟréaṁ seirḃe do ḃéaḋ mar aḋḃar buaiḋearṫa, agus go dtruailleoċaiḋe mórán d’á ḋeascaiḃ;


Óir, ag laḃairt do mórḋálaċ as baoṫ‐ċainnt dóiḃ, bréagaid le h‐ainṁiantaiḃ na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalóḋ ó’n dream atá ag siuḃal ar mearḃall:


Agus leanfaiḋ mórán a sliġṫe déisteannaċa; agus maslóċar sliġe na fírinne mar ġeall orṫa.


Agus meallann sé luċt áitreaḃa na talṁan leis na miorḃailtiḃ tugaḋ le déanaṁ ḋó i ḃfiaḋnaise an ainṁiḋe, g‐á ráḋ le luċt áitreaḃa na talṁan íoṁáiġ do ḋéanaṁ do’n ainṁiḋe fuair an ġoin ó’n gclaiḋeaṁ, agus do ṁair beo.


Agus do ċonnacas ceann d’á ċeannaiḃ mar ḃéaḋ goin ḃáis air; agus do ḃí an ḃás‐ġoin leiġeasta. Agus do ḃí árd‐iongnaḋ ar an saoġal uile ag dul i ndiaiḋ an ainṁiḋe;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ