Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




2 Chum Timóteuis 2:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Cuir na neiṫe seo i gcuiṁin dóiḃ, g‐á ḟógairt dóiḃ i ḃfiaḋnaise an Tiġearna gan ḃeiṫ ag aiġneas fá ḟoclaiḃ naċ ḃfuil aon tairḃe ionnta, aċt ċuireas amuġa an dream ċluineas iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Cuir na neiṫesi a gcuiṁne ḋóiḃ agus aiṫin díoḃ a ḃfíaḋnuisi an Tíġearna gan ḃeiṫ ag cíapáil a dtimċioll focal gan tairḃe air biṫ, aċd búaiḋreaḋ don druing éisdeas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




2 Chum Timóteuis 2:14
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir cad é a ṫairḃe do ḋuine dá ngnóṫuiġeaḋ sé an doṁan go h‐iomlán, agus a anam do ċailleaṁain? nó cad í an ṁalairt ḋéanfas duine ar a anam féin?


aduḃairt sé, A ḋuine atá lan de gaċ ceilg agus de gaċ feall, a ṁic an diaḃail, a náṁaid gaċ cirt, naċ staonfaiḋ tú ó ṡliġṫiḃ díreaċa an Tiġearna do ċur bun os cionn?


De ḃriġ gur clos dúinn go ndearna daoine áiriṫe do ċuaiḋ amaċ uainn buaḋirt daoiḃ le cainnt, ag cur mío‐ṡuaiṁnis aigne oraiḃ; gan aon órdú d’ḟáġáil uainne:


Glacaiḋ ċugaiḃ an duine atá laig‐ċreidṁeaċ, aċt naċ ċum ḃeiṫ ag breiṫ breiṫe ar ṫuairimiḃ.


ní h‐é gur soiscéal eile é: aċt go ḃfuil dream áiriṫe ann atá ag déanaṁ buaiḋearṫ a ḋaoiḃ, agus gur mian leo soiscéal Ċríost do ċur bun os cionn.


Is é adeirim d’á ḃriġ sin, agus ḟógraim daoiḃ san Tiġearna, gan siuḃal feasta ar nós na gCineaḋaċ,


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, atáimíd g‐á ċur d’impiḋe agus d’aṫċuinġe oraiḃ san Tiġearna Íosa, fá mar d’ḟoġlaim siḃ uainne cionnas ba ċeart daoiḃ siuḃal ċum taiṫneaṁ do ṫaḃairt do Ḋia, fá mar tá siḃ do ḋéanaṁ, dul i ḃfeaḃas níos fearr ’ná ariaṁ.


Órduiġmíd daoiḃ anois, a ḃráiṫre, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, druidim ó gaċ bráṫair atá ag maireaċtain go fallsa, agus naċ do réir an teagaisc fuaradar uainne.


agus gan aire do ṫaḃairt d’ḟaḃlaiḃ, ná do ġeinealaċaiḃ gan ċríoċ, ó n‐a ḃfásann ceisteanna níos mó ’ná riaraḋ gnó Dé san gcreideaṁ.


Atá daoine ann do ṫionntuiġ ó na neiṫiḃ seo, agus do ċuaiḋ amuġa ċum baoṫ‐ċainnte;


Agus déan cleaċtaḋ ar an diaḋaċt: óir is beag an tairḃe atá i n‐aclaiḋeaċt cuirp; aċt atá tairḃe le h‐aġaiḋ an uile niḋ san diaḋaċt, mar tá innti geallaṁain na beaṫaḋ atá ann anois, agus atá le teaċt.


Cuirim mar aṫċuinġe ort i ḃfiaḋnaise Dé, agus Íosa Críost, agus na n‐aingeal toġṫa, na neiṫe seo do ḋéanaṁ gan claoin‐ḃreiṫ, gan faḃar.


Órduiġim duit i ḃfiaḋnaise Dé, do‐ḃeir beaṫa do’n uile niḋ, agus i ḃfiaḋnaise Íosa Críost do rinne adṁáil ṁaiṫ i láṫair Ṗoint Ṗíoláid,


Is ar an aḋḃar sin ċuirim i gcuiṁin duit an taḃartas ó Ḋia atá ionnat tré leagaḋ mo láṁ‐sa, d’aṫḃrostú.


Aċt seaċain baoṫġlór neaṁ‐ḋiaḋa; óir raċaiḋ siad níos faide ar aġaiḋ i neaṁ‐ḋiaḋaċt;


Aċt diúltaiġ do ċeisteannaiḃ diṫ‐céilliḋe, diṫ‐léiġeanta, agus a ḟios agat go mbrostuiġeann siad bruiġean.


Cuirim d’aṫċuinġe ort i ḃfiaḋnaise Dé agus i ḃfiaḋnaise Íosa Críost, ḃéarfas breiṫ ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ, agus i n‐ainm a ṫaisbeánta agus a ríoġaċta;


Cuir i gcuiṁin dóiḃ ḃeiṫ uṁal do riaġlóiriḃ agus do luċt uġdaráis, ḃeiṫ urramaċ, ḃeiṫ ullaṁ ċum gaċ deaġ‐ġnó,


Ná biḋiḋ d’ḃur ḃfuadaċ ag teagascaiḃ éagsaṁla, aisteaċa; óir is maiṫ go gcoṫóċaiḋe an croiḋe le grása, ní le biaḋaiḃ do ḃí gan tairḃe ariaṁ do na daoiniḃ do ġnáṫuiġ iad.


Agus measaim gur ceart dom, a ḟad is táim san mboiṫ seo, ḃeiṫ ag aṫ‐ḃrostú ḃur gcuiṁne:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ